Is fada ó bhain mé oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain

Scéal lán eachtraí, friotal fearúil feidhmiúil, dinnseanchas, draíocht –ní leagfaidh tú uait Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson go dtaga Aimhirgin i dtír. Léigí é agus léirítear ar TG4 é!

Is fada ó bhain mé oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain

Tuatha Dé Danann- Seilbh Inse Fódla
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16

Sibhse ar seoda beaga práinneacha leabhair shlachtmhara a shantaíonn sibh mar a shantódh duine eile pictiúr, ball éadaigh, crúsca nó cáca,  taitneoidh Tuatha Dé Danann – Seilbh Inis Fódla libh fiú mura ndéanfadh sibh ach í a láimhseáil agus a ghrinniú. 

Súil mhór ghorm dhiamhair ag stánadh amach as clúdach ar ghlas na coille méithe. Dearthóir innealta é Caomhán Ó Scolaí.

Bua eile nach bhfuil mórán thar chéad leathanach sa leabhar, ní call doicheall ná broid oibre mar leithscéal.

Chuaigh an t-údar ag póirseáil i seanleabhair an aosa léinn chun teacht ar scéal theacht na dTuatha Dé Danann go hÉirinn, ar a n-imeacht agus ar an gcéad uair sin ar leag na Gaeil cos ar chladach na tíre seo. Ar ndóigh bhí ar an údar cinntí áirithe a dhéanamh chun scéal leanúnach a dhéanamh as na himeachtaí éagsúla sin i stíl a léifí le pléisiúr sa lá inniu.

Chum sé comhráite, comhfhocail agus corrphíosa breá rachmaill agus chinn sé cloí le Cath Mhaigh Tuireadh amháin de ghrá na soiléire.

Bhain lucht an Bhéarla a lán adhmaid as an seanchas seo ar fad le blianta fada agus sa chás go bhfuil aon bhlas de sin léite agat, caith as do cheann é, faigh seomra folamh agus léigh an leabhar seo amach os ard.

Is fada ó bhain mé an oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain. Rithim, ceol agus comhfhuaim fite le simplíocht, nádúr agus deilbh na Gaeilge ina gcúlra sciamhach ag scéal lán eachtraí, gliceas, dea-chaint, daonnacht agus draíocht.  Mhionnófá an leabhar gur sheol Daghda físeán nó téip nó insta rialta ag Johnson dá chuid éachtaí, tá an comhrá chomh nádúrtha sin. 

Ní mé ar léigh Paschal Donohoe faoin reacht seo? ‘Ní raibh cleith ná scolb sa tír nár cuireadh cíos orthu. Ní raibh tua ná tobar sa tír nár cuireadh cáin orthu. Bóramha ar an mbólacht. Deachma ar an deatach.’

Cá bhfaighfeá a shárú seo mar chur síos ar dhéine eacnamaíochta faoi dhrochcheannaire:

‘Ní raibh lorg saille ar a gcuid sceana. Is fada ó bhí boladh coirme ná meá ar a gcuid anála. Níor ghnách feasta imreasán agus ardmholadh i measc na bhfilí, ná marbhna agus milisbhriathra i measc na mbard, ná cuisle ceoil i measc na gcruitirí, ná bonnán binn na bpíobairí, ná cornlíonadh a gcuid cornairí, ná cleas a gcuid cleasaithe, ná oirfide agus amhrán, ná agallamh óinmhidí, ná airneán ná aoibhneas ar theallach.’

Sibhse a mbíonn scéin oraibh agus sibh ag pacáil an mhála 10kg le ghabháil ar eitilt shaor thar sáile, cuimhnígí ar Bhreas is a Mhama ag pacáil le ghabháil go críocha a athar:

‘Cóiríodh long dóibh, agus cuireadh lón is leann ar bord ann, agus thug siad leo trí each agus carbad, cheithre chú, sleá agus sciath, coire fulachta, bréidín fraochdhearg, seachtar giollaí, gléas ceoil, gléas báire, folach fearthainne, corn meala, sé unsa duilisc, agus slat eolais le meabhair a bhaint as réalta is reanna na firmiminte.’

Agus nach breá an léirmheas é seo ar phíosa ceoil? ‘Sheinn sé suantraí uirthi a chuirfeadh suan ar mhnaoi ar a leaba seoil, suan ar ghaiscíoch géarghonta, suan ar dhoirseoirí an tsaoil.’

Tá lón anseo freisin daoibhse ar suim libh cúrsaí bia: ‘Líonadh an choire le leamhnacht seacht mbleachtach fichead, agus cuireadh a chothrom sin de bhlonag agus d’fheoil na ngabhar agus na gcaorach ann.’

Agus cá bhfágfá an cath cinniúnach féin?

‘Bhíodar na hóglaigh ag créachtadh a chéile, na tréin ag teascadh a chéile, na curaidh ag ciorrú a chéile agus na laochra ag leonadh a chéile ionas gur bhúir an talamh féin ag freagairt gach béime agus gach bris.’ Fág uaim Las Vegas!

I ndeireadh an leabhair seo míníonn an t-údar an cur chuige a roghnaigh sé agus an scéal seo á chur in oiriúint aige dúinne agus na foinsí ar tharraing sé astu. Tá píosa fíorspéisiúil aige chomh maith faoin stair agus an mhiotaseolaíocht agus an tuiscint an-éagsúil a bhíonn ag daoine ar an dá réimse sin dár ndán. 

Scéal lán eachtraí, friotal fearúil feidhmiúil, dinnseanchas, draíocht –geallaim duit nach leagfaidh tú uait an leabhar seo go dtaga Aimhirgin i dtír. Léigh do na gasúir é, léigh sa rang é, léigh in ard do chinn é.

Seoid na bliana.

Mar fhocal scoir, moladh do lucht na pleanála teanga agus na bpleananna foilsitheoireachta – tugtar breab ollmhór don údar seo le sraith iomlán dár seoda a athscríobh do léitheoirí an lae inniu.

TG4 – an bhfuil aon sprus beag fágtha agaibhse don údar Gaeilge?

Fág freagra ar 'Is fada ó bhain mé oiread pléisiúir as aon phrós Gaeilge a scríobhadh le ceathracha bliain'

  • eoghan o néill

    Maith thú, tá mé a dhul á cheannacht inniu ionns deis na scéalta a insint dos na garpháistí

  • Nóirín Ní Nuadháin

    Léirmheas fileata ann féin gan trácht ar an leabhar!

  • Seán Ó hAodha

    Is maith an scéalaí a chuimhníonn ar “sé unsa duilisc” a phacáil don lucht taistil ar long mhara. Níl ach dhá ghlúin ó bhíodh duilisc ar díol ar na haontai tuaithe intíre fud fad uachtair Chonnacht mar phurgóid chun fáil réidh le péisteanna.
    Is leabhair draíochtúla torthúla spreagúla barrúlacha iad “Conaire Mór” agus “Tuatha Dé Danann”. Táim ag súil go mór le himleabhar a trí.

  • Learraí

    ‘Conaire Mór’ (‘Togail Bruidne Da Derga’) ón údar céanna go hiontach ar fad freisin.