Is féidir leis an duine a chuid earráidí timpeallachta a cheartú nuair is mian leis

Spreag míol mór a bhí ag súgradh gar don chósta dóchas i gcroí an tSaoithín Aeráide

Is féidir leis an duine a chuid earráidí timpeallachta a cheartú nuair is mian leis

Níl ach 40 méadar idir árasán an tSaoithín Aeráide agus bruach na mara agus an lá cheana agus é ag siúl amach an doras chonaic sé eilifint ag léimt aníos as an bhfarraige, thart ar 200 méadar amach ón gcósta.

Ní eilifint a bhí ann ar ndóigh ach ba é sin an chéad rud a rith leis an Saoithín. Ainmhí mór millteach, liath a bhí ann agus níor luaithe léim thar a chorp déanta aige nó thum sé faoin uisce arís, cúr bán ag pléascadh aníos ina thimpeall.

Á, is ea, a chuimhnigh an Saoithín, an tráth seo den bhliain atá ann arís, aimsir chúplála na míolta móra dronnacha.

Gach bliain, idir mí Lúnasa agus mí na Samhna – deireadh an gheimhridh agus tús an earraigh sa leathsféar theas – tugann na mílte míolta móra aghaidh ar chósta thoir na Brasaíle chun míolta móra beaga a dhéanamh. I gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí ar an Saoithín Aeráide, tagann siad chomh gar sin don chósta gur féidir iad a fheiceáil ag spraoi ó thránna agus ó phromanáidí na cathrach.

Ar ndóigh ní iasc ach mamach atá sa mhíol mór agus tá na míolta móra dronnacha ar chuid de na hainmhithe is mó ar domhan: bíonn fad idir 12 agus 16 mhéadar i míol mór dronnach fásta agus meáchan idir 25 agus 30 tonna. Ainmhithe thar a bheith éirimiúil iad agus tá ar a gcumas canadh, ach rinneadh seilg fhíochmhar orthu ar feadh na gcéadta bliain agus ba bheag nár díothaíodh iad. Níl muintir chathair Salvador gan locht sa scéal sin; tagann na míolta móra chomh gar sin don chósta ann go bhféadfaí seilg a dhéanamh orthu le curacha beaga, fiú amháin, ach na hiascairí a bheith ag obair as lámha a chéile.

Ach tá cosc domhanda ar sheilg na míolta móra ó 1966 i leith agus cé nach n-aithníonn an Iorua, an Íoslainn, Oileáin Fharó agus an tSeapáin an cosc sin agus cé go maraítear go leor míolta móra nuair a bhuaileann longa iad nó nuair a théann siad i bhfostó in eangach iascairí, tá rath ar an speiceas ó shin.

Ar ndóigh tá scéal na míolta móra fite fuaite le scéal Greenpeace agus dá bharr sin le luathstair ghluaiseacht na timpeallachta. Agus dá dhonacht an chuma atá ar chúrsaí anois agus ollchliseadh aeráide agus olldíothú speiceas ag bagairt orainn, léiríonn scéal na míolta móra gur féidir leis an duine a chuid earráidí a cheartú nuair is mian leis agus nach dtógann sé i bhfad ar an nádúr teacht chuige féin.

Thum an míol mór dronnach a chonaic an Saoithín Aeráide faoin uisce arís ach d’fhéadfaí a chruth a leanacht go héasca – corraíl éigin faoi chúr na farraige, steall uisce á scairdeadh san aer go tráthrialta – agus gan dabht tar éis nóiméid nó dhó ba é sin aníos arís é. Rinne sé léim eile thar a chorp, chroith a eireaball san aer agus síos leis in athuair. D’fhan an Saoithín ar an bpromanáid ar feadh i bhfad agus líon a chroí le dóchas.

Fág freagra ar 'Is féidir leis an duine a chuid earráidí timpeallachta a cheartú nuair is mian leis'