Is fiú Tóraíocht na leabhar Gaeilge faoi Cheilt…

Agus mé ag cuartú leabhar Gaeilge nua-fhoilsithe i siopa breá le gairid, sé a dúradh liom le seanbhlas ‘They’re very secretive about their stock!’

Is fiú Tóraíocht na leabhar Gaeilge faoi Cheilt…

Chuir mé an-spéis go deo sa bplé ar fad faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge ag Coiste Gaeilge Thithe an Oireachtais le tamall. 

Is iontach go bhfuil an léitheoireacht faoi bhláth agus foilsitheoirí sásta leis an gceannach atá ar a saothar. 

Agus sin d’ainneoin áisíneacht dáileacháin ÁIS a bheith sna fataí lofa ó thaobh foirne agus teicneolaíochta. Níor mhaith riamh maorlathas, méarfhadachas is comhadú na seirbhíse poiblí le punt a shaothrú.

Is a bhuíochas do scoth na leabhar féin agus dúshaothar na bhfoilsitheoirí a fhaigheann an léitheoir a chrúba ar leabhar. Is eol don saol mór an doicheall a bhíonn ar na siopaí móra leabhar aon spás feiceálach a thabhairt do leabhar Gaeilge ach í a shacadh sa bpluais is faide ón gcustaiméir agus ar an tseilf is íochtaraí. 

Ach níos aistí fós, tá roinnt foilsitheoirí atá sách rúnda faoina gcuid leabhar Gaeilge féin. Agus mé ag cuartú leabhar Gaeilge nua-fhoilsithe i siopa breá Charlie Byrne’s le gairid, sé a dúradh liom le seanbhlas ‘They’re very secretive about their stock!’

Tá an t-ádh dearg orainne anseo i gConamara go bhfuil siopa Chló Iar-Chonnacht againn agus saothar go leor foilsitheoirí le feiceáil agus le díol ann. B’éagóir a bheadh ann a maoiniú a ghearradh orthusan le cuidiú le dream éigin eile. Dea-scéala a bhí ag Darach Ó Scolaí ag an gcoiste Oireachtais go raibh na meáin shóisialta ag cuidiú go mór leis na leabhair Ghaeilge agus an plé orthu. Sinne a sheachnaíonn an tobar sin ar bhonn sláinte táimid i dtuilleamaí tagairtí agus léirmheasanna ar pár.

D’ainneoin rúndacht a bhfoilsitheoirí, tá mé sáite in dhá leabhar le cúpla seachtain a léiríonn an tsiléig is an easpa poiblíochta is léirmheastóireachta  – agus bíonn deis agamsa gach a mbíonn ar an suíomh Gaeilge seo a léamh!

I siopa Chló-Iar-Chonnacht a cheannaigh mé an dá leabhar de scoth na filíochta Mná dár mhair le Áine Uí Fhoghlú ó Coiscéim 2022 agus Múscail, a Ghiorria le Eithne Ní Ghallchobhair ó Arlen House 2020. 

Fágfaidh mé faoi shaineolaithe na filíochta léirmheas léannta a dhéanamh ar na leabhair seo ach sílimse gur mór an spórt iad. Tá an teanga ag rince ar an leathanach sa dá cheann – seodfhocail ag glioscarnach agus ag princeam le mórtas is spiorad amhail is gur éalú as comhra seod an Ultaigh agus an Déisigh a rinneadar. Ach más ea is snoite snasta a taisceadh iad.

I Mná dár mhair tugann Áine Uí Fhoghlú guth do mhná na tíre seo inniu agus inné. Mar a deir sí sa réamhrá, ‘Ní iarraim ar a son ach go mbeadh a fhios gur mhaireadar na mná seo, agus go raibh misneach acu.’ 

Tá siad againn ó Shíle na gCíoch, Anna Parnell, Claudette Colvin, Cara O’Sullivan, Nan Joyce agus go leor leor eile a rinne a ndícheall i saol an doichill agus an dímheasa. Ní leagfaidh tú uait an leabhar seo ach maolóidh an fhilíocht neamúil aon fhearg a spreagfaidh an éagóir sheanbhunaithe.

Gearrtar baintear dúntar fuatar

Díontar fáisctear fítear go dícheallach

Róisín chaoldubh dhaoldubh álainn

Plúr na mban í a bruinnillín bláfar.

 [‘Tabhartas Mhamó’}

Más gean leat an béaloideas faigh greim ar  Múscail, a Ghiorria le Eithne Ní Ghallchobhair, duine de na scríbhneoirí is fearr sa tír. Má bhí an chailleach imeallaithe bhí sí riachtanach agus lárnach i saol an phobail agus is uirthi a braitheadh leis an saol a chur ina cheart tráth cruóige is anachana. Amhail gach bean eile arbh éigean di í féin a chur in oiriúint don saol a dhear fir, ba mhaith aici an claochlú nuair a tháinig uirthi – ise, muide, Éadaoin agus leanaí Lir.

‘Agus gí gur athraigh a corp

Níor athraigh a hanam ná a croí.

Bhí a spiorad mar a bhí riamh,

Lán beochta, lán brí

ar maidin bheannaithe na Bealtaine Buí.’[‘An Chailleach’] 

Diabhal smid bhréige agat, a Chailleach.

Fág freagra ar 'Is fiú Tóraíocht na leabhar Gaeilge faoi Cheilt…'

  • Dónall

    Iontach a léamh gur i gConamara seachas Cois Fharraige atá Cló Iar-Chonnachta lonnaithe! Ceacht Tíreolais.

  • Gabriel Rosenstock

    Dá fheabhas iad cuid de na siopaí leabhar agus na háiseanna ar líne, tá slite eile ann chun leabhair a dhíol, is é sin le rá na margaí amuigh faoin spéir a bhionn ar siúl i ngach contae in Éirinn. Bíonn daoine ar a suaimhneas ag na margai sin, go háirithe má bhionn deireadh seachtaine gréine ann, agus bheadh deis acu súil a chaitheamh ar leabhair éagsúla d’aoisghrúpaí éagsúla. D’fhéadfaí cártaí, póstaeir agus ábhar eile a dhíol ann chomh maith.