Is iad peileadóirí na mban a bheas i gceartlár an stáitse a bhfuil Páirc an Chrócaigh mar ainm air inniu. Áth Cliath agus an Mhí i gcluiche mór an lae (16.15pm), contaetha Laoise agus Thír Eoghain rompu sin sa gcluiche ceannais idirmheánach agus mná Aontroma agus chontae Lú ag dul chun páirce agus gan Clog an Aingil féin buailte.
Thar rud ar bith eile is é an dul chun cinn atá déanta ag Cumann Peile na mBan ó bunaíodh iad cosamar cúig bliana ó shin an léargas is fearr atá le fáil sa tír seo ar an dul chun cinn atá déanta ag an mbantracht ó thaobh spóirt.
Dá mbeadh mórlaoch spóirt na hÉireann le 100 bliain le roghnú agam bheadh Katie Taylor go láidir san iomaíocht, ach d’admhódh Katie féin déarfainn gur deacair comparáid a dhéanamh idir a bhfuil bainte amach ag duine aonair agus ról eagraíocht a bhfuil fréamh dá cuid ní hamháin anseo, ach freisin i dtíortha thar lear.
Cothrom an ama seo sa mbliain 1974 ba 700 lucht féachana a bhí ar Pháirc na nGearaltach i mBaile Átha Í ag an gcluiche ceannais inar bhuaigh Tiobraid Árann ar Ghaillimh. Idir 2017 -2019 rinne os cionn 150,000 freastal ar thrí bhabhta ceannais inar bhuaigh Áth Cliath ar Mhaigh Eo, ar Ghaillimh agus ar Chorcaigh ar a seal.
Níor sáraíodh sin ó shin, ach bhí 46,000 i láthair nuair a bhuaigh Ciarraí trí bliana ó shin agus arís nuair a bhuaigh mná na príomhchathrach ar Áth Cliath chun Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a thabhairt leo arú anuraidh. Cé a déarfadh nach sárófar 50,000 arís inniu, go háirithe agus cúpla contae as tuaisceart na tíre san áireamh. Ní bhíonn aon drogall ar lucht a leanta siúd tabhairt faoin aistear fada.
Beidh beocht faoi leith ag baint leis an gcluiche mór sa méid agus go bhfuil an dá chontae atá le bheith san iomaíocht ag roinnt teorainn lena chéile ó fhágfaidh tú Rinn Mhic Gormáin ó thuaidh go dtiocfaidh tú go hOngar ó dheas.
Níor chuala mé trácht ariamh ar an Ongar céanna go bhfaca mé bus a thabharfadh ann tú ar cheann de shráideanna na príomhchathrach cúpla bliain ó shin. Le teann fiosrachta d’fhoghlaim gurb é an baile is nua in Éirinn é agus beagnach 8,000 duine ina gcónaí ann – míle bealaigh ó Chluain Aodha atá i gcontae na Mí.
Sa dul chun cinn seo ar fad atá déanta ag mórchuid spóirt na mban sa tír seo, tá gné amháin a fhágann go mór chun tosaigh iad ar an inscne eile – sin go bhfuil ar a gcumas agus ceadaithe dóibh a gcuid ábaltachta a léiriú ag réimse spórtanna éagsúla agus sin a dhéanamh ag an leibhéal is airde.
Níl cruthúnas is fearr air sin le fáil ná liosta gairid a dhéanamh de na héachtaí atá déanta ag Hannah Tyrrell, an té a bhris croí na Gaillimhe sa mbabhta leathcheannais sa Tulach Mhór coicís ó shin nuair a thug an cic a chuir sí thar an trasnán agus an t-am caite am breise i gceist agus an deis dá foireann féin an bua a bhreith leo.
Tar éis di Craobhacha Faoi 16 agus 18 na hÉireann a bhuachan le hÁth Cliath faoin mbliain 2014 bhí áit bhuan ar fhoireann shinsearach an chontae ag bean Chluain Dolcáin. Ba ag an am sin a thairg an IRFU conradh gairmiúil di le dhul ag imirt le foireann seachtar an taobh rugbaí na hÉireann. Níorbh fhada gur thuigeadar siúd a bhí i gceannais na foirne 15 an taobh a cumas. Chaith sí geansaí na hÉireann scór uair mar lánchúlaí agus d’imir sí i gCorn an Domhain in 2017.
Ar pháirceanna an tsacair bhí sí ar fhoireann Naomh Caitríona sna Saoirsí a bhuaigh Corn an FAI in 2011 agus a d’imir i Sraith Náisiúnta na mBan le Ruagairí na Seamróige.
Nuair a chaith sí an rugbaí in aer ceithre bliana ó shin d’fhill sí ar an bpeil Ghaelach agus bhí ar fhoireann Áth Cliath a bhuaigh an chraobh shinsearach cothrom an ama seo dhá bhliain ó sin.
Geansaí na Mí a bheas ar Vikki Wall i gcluiche ceannais an lae inniu, ba uirthi a bronnadh an gradam Imreoir na Bliana nuair a bhuaigh siadsan ar Áth Cliath sa gcluiche ceannais ceithre bliana ó shin. Tá imeartha aicise freisin i gCraobh Rugbaí an Domhain agus nuair a bheas iomaíocht an lae amárach críochnaithe fillfidh sí ar Melbourne na hAstráile áit a bhfuil sé ag imirt san AFL le cúpla bliain.
Bhí Nicola Daly agus Deirdre Duke ar fhoireann haca na hÉireann a bhain cluiche ceannais Chraobh an Domhain amach in 2018 – chaith siadsan iad féin geansaí Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh.
Níl sa méid sin ach cúpla ainm as liosta fada, ceann a d’fhágfadh den tuairim tú gur gaire spórt na mban don bhrí bhunúsach atá leis an bhfocal – saothar a bhfuil stró fisiciúil ag baint leis ina nglacann an duine aonair nó foireann páirt ar mhaithe le siamsaíocht.
Go fiú i mo pharóiste beag féin tagann scata ban, a bhíodh ag imirt na peile Gaelaí go hiomaíoch tráth agus iad níos óige, le chéile uair sa tseachtain anois chun imirt eatarthu féin – beagnach dhá scór acu. Fágann imeacht na mblianta agus cúraimí clainne nach bhfeileann an iomaíocht níos mó – deir siad liom gur mó de shásamh fós atá siad a bhaint as peil an lae inniu.
Ní dóigh liom go ndéanfadh fir den aoisghrúpa céanna a leithéid. Coincheap an bhua is mó a bhaineann le go leor dá gcuid spórtanna siúd, an meon a bhaineann leis na cinn ghairmiúla ag sileadh isteach de réir a chéile.
Is deas agus is maith an rud é freisin go bhfuil glactha faoi seo go bhfuil mná in ann a bheith páirteach san anailís a dhéantar ar imeachtaí spórt ar theilifís, raidió agus sna meáin eile. Níos fearr fós nuair is é a gcuid eolais faoina bhfuil ag titim amach is cúis leis.
Tá mé ag tagairt go háirid don obair a dhéanann Cora Staunton, Ursula Jacob, Jacqui Hurley agus Joanne Cantwell ar an Sunday Game. Ní ar mhaithe le comhionannas ná cothromaíocht inscne a tugadh na postanna atá acu dóibh siúd.
Is mar gheall go bhfuil sé tuillte acu a tharla sé.
Fág freagra ar 'Is gaire spórt na mban don bhrí bhunúsach atá leis an bhfocal'