Is iad muintir Chonamara a chuir tús leis an gcraic

Cárbh fhearr áit a bheith le haghaidh an chraic ach san áit ar cuireadh tús léi – i gConamara?

Is iad muintir Chonamara a chuir tús leis an gcraic

Muintir Chonamara a thosaigh an chraic an chéad lá ariamh. Sheas socheolaí a raibh clú agus cáil air leis an ráiteas sin. Má tá aon amhras ar dhuine ar bith faoi sin téadh sé/sí i muinín aiste a scríobh an socheolaí, an tAthair Liam Ó Riain. Foilsíodh an aiste i leabhar a ndearna Richard Kearney, Ollamh le Fealsúnacht i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath, eagarthóireacht air.

Bhí an tAthair Liam Ó Riain ag cur síos ar an imirce as Éirinn go Sasana sna blianta théis an Dara Cogadh Mór – na 50idí, na 60idí agus na 70idí. Bhí an Rianach den bharúil gur uaigneas sa mbaile a thug ar go leor daoine imeacht; d’imíodar le dhul i dteannta na ndaoine óga eile a raibh a seolta crochta acu rompu. Scríobh sé mar seo: ‘These were not dreamy young men and women lured by bright lights and distant cities, but rather lonely people who followed their own kind wherever they may be – it just happened they were in English cities.’ Is ansin a tharraing sé aird ar leith ar mhuintir Chonamara.

‘The process was especially operative in the Gaelic speaking districts like Connemara, which developed an in-word to describe it which soon was in general use. It was the word ‘Crack’, a word which sometimes in its early use caused embarrassed laughs.’

Théis an ráitis sin, thug Liam Ó Riain suntas níos mó fós don tábhacht a leag muintir Chonamara ar an bhfocal sin. ‘For the Connemara man, the word ‘crack’ was a magical word which connoted all that was pleasurable in human society.’

Bhí an-mheas i measc na scoláirí ar an Athair Liam Ó Riain, a bhí ina Ollamh le Socheolaíocht in gColáiste Mhá Nuad. Ar ndóigh, b’iománaí cumasach a bhí ann freisin agus d’imir sé ar feadh roinnt blianta ar fhoireann idirchontae Luimnigh. Tá sé ar shlí na firinne le tamall blianta.

Is iomaí sin troigh agus orlach de Chonamara atá treafa ag an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív. “Ní dhéanfainn neamhshuim de thuairimí Liam Uí Riain,” arsa an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar. Ag caitheamh súil siar dó, labhraíonn Éamon Ó Cuív ar na cuairteanna a thugadh sé ar Chlub Chonradh na Gaeilge ina fhear óg. “Caithfidh mé a rá nár chuala mé an focal ‘craic’ ariamh nó gur tháinig muintir Chonamara isteach ansin,” a deir Éamon Ó Cuív.

An bhfuil muintir Chonamara go maith leis an “gcraic” mar sin? “Thar cionn,” a deir Éamon Ó Cuív. “Dáiríre is dream spéiriúil iad agus cinnfidh an saol orthu nó feicfidh siad údar gáirí nó diabhlaíochta in áit éicint.”

Dúirt sé gur thug sé faoi deara an méid sin in aimsir an Covid-19 féin. “Amuigh sa marglann ar an Teach Dóite a bhíodh an ‘clinic’ polaitiúil agam an uair sin mar nach bhféadfá é bheith agat san oifig ó thaobh sábháilteachta de. Bhíodh daoine ag fanacht amuigh faoin spéir, ar dhrochlaetheanta freisin, agus ghabhfainn leithscéal leo nuair a thagaidís isteach. Ach sé a d’abróidís: ‘Ó maise cén dochar. Bhí an chraic againn taobh amuigh ansin!”

Creideann Éamon Ó Cuív go mbaineann sé le daoine a chonaic an dá shaol, nó a bhí gann ar chompord, go mbeidís géimiúil agus éadromchroíoch, an oiread agus a b’fhéidir leo é.

“Daoine nár chleacht an solas féin – seachas splanc na tine – sa tsean-aimsir chruinnigh siad le chéile agus bhí an chraic acu gan bhuíochas don saol. Tá an fhéith sin ag baint le macasamhail mhuintir Chonamara a bhí taobh leis an mbeagán i dtíortha eile.”

Ach arbh iad muintir Chonamara a chum an téarmaíocht ‘an chraic’? Ceapann Éamon Ó Cuív gur ón nGaeilge a tháinig an téarma agus nach féidir a chur as an áireamh ach gur i gConamara a cuireadh síol na cainte sin an chéad lá ariamh.

Caitheadh ómós agus buíochas le dénaí le fear a scaip síol na healaíne – bhí an chraic ag baint le cuid mhaith di – i gConamara le leathchéad bliain. Tháinig Breandán Ó Floinn ina mhúinteoir go Scoil Phobail an Chlocháin sna 1970idí agus bhunaigh sé Féile Ealaíne an Chlocháin 46 bliain ó shin. Sé atá ina cheann feadhna ar an bhFéile sin go dtí an lá atá inniu ann agus é ag réiteach cheana féin d’fhéile na bliana seo chugainn. Sí an Fhéile seo ar an gClochán an ceann is mó i bpobal tuaithe in Éirinn anois.

D’eagraigh Cumann Tráchtála Chonamara ócáid do Bhreandán Ó Floinn in Amharclann Theach an Stáisiúin agus bhí tír agus talamh ann. Ba mhaith an oidhe air é. Baintear deich lá amach i mí Mheán Fhómhair agus réimse den scoth imeachtaí ar bun – píosaí léannta cainte, drámaíocht, ceol clasaiceach agus neart eile. Ach, tá sé le rá faoi Bhreandán agus lucht na féile go mbíonn aird agus aitheantas le fáil i gcónaí ag ceoltóirí, fonnadóirí, damhsóirí agus cainteoirí na háite, mar a deir sé féin “aneas as Carna don Chlochán agus amach sna pobail ó thuaidh”.

Bronnadh gradam ‘Laoch na Féile’ ar Johnny Mháirtín Learaí (an fonnadóir sean-nóis) beagán blianta ó shin agus ba mhaith an ceapadh é do lucht na féile. Níl fonnadóir níos fearr, ná fear níos uaisle ná Johnny, pé áit a bhfuil an chraic ar fud Chonamara.

Agus cárbh fhearr áit a bheith le haghaidh an chraic ach san áit ar cuireadh tús léi – i gConamara?

Fág freagra ar 'Is iad muintir Chonamara a chuir tús leis an gcraic'

  • Liam Ó Dochartaigb

    An chéad tagairt atá feicthe agamsa den bhfocal ‘craic’i gcló, tá sé in agallamh beirte le Colm ó Finneadha, Ros a’Mhíl, a foilsíodh in aguisín le Ar Aghaidh, Meán Fómhair 1961 (Rogha Saothair na Scol Éigse agus Seanchais, Seisiún 1960-1). Is léir go raibh úsáid seo an focail préamhaithe go láidir sa chaint i gConamara cinnte faoi dheireadh na gcaogadaí.

    Ach go deimhin, a Dheaide, bíonn an t-an-chraic a’ainn,
    Istigh ag an Hanger ag rinnce is ag spraoi.
    Nuair a d’fheicfeá na mná bhíos isteach ann ó Ghaillimh
    Ní chuimhneóchá ar asal, ar bhó, ná ar lao.

    Liam Ó Dochartaigh