Is féidir athrú chun feabhais a chur ar an stát seo ach cur chuige le chéile

Bhí an eite dheas in ann móramh a chur le chéile toisc go raibh siad sásta an déistin a chuireann siad ar a chéile a chur ar leataobh ach cad faoin eite chlé?

Is féidir athrú chun feabhais a chur ar an stát seo ach cur chuige le chéile

Le blianta fada bhíothas ag gearán sa tír seo nach raibh an scoilt idir dearcadh na heite clé agus na heite deise le tabhairt faoi deara i bpolaitíocht na hÉireann i gcomparáid leis an gcuid eile den Eoraip.

Anois go bhfuil na páirtithe ar an eite dheas go léir tagtha le chéile mar rialtas (seachas Páirtí an Lucht Oibre atá ag útamáil ar an taobhlíne) tá an scoilt sin an-soiléir os ár gcomhair amach.

Ach an mairfidh sí, nó an bhféadfadh an eite chlé teacht le chéile agus rialtas dá gcuid féin a chur ar fáil in ionad an rialtais reatha?

Gan dabht ar bith, is é Sinn Féin an páirtí is láidre ar an eite chlé, agus i ndáiríre ní féidir malairt rialtais ar an gceann atá ann faoi láthair a chur le chéile gan Sinn Féin – agus, go deimhin, gan iadsan a bheith i gceannas air.

Ach bhí an eite dheas in ann móramh a chur le chéile toisc go raibh siad sásta an déistin a chuireann siad ar a chéile a chur ar leataobh lena chinntiú nach mbeadh rialtas faoi thionchar na heite clé sa tír.

Beidh sé riachtanach ag páirtithe agus eagraíochtaí ar an eite chlé an rud céanna a dhéanamh.

Ní ceist í seo a bhaineann le páirtithe amháin. Má tá céimeanna le tógáil i dtreo córas a bheadh bunaithe ar riachtanais aicme an lucht oibre, faoin tuath agus sna cathracha, caithfidh ceardchumainn (nó ceardchumannaigh) is eagraíochtaí pobail is tuaithe a bheith páirteach ann mar chuid den chomhghuaillíocht in aghaidh an lucht rachmais, in aghaidh an chórais ar theip air, agus ar son an athraithe.

Tá ‘líne dhearg’ amháin fíor-riachtanach do chomhghuaillíocht den chineál seo. (Ar ndóigh ní mór chomh maith do gach dream a bheidh rannpháirteach ann meas a bheith acu ar gach éinne eile.)

Is í an líne dearg sin ná go gcaithfidh an t-éileamh náisiúnta ar son an daonlathais is an chomhionannais ó thuaidh agus athaontú na tíre a bheith ceangailte leis gcóir shóisialta i gcúrsaí eacnamaíochta agus le cothrom na Féinne a bhaint amach do mhná, do mhionlaigh, don lucht siúil, don Ghaeltacht is do lucht na Gaeilge agus don uile dhream atá ag lorg daonlathais is comhurraime.

Murar féidir leis na dreamanna seo teacht le chéile, is soiléir an toradh a bheas air. Ní bheidh a móramh ag Sinn Féin gach a dteastaíonn uathu a bhaint amach. Ní bheidh an dul chun cinn sóisialta á chur i gcrích ag na Daonlathaigh Shóisialta, ná ag Pobal Seachas Brabús, ná ag Neart le Chéile, ná ag na neamhspleáigh ar an eite chlé.

Maidir leis an gComhaontas Glas, is léir nach bhfuil an móramh sa pháirtí a fheiceann tábhacht an chothromais shóisialta lena bhfuil an cothromas aeráide ceangailte go huile is go hiomlán.

Ach tá daoine maithe sa bpáirtí sin fós. Neasa Hourigan, a fágadh amach as liosta na n-airí toisc gur labhair sí chomh láidir in aghaidh an dearmad a rinneadh ar chúrsaí sóisialta sa gclár rialtais.

Tá Saoirse McHugh ann, a bhfuil a lán smaointe maithe aici maidir leis an talmhaíocht inmharthana. Tá Lorna Bogue ann i gCorcaigh. Agus tá an 24% a vótáil in aghaidh an chláir rialtais ann.

Ba chóir don eite chlé fáilte a chur roimh na daoine seo nó cluas éisteachta a thabhairt dóibh ar a laghad. Agus b’fhéidir gur chóir dóibh suí síos lena bhfuil de Phoblachtánaigh fágtha i bhFianna Fáil.

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, is léir ón ról a bhí ag an bpáirtí sin nuair a bhí sé sa rialtas, agus an nimh leanúnach a léiríonn Alan Kelly do Shinn Féin (ar aon dul le nimh Mhicheál Martin) nach féidir leis an bpáirtí sin aon ról a imirt i gcomhghuaillíocht aontaithe den eite chlé.

Ach tá sé tábhachtach cinnte go mbeadh dearcadh na gceardchumann, a bhíodh mar chuid de Pháirtí an Lucht Oibre tráth, le clos.

Ba chóir mar sin do Shinn Féin suí síos le díograiseoirí sna ceardchumainn, sna heagraíochtaí atá gníomhach ar son cúiseanna daonlathacha (an cur i gcoinne mhí-úsáid aerfort na Sionainne, mar shampla).

Ba chóir labhairt le heagraíochtaí tuaithe is eagraíochtaí Gaeltachta, ar mhaithe le fís chuimsitheach a chur ar fáil don tír, fís a bheadh fréamhaithe ar bhun-athrú a dhéanamh ar an gcóras.

Agus ní gá cúrsaí aeráide is timpeallachta a fhágáil faoin Chomhaontas Glas, go háirithe agus iad nasctha le rachmas a thagann salach ar fad ar a bhfuil ag teastáil le feabhas a chur a chúrsaí aeráide.

Más aonaid atá ann atá scartha óna chéile agus a bhíonn ag troid lena chéile uaireanta, ní éireoidh leo an saol a athrú.

Ach tá athrú ag teastáil go géar, le háit chónaithe a thabhairt don uile dhuine, le seirbhís cheart sláinte a chur ar fáil ar bhonn cothrom, le córas oideachais a bhunú a thabharfaidh na scileanna riachtanacha dúinn is a chothódh bród inár stát, inár gcultúr agus inár dteanga.

Má thugann muid faoi le chéile, is féidir é a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Is féidir athrú chun feabhais a chur ar an stát seo ach cur chuige le chéile'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le hEoin Ó Murchú ‘Is féidir athrú chun feabhais a chur ar an stát seo ach cur chuige le chéile, http://www.tuairisc.ie, Dé Luain, Iúil 6, 2020.

    Áitíonn Eoin Ó Murchú gurb iad ‘Sinn Féin an páirtí is láidre ar an eite chlé’. Ach cá bhfuil a chruthú? Is minic a d’éist mé féin le Piaras Ó Dochartaigh, urlabhraí airgeadais ag Sinn Féin, agus an Dochartach ag labhairt sa Dáil ar chúrsaí an gheilleagair. Ábhar suaitheantais ba ea é, le linn do Mhicheál Ó Núnáin a bheith ina Aire Airgeadais ag Fine Gael, go n–éisteadh an Núnánach an–ghéar i gcónaí leis an méid a bhíodh le rá ag an Dochartach. Is é an tátal a bhainimse as sin gurb amhlaidh a bhíodh an Núnánach ag aontú an–mhór leis an Dochartach ar chúrsaí an gheilleagair, agus nach raibh, agus nach bhfuil, airde léim giorria idir pholasaithe Fhine Gael agus Shinn Féin ar an ngeilleagar. Is é sin le rá: gur polasaí Nua–Liobrálach atá ag an dá Pháirtí ar an ngeilleagar. Is iad Páirtí na Dlúthpháirtíochta agus Pobail roimh Bhrabús an t–aon Pháirtí amháin i nDáil Éireann a bhíonn ag cur i gcoinne an Nua–Liobrálachais go rialta.
    Ar a shon sin is uile, is beag den ghnáthmhuintir a thacaíonn le cogadh na n–aicmí, cogadh ar cuid an–bhunúsach den Mharxachas é. Na polasaithe a ndeir Eoin Ó Murchú gur ‘líne dhearg’ atá fúthu, is mionlach den ghnáthmhuintir a chuireann mórán spéise dáiríre iontu, cúrsaí ‘comhionannachais’, agus athaontú na tíre go háirithe. Ó cheangail Máirtín Ó Cadhain ‘athghabháil na hÉireann’ le cúis na Gaeilge i mblianta 1960, tá fostaithe Ghluaiseacht na Gaeilge ag sá a smuit i ngach uile ábhar riamh, ach i gcur chun cinn na Gaeilge féin, sa tslí duit go bhfuil teanga na Gaeilge ar an dé deiridh mar theanga pobail, agus nach mbeidh á labhairt feasta ach daoine óga sula bhfágann siad blianta an aosánaigh ina ndiaidh, agus iad á gcraiceáil féin le Gaeltachtaí ‘popála aníos’ sna cathracha agus sna bailte móra go háirithe. Chuirfidís Indiaigh Rua Mheiriceá i gcuimhne do dhuine, nuair a bhraith siad seo, i ndeireadh an 19ú céad, go raibh deireadh ag teacht leo féin mar phobal ar leith, agus nuair a thosaigh siad ar Rince na dTaibhsí a raiciteáil. Staraí agus eolaí toghchán is ea an Dr Niamh Puirséil. Ag trácht dise ar a ainnise a rinne Páirtí an Luchta Oibre in Olltoghchán 2011, thug an Dr Puirséil a tuairim gur thréig a lán de lucht tacaíochta an Pháirtí sin an Páirtí, agus gur d’Fhianna Fáil a vótáil siad, mar gur i gcoinne pholasaithe Pháirtí an Luchta Oibre a bhí na gnáthvótálaithe sin ar chúrsaí an phósta comhghnéis, agus an ghinmhillte, abair. D’fhógair Mary Lou McDonald sa Dáil an tseachtain seo caite go bhfuil leathmhilliún vótálaí ann nach bhfuil an Comhrialtas nua ag seasamh dóibh. Ba iad lucht leanúna Shinn féin a bhí i gceist ag an Teachta McDonald, dar ndóigh. Bíodh a fhios ag an Teachta McDonald, gur breis is leathmhilliún vótálaí a vótáil NÍL leis na focail ‘diamhaslach nó’ a bhaint amach as Airteagal 40.6.1ºi de Bhunreacht na hÉireann, Dé hAoine, Deireadh Fómhair 26, 2018; agus gur mar a chéile an bhreis is leathmhilliún sin agus 70% de na vótálaithe a vótáil NÍL le haisghairm Airteagal 40.3.3º, an tAirteagal ar an nginmhilleadh. Is léir inniu go bhfuil sciar an–mhór dá lucht leanúna traidisiúnta tréigthe ag Fianna Fáil, agus nach aon iontas é gur i dtaobh le 2 Pháirtí eile atá Fianna Fáil inniu chun Comhrialtas a chur le chéile.
    Is í an fhadhb is mó ar an Eite Chlé i bPoblacht na hÉireann gurb annamh leo buachan ar réim aigne an aosánaigh, na blianta sin nach bhfoighníonn na haosánagih tuairimí ar bith ach a gcuid féin tuairimí, agus a mbaineann siad ardphléisiúr as a bheith ag gabháil steallaidh de gach uile dhuine eile, go háirithe de dhaoine cúpla bliain níos sine ná iad féin; agus go dtuigtear do na haosánaigh sin gur rud faisisteach biogóideach is ea é a bheith ag súil uathu le ciall ar bith don fhreagracht. Chuirfeadh an Eite Chlé na seicteanna Protastúnacha i gcuimhne do dhuine: gach uile sheachtain saolaítear seict nua.
    Tá gá le Páirtí nua Polaitíochta ag muintir Phoblacht na hÉireann: Páirtí Críostaí Sóisialta Daonlathach, Páirtí nach mbeidh ag iarraidh oidhreacht Chríostaí na tíre a ruaigeadh agus an Nua–Phágántacht a chur ina beart; Páirtí a chuirfidh rompu cur ann don ghnáthdhuine ar gach uile shlí, go háirithe lánúineacha atá ag iarraidh clann a thógáil; agus Páirtí a bheidh sásta tabhairt faoina gcuid polasaithe a chur chun cin go síochánta daonlathach. Beidh gá le córas nua Reifrinn a thabhairt isteach: córas Olagarcach atá againn; is córas fíor–Dhaonlathach a theastaíonn. Beidh gá le deireadh a chur le córas na nAoirí sa Dáil, agus féachaint chuige go mbeidh neart ag gach uile TD, vótáil de réir tosaíochta: ar an chéad rud, vótáil de réir a gcoinsiasa; ar an dara rud, vótáil ar leas na tíre; agus ar an tríú rud, vótáil ar leas a bPáirtí féin, más Comhalta de Pháirtí aon duine acu. Iarrthóir ar bith in Olltoghchán nach gcuirfidh in iúl go prionsabálta roimh an Olltoghchán é/í a bheith sásta dul i gComhrialtas tar éis an Olloghcháin, agus cén saghas Comhrialtais é sin, ná bíodh cead aigesean/aicisi dul i gComhrialtas tar éis an Olltoghcháin. Ná faigheadh aon duine post Aireachta, ná Aireachta Stáit, ach de réir an chéatadáin vótaí a thabharfaí dó/di san Olltoghchán.