Is iomaí Mary Folan a d’fhág an tír seo le dul go Meiriceá

‘Miss Folan’s Last Wish’  - clár breá raidió a spreag cuimhní faoi m’aintín féin

Is iomaí Mary Folan a d’fhág an tír seo le dul go Meiriceá

Ba bhean í a thuill meas ó gach éinne a raibh aithne acu uirthi, bean a raibh cion ag daoine uirthi chomh maith. Is léir sin ón méid a dúradh faoi Mary Folan (nó Máire Mhicí Ní Chualáin), a rugadh i Móinín na Ruaige in Inis Meáin sa mbliain 1911, ar an gclár faisnéise Miss Folan’s Last Wish a craoladh mar chuid den tsraith ‘The Documentary on One’ ar RTÉ Raidió 1 le gairid.

Ba léir, chomh maith, gurbh bhean dheas lách í Mary Folan nár iarr aird ar bith i rith a saoil.

Duine láidir a bhí inti, dúradh ar an gclár go ndeachaigh sí sna mná rialta agus í sna déaga, ach gur fhág sí nuair a thuig sí nach raibh an glaoch aici, rud nach raibh éasca le déanamh in Éirinn sna 1920idí ná ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin.

Sa mbliain 1929, agus í 18 mbliana d’aois, chuaigh Mary ar imirce go Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bhí an Spealadh Mór nó an Depression ar leic an dorais, ach is cosúil go bhfuair sí fostaíocht sciobtha go maith, mar faoin gcéad lá d’Aibreán 1930, nuair a tógadh daonáireamh sna Stáit Aontaithe, bhí sí ag tabhairt aire do theach mhuintir Duffett agus dá dteaghlach ag 64 Oxford Street in Winchester, Massachusetts, baile atá ocht míle ó thuaidh de Bhoston.

Ba faoin ainm Mary Foley a bhí bean óg Inis Meáin cláraithe faoin tráth úd.

De réir an daonáirimh sin bhí triúr gasúr, idir dhá bhliain agus seacht mbliana d’aois, ag Simeon Lester Duffett agus a bhean Esther. Innealtóir teicstíle a bhí san Uasal Duffett.

Amhail na tithe breátha eile ar Oxford St ag an am, ba theach scoite a raibh slinn adhmaid air agus gairdín ina thimpeall a bhí in uimhir 64 agus ní raibh sé i bhfad tógtha. Tá an teach fós ann; meastar go gcosnódh sé $1.8 milliún é a cheannach sa lá atá inniu ann.

Is cosúil gur tharraing bean Inis Meáin agus muintir Duffett go maith lena chéile, mar deich mbliana níos deireanaí, in Aibreán 1940, nuair a tógadh an chéad daonáireamh eile, bhí Mary Folan/Foley fós ag obair ag 64 Oxford St, Winchester. Ceathrar gasúr a bhí sa gclann faoin am sin agus an duine is óige naoi mbliana.

De réir ar cláraíodh ar fhoirm an daonáirimh, d’oibrigh Mary 60 uair an chloig sa tseachtain. (48 uair an chloig in aghaidh na seachtaine a cuireadh síos d’fhear an tí.)

An tréimhse chéanna, bhí bean óg eile darbh ainm Mary Folan, a rugadh in Éirinn i 1909, ag obair do William agus Helen Carsons sa mbaile céanna agus iad ina gcónaí ag 6 Bruce Road, Winchester. Ní raibh aon mhuirín ar na Carsons.

Ba dhlíodóir a bhí i William Carsons agus thuill sé $5,000 in 1939, de réir daonáireamh 1940. Níor tugadh figiúr ar bith dár thuill an Mary Folan sin ná na huaireanta a d’oibrigh sí.

De réir na ndaonáireamh agus cáipéisí eile, is iomaí Mary Folan a d’fhág an tír seo sa 19ú haois is sa 20ú haois le dul go Meiriceá.

Bhí aint liom féin, a rugadh sa Spidéal i 1910, ar dhuine acu. Ní raibh sí ach 17 mbliana d’aois nuair a d’fhág sí an baile I 1927 ar long as Gaillimh, dhá bhliain roimh Mháire Mhicí Ní Chualáin. De réir na dtaifead, ba uncail léi a bhí ag fanacht uirthi nuair a tháinig sí i dtír in Ellis Island, Nua-Eabhrac. Obair den chineál céanna a fuair m’aint is a fuair cailín Inis Meáin.

De réir daonáireamh 1930, bhí sí fostaithe ag muintir Silesky le haire a thabhairt dá dteach agus dá mbeirt pháistí ag 66 Lakeview Avenue in Baltimore, Maryland. Ba sa Phrúis a rugadh Bernard Silesky agus ba de bhunadh na hOstaire a bhean Rosalie.

Níl m’aint luaite i sonraí daonáirimh 1940. Sin toisc gur tháinig sí abhaile ar saoire i 1939 sular thosaigh an Dara Cogadh Domhanda agus d’fhan sí in Éirinn go dtí go raibh an cogadh thart.

I ndiaidh di filleadh ar na Stáit Aontaithe, phós m’aint fear de bhunadh na Gearmáine é, Joseph Lux. Faoin mbliain 1950, bhíodar ina gcónaí i Rye, baile atá 25 míle ó thuaidh de chathair Nua-Eabhrac, agus a ngnó féin ag cumhdach troscán acu. Bhásaigh Joe Lux go hóg agus chaith m’aint roinnt mhaith dá saol ina dhiaidh sin ag tabhairt aire do ghasúir le teaghlaigh éagsúla.

Is cinnte gur bhain sí sult as a saol agus as a cuid oibre agus nuair a thagadh sí abhaile ar saoire ba mhinic í ag caint faoi na gasúir a bhíodh faoina cúram. D’fhan go leor acu i dteagmháil léi an chuid eile dá saol. B’amhlaidh an cás ag Mary Mhicí Ní Chualáin, a dúradh ar an gclár Miss Folan’s Last Wish, mar gur choinnigh gasúir Duffett I dteagmháil le Mary agus iad fásta suas.

Ba i Port Chester, Nua-Eabhrac, a chaith m’aint na blianta deiridh dá saol agus ba ann a bhásaigh sí, agus í 96 bliain d’aois, in 2006.

Ní raibh Mary Folan, ar déanadh an clár raidió fúithi, ach 56 nuair a bhásaigh sí de shiocair na hailse ar an 31 Márta 1967.

Ba i mBoston a bhí cónaí uirthi tráth a báis.

Ba í a mian deiridh  go gcuirfí í san oileán inar rugadh is a tógadh í. Ach ní bhfuair sí a mian de bharr sraith imeachtaí ar deacair iad a chreidiúint.

Is iad na himeachtaí sin, agus an chaoi náireach ar caitheadh léi féin agus lena muintir i ndiaidh a báis, a chuir i mbéal an phobail í 55 bliain ó shin. D’fhág an clár fíorspéisiúil brónach seo go bhfuil sí i mbéal an phobail arís in 2022.

Is iad Treasa Bhreathnach – a bhfuil cláir faisnéise d’ardchaighdeán léi cloiste ar Raidió na Gaeltachta le blianta beaga anuas – agus Sarah Blake – a bhfuil gradaim bainte amach aici dá cláir faisnéise raidió do RTÉ – a chuir Miss Folan’s Last Wish i dtoll a chéile

Ag labhairt di ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Treasa Bhreathnach go rabhadar ag obair ar an gclár le beagnach dhá bhliain. Ní nach ionadh. Scéal casta atá i gceist a bhfuil cos aige in Éirinn agus cos eile i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá sárobair déanta acu beirt an cás seo a chíoradh agus é a chur i láthair an phobail.

Is cinnte gurb iad muintir Mary Folan in Inis Meáin a rachaidh i gcion ar an té a éisteann le Miss Folan’s Last Wish. Bhí Micheál Ó Fátharta, garnia le Mary Folan, cúig bliana d’aois nuair a bhásaigh sí. Ar an gclár, deir sé go raibh a muintir amhrasach i gcónaí faoin méid a tharla di. Bhí cleasaíocht i gceist leis an gcás, a deir sé.

Ag labhairt di ar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta an lá sular craoladh Miss Folan’s Last Wish den chéad uair, dúirt Geraldine John Ní Fhátharta, arbh í Mary Folan a sean-aint, go mbíodh a mamó, deirfiúr le Mary, ag caint faoin méid a tharla.

“Ba scéal uafásach é, mar níor tharla a leithéid de rud cheana ariamh,” a dúirt Geraldine Ní Fhátharta, “ceapaim go dteastaíonn uainn a fháil amach céard a tharla don bhean.”

Aon duine a éistfidh leis an gclár seo ar an seinnteoir, beidh sé ar aon tuairim léi faoin éagóir a rinneadh ar a sean-aint is ar a muintir 55 bliain ó shin.

Fág freagra ar 'Is iomaí Mary Folan a d’fhág an tír seo le dul go Meiriceá'