Táthar ag súil leis na mílte Gael ag an mórshiúl atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí eile Gaeilge i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo.
Tá traidisiún láidir i measc lucht labhartha na Gaeilge an bóthar a thabhairt orthu féin agus iad ag éileamh cearta teanga i réimsí éagsúla den saol. An babhta seo is iad an tithíocht, cúrsaí oideachais, agus cúrsaí maoinithe na rudaí is mó atá ag déanamh imní don phobal agus súil ag lucht eagraithe an mhórshiúil aird na bpolaiteoirí i dTeach Laighean a tharraingt ar na géarchéimeanna teanga sa Ghaeltacht agus sa chóras oideachais.
Seo a leanas cuid de na mórshiúlta ba thábhachtaí eile a tharla i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile in Éirinn le breis agus céad bliain anuas.
Mórshiúl Chonradh na Gaeilge, 1902
Beidh sé ag gleadhradh báistí i mBaile Átha Cliath an Satharn beag seo le linn an Mhórshiúil ‘Cearta’, ach ní hin í an chéad uair a bheidh na Gaeil ag siúl trí “shráideanna puitigh” na hardchathrach. Lá Fhéile Pádraig na bliana 1902, ghlac suas le 20,000 páirt sa chéad mhórshiúl a bhí ag Conradh na Gaeilge ó Shráid Eabhrac go Margadh na Feirme.
Tuairiscíodh ar An Claidheamh Soluis gur ghlac 50 craobh de chuid an Chonartha páirt ann “with their neat and artistic poplin banners and effective tableaux formed in the principal part”. Labhair Dubhghlas de hÍde leis an slua ag Margadh na Feirme.
Mórshiúl Chonradh na Gaeilge, 1903
D’éirigh chomh maith sin leis an gcéad mhórshiúl a d’eagraigh an Conradh gur eagraíodh ceann eile an bhliain dár gcionn – Lá Fhéile Pádraig 1903. Arís eile, ghlac craobhacha an Chonartha páirt sa mhórshiúl agus tugadh cuireadh d’eagraíochtaí cultúir eile a bheith ann. Bhí baill Choiste Chonradh na Gaeilge ann i gcarráistí chomh maith le bannaí ceoil, polaiteoirí móra Éireannacha na linne, agus scoláirí agus daltaí scoile i measc go leor daoine eile.
An Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, 1909
Deirtear gur ghlac 100,000 páirt san agóid ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an 19 Meán Fómhair 1909. Bhí brú á chur ar na húdaráis seasamh a thabhairt don Ghaeilge san ollscoil nua a bhí ar tí a bunaithe. D’éirigh leis an éileamh a bhí ag Conradh na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge éigeantach do mhic léinn a bheadh ag iarraidh áit a fháil san ollscoil. Cuireadh an riail sin i bhfeidhm sa deireadh i 1913.
Mórshiúlta ‘An Fháinne’, 1920idí
Bhíodh mórshiúlta á reáchtáil go tráthrialta ag an eagraíocht teanga ‘An Fáinne’ i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na 1920idí. Chuirtí na himeachtaí seo ar siúl mar ócáidí sóisialta ‘gréasánaithe’, mar a thabharfaí orthu sa lá atá inniu ann, do chainteoirí Gaeilge agus mar léiriú don chuid eile de shaol na hÉireann go raibh cainteoirí Gaeilge ann.
Rothaithe Chonamara, 1934
Ní mór-‘shiúl’ a bhí i gceist leis an turas mór a thug muintir Chonamara orthu féin i 1934 ach turas mór rothaíochta. Chruinnigh ceathracha rothaí sa Spidéal Aoine an Chéasta agus thug a n-aghaidh soir ar an Dáil i mBaile Átha Cliath. Rothaigh siad leo sa bhfuacht ar feadh na hoíche nó gur bhain siad Baile Átha Cliath amach maidin Satharn Naofa.
Cuireadh bia ar fáil dóibh i gceannáras Chonradh na Gaeilge i 14 Cearnóg Parnell agus ansin chuaigh toscaireacht go Teach Laighean le casadh le hÉamon de Valera. Mar thoradh ar an turas sin, cuireadh talamh ar fáil do theaghlaigh as Conamara i gcontae na Mí agus bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn.
Scoil Dhún Chaoin, 1971
Bheartaigh rialtas Jack Lynch Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin a dhúnadh sa bhliain 1970. Spreag an cinneadh agóidí móra i gCorca Dhuibhne agus san ardchathair, agus in earrach na bliana 1971 tosaíodh ar mháirseáil ó Dhún Chaoin go Baile Átha Cliath chun aird a tharraingt ar chás na scoile.
Eagraíodh cruinnithe agus bailíodh airgead feadh na slí ón scoil go hArd-Oifig an Phoist. Nuair a baineadh Sráid Uí Chonaill amach shuigh lucht na máirseála ar an talamh nó gur chuir an Garda Síochána an ruaig orthu.
Carna go Bearna, 1974
Ar an 19 Aibreán 1974 chuir an grúpa feachtais Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta tús le siúlóid 7okm ó Charna in Iorras Aithneach go Bearna ar bhruach chathair na Gaillimhe – ceann thiar agus thoir na Gaeltachta in iarthar an chontae – mar agóid in aghaidh pholasaithe an rialtais i leith na Gaeltachta.
Thóg sé trí lá ar an ngrúpa an turas a chur díobh agus iad ag éileamh “údarás áitiúil pleanála agus forbartha” don Ghaeltacht. Chothaigh an tsiúlóid scoilt sa Ghluaiseacht agus dúirt duine de lucht eagraithe na hagóide ina dhiaidh sin gur “dearmad mór straitéise” a bhí ann a bheith ag súil le slua mór.
Máirseáil Choláiste Mhuire 1974
Fuair Rialtas Liam Cosgrave réidh leis an riachtanas Gaeilge d’fhostaíocht sa státseirbhís ar an 7 Samhain 1974. Tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar na heagraíochtaí Gaeilge, agus eagraíodh roinnt agóidí sna laethanta ina dhiaidh sin.
Ba iad daltaí Choláiste Mhuire i mBaile Átha Cliath a d’eagraigh an ceann ba shuntasaí. Mháirseáil na daltaí ón scoil go Teach Laighean ar an 12 Samhain le litir a thabhairt don Aire Airgeadais. Labhair Uachtarán Chonradh na Gaeilge Pádraig Ó Snodaigh ag geataí Theach Laighean tar éis an mhórshiúil agus chuir “tréas” i leith an rialtais.
An Ghaeilge ar RTÉ, 1980
Tháinig uachtarán an pháirtí polaitíochta Plaid Cymry, Gwynfor Evans, anall as an mBreatain Bheag le páirt a ghlacadh i mórshiúl a d’eagraigh Conradh na Gaeilge ar an 11 Deireadh Fómhair 1980 lena míshástacht lena laghad clár Gaeilge a bhí á gcraoladh ar theilifís RTÉ an uair sin.
Shiúil lucht na hagóide trí shráideanna Bhaile Átha Cliath go hArd-Oifig an Phoist, mar ar labhair Evans faoin bhfeachtas ar son teilifís Bhreatnaise ina thír féin. Ní raibh caint ar bith an uair sin ar an stáisiún nua Gaeilge a tháinig ar an bhfód 16 bliain níos déanaí ach ar a thuilleadh clár Gaeilge a chraoladh ar RTÉ féin.
An Lá Mór, 2004
Ba é an an sprioc a bhí ag An Lá Mór, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán 2004, aird a tharraingt ar an bhfeachtas stádas mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach don Ghaeilge.
Shiúil tuairim is 5,000 duine ó Chearnóg Parnell go Teach Laighean agus labhair an Dr Pádraig B Ó Laighin, a chuir tús leis an bhfeachtas ‘Stádas’, ann. Labhair Aoife Ní Scolaí ó Chonradh na Gaeilge agus Tomaí Ó Conghaile a bhí gníomhach sa ghrúpa ‘Na Gaeil Óga’ ann freisin.
Lá Mór na Gaeilge, 2014
D’eagraigh Conradh na Gaeilge ‘Lá Mór na Gaeilge’ ar an 15 Feabhra 2014 agus iad ag éileamh “cothrom na Féinne agus seirbhísí stáit as Gaeilge ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí Béarla”.
Spreag dhá rud ar leith an agóid: cinneadh an chéad Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, éirí as a phost mar gheall ar “easpa tacaíochta ón rialtas” don teanga; agus tuarascáil de chuid Choimisiún na hEorpa inar luadh go raibh cosc á chur ar chur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh. Bhí tuairim is 8,000 duine páirteach sa mhórshiúl.
Slán le Seán, 2014
Eagraíodh mórshiúl eile le “slán a fhágáil le Seán Ó Cuirreáin” i nGaeltacht Chois Fharraige mar a bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga féin. Ar an 23 Feabhra shiúil cúpla céad duine ón oifig ar an Spidéal go ceannáras Roinn na Gaeltachta sna Forbacha lena dtacaíocht a thaispeáint d’Ó Cuirreáin agus a sheasamh in aghaidh fhaillí an stáit i leith na Gaeilge. Tugadh litir bhuíochais don Choimisinéir Teanga ag a oifig agus fágadh litir ghearáin do Dinny McGinley, aire stáit na Gaeltachta, sna Forbacha.
An Lá Dearg, 2014
Ba é ‘An Lá Dearg’ a reáchtáladh i mBéal Feirste ar an 12 Aibreán 2014 a chuir tús leis an ngluaiseacht cearta teanga ‘An Dream Dearg’ sa Tuaisceart. Shiúil na mílte duine ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál go Cearnóg Theach an Chustaim i lár na cathrach.
Tháinig an mórshiúl seo sna sála ar an dá ócáid mhóra eile i mBaile Átha Cliath agus i gCois Fharraige ach bhí a spriocanna féin ag muintir an Tuaiscirt freisin – cearta teanga a bhaint amach dóibh féin in Stormont. Leagadh an milleán ar Stormont i dtuarascáil de chuid Choimisiún na hEorpa faoin easpa dul chun cinn ó thaobh cearta teanga ó thuaidh. Ba é a bhí ag teastáil ó mhuintir an Tuaiscirt ná Acht Gaeilge.
Dearg le Fearg, 2017
Trí bliana i ndiaidh ‘An Lá Dearg’ in 2014, tháinig na sluaite amach arís i mBéal Feirste le cearta teanga a éileamh ar Stormont. Ba é seo an mórshiúl ba mhó le fada fada an lá áit ar bith in Éirinn agus tuairim is 10,000 duine páirteach ann.
Bhí cruth agus slacht ar fheachtas an Dreama Dheirg faoin am seo agus sprioc shoiléir acu Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart. Shiúil an slua ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Halla na Cathrach i lár Bhéal Feirste agus labhair réimse leathan daoine ón Tuaisceart ar an ardán ann.
BEO, 2018
Bhíothas ag súil le i bhfad níos mó daoine ná an 3,000 a tháinig chuig BEO, mórshiúl a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018. Bhí sé beartaithe an mórshiúl ó Chearnóg Parnell go Cearnóg Mhuirfean a reáchtáil ar an 3 Márta ach cuireadh ar athlá go dtí an 14 Aibreán é mar gheall ar an Stoirm Emma. Thug an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn óráid uaidh ón ardán ag Cearnóg Mhuirfean.
An Lá Dearg, 2022
Ba é an Lá Dearg 2022 an mórshiúl deireanach in Éirinn ar son na Gaeilge. Bhí sé ar siúl i mBéal Feirste ar an 21 Bealtaine agus arís eile bhí lucht labhartha na Gaeilge ag éileamh ar pholaiteoirí Stormont Acht Gaeilge a thabhairt isteach. Bhí an Lá Dearg seo níos mó ná an mórshiúl a reáchtáladh in 2017 agus thart ar 15,000 duine i láthair ann.
donncha Ó hÉallaithe
An phíosa taighde déanta leis an liosta cuimsitheach sin a chur le chéile.
Léitheoir
An-alt. Spéisiúil ar fad. Coinnigh leis!
Tá súil agam go mbeidh na sluaite san ardchathair dé sathairn!