Is gá teacht ar an bhfírinne iomlán faoi chás na dtithe altranais

Cén fáth gur daoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais nó ionaid chúraim eile 54% de líon na ndaoine le Covid-19 a d’éag ó thús na ráige? Ceist a gcaithfear freagra a fháil uirthi…

Is gá teacht ar an bhfírinne iomlán faoi chás na dtithe altranais

Pictiúr: RollingNews.ie

Tá bás, briseadh croí agus imní chomh forleathan sa tír faoin am seo nach mian lenár bhformhór smaoineamh faoi láthair ar an bhfiosrúchán a bheidh riachtanach nuair a smachtófar an coróinvíreas.

Ach is leor tagairt do cheist agus do chúis imní amháin mar fhreagra ar aon duine a shéanfadh go bhfuil a leithéid riachtanach. Cén fáth gur daoine a bhí ina gcónaí in árais altranais 54% de na ndaoine a d’éag tar éis dóibh an víreas a tholgadh? Má chuirtear ionaid chúraim eile san áireamh, tá tú ag caint ar 62% de líon iomlán na mbásanna.

Sara dtugtar tuairim ar bith ar an gcuntas thuas, ní foláir cuimhneamh gur daoine aosta iad formhór na ndaoine atá ina gcónaí in árais altranais agus chónaitheacha eile agus gur do dhaoine aosta is mó an chontúirt má thagann an víreas orthu.

Is fiú smaoineamh chomh maith gur choinnigh breis agus 60% de na hárais an víreas amach, cé gur tholg daoine a bhí ina gcónaí i 258 áras altranais/cónaitheach é.

Ní bheifear ábalta na fáthanna go bhfuil an ráta báis chomh hard in árais áirithe a iniúchadh go mbeidh géarchéim an choróinvíris thart. Ní foláir a rá freisin nach bhfuil aon fhianaise ar fáil fós a léiríonn faillí in aon áit.

Ach níor chóir go deo oiread sin básanna uaigneacha a d’fhág oiread sin daoine eile faoi ghruaim a ligean i ndearmad.

Tá fiosrúcháin áitiúla á n-éileamh cheana féin mar gheall ar an ráta ard báis in árais altranais i nDún Dealgan agus i mBaile Átha Cliath. I nDún Dealgan, cailleadh 23 duine a raibh an coróinvíreas orthu an mhí seo caite i dTeach Dealgan, áit ina mbíonn cónaí ar 163 duine de ghnáth.

Dúirt an Teachta Dála áitiúil Ged Nash, agus fiosrú neamhspleách á éileamh aige, go raibh freagraí ar cheisteanna tromchúiseacha tuillte ag gaolta na marbh. Is léir, dar leis, na príomhcheisteanna.

Céard a tharla? Céard a rinne an bhainistíocht i dTeach Dealgan ó fuair siad amach go raibh an víreas tolgtha ag daoine a bhí ina gcónaí ann? Céard a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó tháinig an drochscéal ó Dhún Dealgan?

Tá fiosrúchán neamhspleách á lorg freisin i mBaile Átha Cliath tar éis bháis mná in Ospidéal Mhuire i bPáirc an Fhionnuisce. Bhí Rose Hegarty (84) i measc 24 duine san ospidéal a d’éag tar éis dóibh an víreas a tholgadh. Ní fiosrúchán áitiúil amháin a theastaíonn óna neacht Jane Carrigan ach fiosrúchán reachtúil a chlúdódh gach áras altranais sa stát. Ní foláir teacht ar an bhfírinne iomlán, a dúirt sí, ionas go mbeadh na ceachtanna is gá a fhoghlaim ónar tharla soiléir do chách.

Níl aon chaint fós ar fhiosrú dá leithéid, ach d’fhógair an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil Déardaoin go n-iarrfadh sé ar phainéal saineolaithe na “dúshláin” atá le sárú sna hárais altranais a iniúchadh. Tá iniúchóir neamhspleách ceaptha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le gearáin a rinne duine den fhoireann in Ospidéal Mhuire a fhiosrú. Tá foireann sheachtrach bhainistíochta curtha i gceannas i dTeach Dealgan.

Tá sé ionann agus cinnte go ndúiseofar tuilleadh ceisteanna de thoradh na réamhfhiosrúchán seo.

Is léir áfach go mbeidh iniúchadh níos doimhne, níos leithne agus níos láidre riachtanach chun teacht ar an bhfírinne iomlán.

Is léir freisin nach fiú tabhairt faoina leithéid go mbeidh an ghéarchéim ag dul i léig.

Sin ráite, ní cóir ábhar eile agus ábhar níos bunúsaí a fhágáil i leataobh agus riar poiblí agus príobháideach an chórais á fhiosrú. Gach uair a fhiafraítear de dhaoine aosta cár mhaith leo cur fúthu dá mbeadh a rogha acu agus iad ar fónamh, tugann a bhformhór an freagra céanna: ina dtithe féin.

Tá polasaí á chur i bhfeidhm ag an stát le fada a chuireann brú ar mhórán seandaoine a dtithe féin a fhágáil agus a laethanta deireanacha a chaitheamh in árais chónaitheacha nó altranais.

Nárbh fhearr le gach duine scéimeanna tacaíochta agus cúnaimh a eagrú ionas go mbeadh níos mó daoine aosta ábalta cur fúthu go héag ina dtithe féin?

Fág freagra ar 'Is gá teacht ar an bhfírinne iomlán faoi chás na dtithe altranais'

  • Liam Mac Lochlainn

    Is é an deacracht atá ann go bhfuil eagraíochta brabúis ann in áit seirbhís phoiblí a bheadh freagrach do na húdaráis fhóirsteanacha le hiniúchadh rialta leanúnach.