Deir an staraí aitheanta Gearóid Ó Tuathaigh gur “cailliúint do cháil” agus “d’fhéiniúlacht” Ollscoil na Gaillimhe é nach féidir cúrsaí éagsúla a dhéanamh trí Ghaeilge ann níos mó.
Agus é faoi agallamh le Helen Ní Shé ar an bpodchraoladh de chuid Tuairisc Paiste Cainte…, deir Ó Tuathaigh, ar iar-leasuachtarán ar an ollscoil é, gur maith ann forbairtí amhail Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ach gur trua a laghad cúrsaí a bhíonn ar fáil i nGaeilge ar an gcampas féin.
“Ba é an trua é gur ligeadh le sruth an soláthar trí Ghaeilge ar an gcampas féin agus cailliúint a bhí ann, cailliúint a bhí ann, cailliúint don áit, cailliúint do cháil na háite, cailliúint do spiorad na háite. Agus, an focal sin a úsáidtear rómhinic, b’fhéidir, féiniúlacht, féiniúlacht acadúil na Gaillimhe i measc na náisiún, bhí cuid di, bhí síol na féiniúlachta sin, cuid éigin ar aon chuma, in sna cúrsaí céime trí Ghaeilge, sna heolaíochtaí, ins an tráchtáil, ins na daonnachtaí agus go fiú, cuid des na daoine a bhí i ndámh na hinnealtóireachta ag an am, Gaeilgeoirí go smior iad, Deaglán Ó Caoimh agus a leithéid.”
Deir an tOllamh Ó Tuathaigh nach bhfuil aon chúis in aon chor ann nach bhfeadfaí cúrsaí céime trí Ghaeilge a chur ar fáil in ábhair éagsúla.
“Ní féidir filleadh ach ní hionann sin is a rá nach féidir tógáil as an nua ins an ré nua ina maireann muid. Cuirim i gcás, níl cúis faoin spéir nach bhféadfaidh cúrsaí céime trí Ghaeilge a chur ar bun, bunaithe ar mheitheal léachtóirí atá lonnaithe in sna hollscoile difriúla, go mbeadh lárionad amháin ann, b’fhéidir, nó go mbeadh ionad comhordanáide ann, ach go bhféadfaí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht nua as tréimhsí mar a dhéanann Open University, tréimhsí míosa, daoine ag dul ó áit go háit, le Corcaigh nó le DCU, nó pé rud é. Ní fheicim gur fál go haer é, soláthar ceart céimeanna trí Ghaeilge ar láthair, ar champais.
“Ach an ‘experiment’ áirithe sin, mar a deirimse, ollscolaíocht lán-Ghaelach ar champas, mar a thit amach sa Gaillimh idir 1926-27 agus deireadh na seascaidí tús na seachtóidí nuair a thosaigh an saol ag athrú, bá phribhléid é a bheith bainteach leis sin.
“Sin a thug anseo mé, sin a thug ó Luimneach go Gaillimh mé, seachas ó Luimneach go Baile Átha Cliath, nó go Corcaigh fiú amháin. Ba í an Ghaeilge a tharraing anseo mé agus níl lá aiféala agam faoi sin.”
Gearóid Ó Tuathaigh an aoi is déanaí ar an bpodchraoladh Paiste Cainte ag Helen…, sraith agallamh le Helen Ní Shé.
Agus toghchán uachtaránachta ar na bacáin, labhraíonn an tOllamh Emeritus le Stair faoi ról traidisiúnta an uachtaráin agus an t-athrú atá tagtha air. Tráchtann sé ar a óige i Luimneach, ar bhogadh go dtí an Ghaillimh chun tabhairt faoin léann agus ar a chairdeas le Micheál D Ó hUigínn.
Pléann sé chomh maith ceisteanna móra geopholaitíochta na linne, an cinedhíothú in Gaza, Donald Trump, Vladimir Putin agus na fáthanna go bhfuil an lámh in uachtar ag an lámh láidir faoi láthair sa domhan.
Déanann siad paiste cainte chomh maith faoi dhaonlathú na staire agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann leis agus insíonn an staraí don agallóir cén duine ón stair ar mhaith leis féin agallamh a chur air.
Fág freagra ar '‘Cailliúint do cháil’ Ollscoil na Gaillimhe a heaspa cúrsaí trí Ghaeilge – Ó Tuathaigh'