Is féidir le rudaí dul chun leadráin i Réaltacht mhalartach chomh maith

Seo chugainn AppleTV+ le Constellation, saothar ficsean eolaíochta eile…

Is féidir le rudaí dul chun leadráin i Réaltacht mhalartach chomh maith

Táimid sa dorchadas agus sa sneachta i dtuaisceart na Sualainne.

Tá cuma imníoch ar Johanna Ericsson (Noomi Rapace) agus í ag tiomáint a gluaisteáin, taifeadadh diamhair á sheinnt arís is arís eile aici. Cuma imníoch ar a hiníon Alice (Rosie agus Davina Coleman) atá sa suíochán cúil. Faoi dheireadh sroicheann siad tigh ar an iargúil. Agus iad ag dul chun soip cloiseann sí geonaíl linbh ag glaoch uirthi mar mháthair, seo léi amach sa dorchadas mar a gcímid solas uaithi. Scéinséir aigneolaíoch é Constellation (AppleTV+, ceithre ghála scaoilte ar an gCéadaoin) ceart go leor. Táimid in iomaire an fhicsin eolaíochta lena chois sin; iomaire atá á threabhadh go leanúnach ag Apple agus leithéidí For All Mankind, Silo, Foundation agus Severance seolta chugainn le cúig bliana anuas.

Seoltar siar cúig seachtaine sinn mar a bhfuil Johanna sa Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta (ISS). Agus turgnamh speisialta á chur i gcrích buaileann rud éigin faoin árthach.

Vae linn ansin le haicsean, mistéir agus uisce fé thalamh. Sinn ar cipíní agus Johanna ag iarraidh na cosa a thabhairt léi. 286 míle thíos fúthu ar dhromchla na cruinne atá an fhoireann tacaíochta idirnáisiúnta. Muc ar gach mala ag Henry Caldera (Jonathan Banks), é gafa leis an turgnamh agus é ar nós is cuma liom faoi bheatha na spásairí. Nuair a fhilleann Johanna ar an domhan tosaíonn rudaí á samhlú di, nó níl an domhan á shamhlú di sa tslí chéanna, réaltacht mhalartach, amlíne scriosta agus é sin ar fad.

Tá a fhios againn go bhfuil baint ag an turgnamh aisteach le cúrsaí. Dar liom go n-imíonn an ghaoth as na seolta ábhairín nuair a thuirlingímid chun na talún. Táthar ag iarraidh an iomarca adhmaid a bhaint as an scéal agus téann cúrsaí chun leadráin.

Tá Rapace ar fheabhas, mar is dual di. Éiríonn léi radharcanna iomlána a iompar í féin. Murach í bheadh an saothar seo i bhfad Éireann níor giorra. Déanann Banks a chúram cé nach bhfuil an oiread sin le déanamh aige seachas a bheith ag gnúsachtach agus ag drannadh leis trína chuid línte.

Chaitheas gáire dóite a dhéanamh nuair a chonac táirgí Apple ar fud na mball. Deirimse suíomh táirgí leat. Dhá iMac ar bhord oifige Henry, Jo ar ghlaoch Facetime ar an iPad agus í sa spás agus ag féachaint ar a huaireadóir Apple gach dara nóimint.

Téama amháin a d’fhéadfaí a chíoradh tuilleadh ná an pholaitíocht a bhaineann leis an gcomhghuaillíocht idirnáisiúnta atá bainteach leis an ISS. Tá an stáisiún ar foluain os cionn na cruinne le breis agus 25 bliain agus ní fios cad í an chéad chéim eile agus na Meiriceánaigh agus na Rúisigh i bpíobáin a chéile ar dhromchla na cruinne. Lena chois sin tá ionradh na gcomhlachtaí príobháideacha, leithéidí SpaceX, agus sinn ar thairseach bogadh ó thaiscéalaíocht go turasóireacht.

Tá a mhaitheasaí féin ag baint leis an saothar seo ach in ainneoin thaispeántas iontach Rapace téann rudaí chun leadráin agus seanchaiteachta rómhinic.

Fág freagra ar 'Is féidir le rudaí dul chun leadráin i Réaltacht mhalartach chomh maith'