Ceoltóir, amhránaí agus teagascóir í Róise Ní Mhurchú agus traidisiún an cheoil á iompar aici ó ghlúin go glúin. Maidir leis an bportaireacht, rud nádúrtha di é.
“Is gnáthrud é a dhéanaim nuair atá mé ag foghlaim tiúine,” a deir buaiteoir an bhoinn óir i gcomórtas na portaireachta béil ag Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman an mhí seo caite. Is ceoltóir uirlise agus amhránaí ar an sean-nós í Róise freisin, tháinig sí sa dara háit sa gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós ag an bhFleadh i mbliana.
Níorbh é an chéad uair ag an gceoltóir óg as Rann na Feirste cur isteach ar an gcomórtas portaireacht béil, bhí sí san iomaíocht sna comórtais faoi 18 chomh maith.
“I dtús báire chuir mé isteach air agus is píosa craic a bhí ann nuair a chonaic mé go raibh an comórtas ann,” a deir sí
Seantraidisiúin sa gceol ó bhéal is ea an phortaireacht a bhíodh coitianta ar fud na hÉireann tráth, nuair nach raibh fáil ag daoine ar uirlisí ceoil. Is ceol damhsa is mó a bhíonn i gceist leis, a mhíníonn Róise, agus tiúineanna a mbeifí in ann steip a dhamhsa leo. Tá neart daoine óga á tabhairt leo anois, a deir sí.
“Ní dhéanann an oiread sin daoine anois í, ach tá go leor daoine óga á déanamh. Cuid de na cairde is fearr atá agam, bhuail mé leo tríd an gcomórtas sin.”
Tá saoirse ag baint leis mar fhoirm ealaíne, a deir sí. Níl rialacha dochta ann maidir leis an gcur chuige, rud a fhágann go mbíonn go leor stíleanna éagsúla le cloisteáil ag brath ar an gceoltóir féin.
“Níl aon seit portaireachta agam féin a mbainim úsáid as i gcónaí. Ní chloím leis an rud céanna gach uair, cibé rud is nádúrtha a mhothaím leis an tiúin.”
Tá an-suim aici an traidisiún a thabhairt ar aghaidh go daoine óga. Bhí sí ag múineadh na feadóige stáin ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i mbliana agus is minic í ag múineadh amhrán do pháistí ar fud Uladh a ghlacfaidh páirt san Oireachtas, comórtas ina bhfuil roinnt duaiseanna buaite aici féin, idir amhránaíocht agus an fheadóg stáin. Is mac léinn i gColáiste Ollscoile Mhuire i mBéal Feirste í faoi láthair, áit a bhfuil sí ag dul isteach sa tríú bliain de chúrsa ceithre bliana agus d’oibrigh sí le deireanas le Fís an Phobail, lucht pleanála teanga iarthar Bhéal Feirste, le ranganna amhránaíochta a chur ar fáil i ngaelscoileanna le páistí na cathrach a ullmhú d’Oireachtas na Samhna, a bheidh ar bun sa gcathair i mbliana. Tá go leor ar siúl aici, mar sin.
“Is breá liom é, is breá liom a bheith ag obair le páistí agus suim na bpáistí a spreagadh, go háirithe i rudaí nach bhfaigheann siad an deis a dhéanamh. Bhí mé ag teagasc amhrán ar an sean-nós le deireanas agus i gcúpla scoil bhí amhráin ar an sean-nós cluinste cheana acu, ach i gcuid eile ba é an chéad uair acu iad a chluinstin.”

Ní haon iontas é go bhfuil an oiread bá agus grá ag Róise don traidisiún óir d’fhás sí aníos i dteach ina raibh an ceol agus an amhránaíocht go láidir. Is é an craoltóir agus ceoltóir Marcas Ó Murchú a hathair agus is amhránaí í a máthair Caitríona.
“Is cuid é den saol, ní bheinn beo gan an amhránaíocht, an traidisiún agus an ceol,” a deir Róise.
Tá deich n-amhrán taifeadta ag Róise agus ag a tuismitheoirí do Amhráin ar Scoil, togra ar YouTube ar a bhfuil clanna ceolmhara an tuaiscirt le cloisteáil agus a bhfuil mar aidhm aige amhráin a mhúineadh do pháistí scoile.
Bhí deis ag Róise agus a hathair Marcas oibriú le chéile ar BBC Raidió Uladh agus an tseirbhís Ghaeilge ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód. Tugadh cuireadh dóibh cláir cheoil a chur i láthair, cláir a craoladh an mhí seo caite mar chuid den tsraith Blas Ceoil.
“Bíonn muid i gcónaí ag déanamh rudaí le chéile ag seinm ceoil agus rudaí mar sin. Is breá linn an ceol céanna, na hamhráin agus ceol gaelach ar ndóigh, agus bhí muid in ann díreach ár rogha féin a phiocadh fa choinne an chláir agus iad a chur le chéile. Bhí sé go deas gur tugadh an seans dúinn an clár a láithriú le chéile.”
Tá nasc aici le comórtas an Oireachtais i mBéal Feirste a théann siar dhá ghlúin. Bronnadh an bonn óir ar a seanathair Alf Ó Murchú, athair Mharcais, nuair a bhuaigh sé an Comórtas Amhránaíochta Faoi 35 sa mbliain 1961. Cailleadh é sular rugadh í féin, ach tháinig a hathair Marcas ar thaifead den chomórtas i gcartlann Raidió Éireann nuair a bhí sé ag déanamh taighde d’eagrán speisialta Oireachtais de Bhlas Ceoil.
“Bhuaigh mé an dara háit sa gcomórtas cúpla bliain ó shin agus bhí sé sin go deas fosta, an nasc a bheith ann idir mo sheanathair agus mé féin.”
Paraic Mac Donnchadha
Hi Róise agus fair play, a chailín. Agallamh an-deas ar fad. Agus tú go h-álainn sna pictiúirí, bail ó Dhia ort! Feicfimid áit eicint tú ag seinnt ceoil, táim cinnte. Comhghairdeas as do chuid éachtaí uilig! Hello le mam agus Deaid.