Is iad na ‘postpartum punks’ a chuireann gliondar croí ormsa

Tá mná misniúla ag bunú grúpaí ceoil ’réabhlóideacha’. Ardóidh siad do chroí…

Is iad na ‘postpartum punks’ a chuireann gliondar croí ormsa

We are Boilers

Ní minic a chíonn duine scéal sna meáin a chuireann ardú croí ort ach uair umá seach, tarlaíonn a leithéid.

Siad na ‘postpartum punks’, mar a tugadh orthu, a chuir gliondar croí ormsa cúpla lá ó shin.

Scata ban, máithreacha óga ó thuaisceart Londan, atá ag canadh óna gcroí amach i mbanna punc ar a mbaisteann siad Pushy Pushy Pushy iad seo.

Ón uair a thugann tú leanbh ar an saol a deir siad níl neomat agat chugat féin, bíonn tú tugtha traochta go fisiciúil gan trácht ar a bheith leath scaipthe ag athruithe coirp is meanma.

Cá bhfaighidh tú am ná fuinneamh do chúrsaí ealaíne is cruthaitheacha, a deir siad.

Bunaigh banna punc an freagra acu.

Pushy Pushy Pushy

‘Eccentric mayhem’ an breithiúnas a tugadh ar cheann dá gceolchoirmeacha.

Cé a gheobhadh locht air!

Ní rómhaith a réiteodh a ‘gcur chuige saoil’ leis an uasal JD Vance, leathbhádóir an Trúmpaire Oráiste i bhfeachtas toghchánaíochta na Stát Aontaithe ná Néandartálaigh eile mar é.

Tá col ar leith léirithe ag Vance le haon bhean nach é a mian fanacht aige baile i mbun cúraimí tí agus tógaint clainne.

Go bhfóire Dia orthu má tá cion acu ar phiscíní seachas lán tí leanaí.

Ní peaca níos mó ar domhan ina shúile siúd ná é.

Mo ghrá na mná óga seo.

Ach ní hiadsan amháin atá misniúil agus an eite dheis meáite laincisí a choimeád ar mhná idir óg is aosta.

Is cuimhin liom anuraidh uair éigin scéal a ríomh mar gheall air scata ban cnagaosta, máithreacha ‘críonna’ a thosnaigh banna punc chomh maith i Leicester Shasana.

‘Boilers’ a thugadar siúd orthu fhéin, bail orthu seachas Grannies Gleoite ná aon áiféis mar sin. ‘Dúdóite’ a dúradar a bhíodar ag an ndomhan mór a rá leo conas ba chóir dóibh a saol a chaitheamh. Dúradar agus chanadar amach lom díreach nár chuir sé aon mhairg orthu níos mó cad a cheapann éinne mar gheall orthu.

Mo sheasamh orthu.

Conas gur in áiteanna éagsúla i Sasana agus ní in Éirinn atá na mná misniúla seo ag bunú grúpaí ’réabhlóideacha’?

Ach ní hé deireadh an tsaoil é, le fíordhéanaí a chuireas aithne ar ghrúpa ban ceolmhar Éireannach atá ‘difriúil’ mar a deirtear a bhuíochas do chraoladh TG4 ó Fhleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman.

Biird

Biird an teideal orthu. Phléascadar go spleodrach tríd an scáileán amach lena bhfuinneamh is lena joie de vivre is lena ndúil i bhfaisean.

Chuardaíos ar líne iad, agus má dhein tá suíomh breá acu…

Ceoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta lán de ghiodam is de theaspach agus éide fhaiseanta den scoth.

Más in ísle brí dhuit, lean na mná seoigh seo. Tá trí ghrúpa acu ar Instagram –  Pushy Pushy Pushy, We are Boilers agus Biird.

Ardóidh siad do chroí.

Fág freagra ar 'Is iad na ‘postpartum punks’ a chuireann gliondar croí ormsa'

  • WTF

    Nach breá mar ainm é
    Pushy Pushy Pushy. Cur síos paiteanta ar dhaoine áirithe…