Is san Ísiltír a gheobhaidh tú na fir is airde, ach tá na hÉireannaigh ag fás…

Bhí Willie John McBride sé troithe agus trí horlaí ach ní dóigh go bhfaigheadh sé áit sa dara líne tosaithe d’Éirinn anois agus na fir sa tír seo ar an bhfichiú dream fear is airde as tíortha na cruinne

Is san Ísiltír a gheobhaidh tú na fir is airde, ach tá na hÉireannaigh ag fás…

Willie John McBride. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland/BLL

Chonaic mé Maitias Ó Cosgordha as an Leathmhás i gCarna le ríghairid agus é ar ais ar cuairt ina phobal dúchais.  Fathach fir i gcónaí é.  Ba é an Garda ab airde in Éirinn é tráth den saol.  Sé troithe go leith agus beagán lena chois sin, bail ó Dhia air agus colainn dá réir faoi freisin. Tá fós.

Tá cur síos ar Mhaitias sa leabhar a scríobhadh faoi stair Stáisiún Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.  Chuirtí ar dhualgais stiúrtha tráchta é i lár na cathrach go minic.  Dualgas tábhachtach a bhí ann san am sin mar nach raibh soilse tráchta fairsing mar atá anois.  Bhí sé cumasach, a dúradh, ar an obair sin agus, ar ndóigh, bhí sé breá feiceálach lena chois sin. Bhain Maitias stádas Ceannfoirt amach sa bhfórsa.

Nuair a chuaigh Banna Ceoil na nGardaí go Meiriceá i  mí Mheán an Fhómhair, 1964  cuireadh Maitias anonn in éineacht leo.  Ní cumas ba chúis leis sin, cé go raibh fonnadóirí ábalta ina theaghlach.  Ba é an dualgas ba mhó a bhí ar Mhaitias ná a bheith ag ceann an Bhanna Ceoil agus iad ag máirseáil agus ag casadh i gceolchoirmeacha ar feadh dhá mhí sna Státaí.

Chaith mé scaitheamh ag comhrá le Maitias an samhradh seo caite agus dúirt sé liom nach mbeadh aon ghair aige a bheith ar an nGarda is airde in Éirinn anois.  Tá lear suntasach fear sa bhfórsa anois atá idir 6 troithe agus 6 horlaí agus 6 troithe agus 9 n-orlaí – agus níos airde ná sin fós.

Ní sna Gardaí amháin atá na fir arda.  Céard faoi fhoireann rugbaí na hÉireann inné agus inniu?

Ba mhór é clú Willie John McBride, ‘fathach’ na hÉireann sa dara líne sna tosaithe.  Sé troithe agus trí horlaí a bhí seisean.  An fear a bhí ina chuideachta sa dara líne ar fhoireann rugbaí na hÉireann ar feadh i bhfad, Mick Molloy,as Corr na Móna i gConamara, beagán le cois sé troithe agus orlach amháin a bhí seisean.  Is diabhlaí an rud le rá é ach dá fheabhas dá raibh an bheirt ní dóigh go bhfaigheadh ceachtar acu áit sa dara líne tosaithe d’Éirinn anois. Ní bheidís sách ard!

Tá leithéidí Paul O’Connell, Donncha O’Callaghan agus Ian Henderson sé troithe go leith ar airde.  Tá James Ryan 6 troithe agus 7 n-orlaí agus, ar ndóigh, tá Devin Toner buailte ar na seacht dtroithe.  Sin an cineál airde atá ag teastáil anois i gcluiche na bhfathach agus tá siad againne anseo in Éirinn. 

Tá muid ag caint ansin ar réimsí spóirt ar ardchaighdeán ach níl ann ach sampla.  Ní dóigh gur gá duit dul níos faide ná an teach tábhairne is gaire dhuit go dtabharfaidh tú faoi deara an airde shuntasach atá i gcuid mhór de na daoine óga, idir mhná agus fhir.  Ná ceap gur aon dallamullóg atá ort.  Tagann na staitisticí oifigiúla le fianaise do chuid súl. 

Chuaigh na saineolaithe agus lucht taighde ar thóir an eolais go 200 tír ar fud na cruinne.  An tOllamh Majid Ezzati, cathaoirleach Rannóg Sláinte Dhomhanda agus Timpeallachta in Ollscoil Imperial i Londain a bhí ina cheann feadhna ar an taighde. Rinne siadsan anailís ar phíosaí éagsúla taighde a rinneadh ar airde na ndaoine sa lá atá inniu ann agus breis agus 100 bliain ó shin.  Anseo in Éirinn cúig troithe agus cúig orlaí meánairde na bhfear i dtús an chéid seo caite. Tá sin ardaithe anois  go dtí tí cúig troithe agus 10.5 orlach.  Tá na fir sa tír seo ar an bhfichiú dream fear is airde as tíortha na cruinne.  Bhíodh muid ag uimhir 43 san aimsir a caitheadh.  Fágann sin go bhfuil muid sa ngrúpa 10% is airde ar domhan.

Tá na mná iad féin teannta suas ar an scála ó uimhir 43 go dtí an 24ú háit as 200 tír.    Ní gá a rá, seachas correisceacht, go mbíonn na daoine is airde sna réigiúin is deisiúla agus is fearr as sa domhan. Eisceacht is ea na daoine a mhaireann thart an lárlíne, mar go bhfuil mianach an-ard i gcuid de na daoine sin. Is beag athrú atá tagtha ar airde na ndaoine i gcuid de Mheiriceá Theas, i réigiún an Sahára ná i gcodanna d’iardheisceart na hÁise le céad bliain.

Is san Ísiltír a gheobhaidh tú na fir is airde agus iad sé troithe ar airde ar an meán.  Sa Laitvia atá na mná is airde – 5 troithe agus 7 n-orlaí, ar an meán.

Dúirt an tOllamh Majid Ezzati nach bhféadfaí a rá gur mianach is cúis leis an ardú mór ar an airde mar gur de réir a chéile a oibríonn an mianach.  Saol níos fearr is cúis leis den chuid is mó, a deir Ezzati, aire níos fearr do mhná atá ag iompar clainne; beatha mhaith ag daoine ag éirí aníos dóibh; cúram sláinte maith, compord agus teas.  Más amhlaidh an cás, sin an chúis chéanna leis an airde bhreise in Éirinn.

Níl deireadh fós leis an bhfás céadach seo ach oiread. De réir na staitisticí is 5 troithe agus 9.5 orlach meánairde na bhfear san aoisghrúpa 20-49 in Éirinn ach 5 troithe agus 10.5 orlach an mheánairde san aoisghrúpa 20-24. Is cosúil muid a bheith ag dul i dtreo na spéire agus nach minic a luaigh polaiteoirí é sin anuraidh!

Fág freagra ar 'Is san Ísiltír a gheobhaidh tú na fir is airde, ach tá na hÉireannaigh ag fás…'