Is deacair uaireanta ‘an peann dearg’ a chaitheamh uait agus pléisiúr a bhaint as an léamh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní raibh ónár gcolúnaí ach leabhar a mheallfadh chomh mór sin é go n-éireodh leis dearmad a dhéanamh ar chúrsaí scríbhneoireachta ar feadh seala…

Is deacair uaireanta ‘an peann dearg’ a chaitheamh uait agus pléisiúr a bhaint as an léamh

Ag tarraingt ar fhiche bliain ó shin, fuair mé féin mo chuid traenála mar barista sa teach caife a ndeachaigh mé ina bhun ina dhiaidh sin i gcathair na Gaillimhe. An lá cheana, chuimhnigh mé ar a ndúirt an fear a thug mo chuid traenála dom nuair a sheas mé taobh thiar den chuntar den chéad uair.

‘An bhfuil tú cinnte gurb é seo atá uait? Ón uair a leagfaidh tú lámh ar an inneall espresso sin ní bheidh an blas céanna ar chupán caife riamh arís.’

Focail fháidhiúla a bhí iontu.

Cé nár leag mé lámh ar inneall espresso (d’úsáid tráchtála) ó dhíol mé an teach caife sin trí bliana déag ó shin, aithním ar an bpointe boise céard a bhíonn mícheart (nó go deimhin ceart) le cupán caife ar bith dá dtugtar dom.

Bíonn sé ionann is dodhéanta dearmad a dhéanamh ar chleasa na ceirde nuair a bhíonn siad foghlamtha agat – agus uaireanta is pian sa tóin é sin.

Chuimhnigh mé ar an méid a dúirt an fear a thug mo chuid traenála ar an inneall espresso dom an lá cheana toisc go raibh an cur amach atá agam ar cheird na scríbhneoireachta ag teacht idir mé agus an taitneamh a bhí mé ag iarraidh a bhaint as an léitheoireacht.

Bhí mé ar shaoire bheag den chéad uair le fada. Bhí teach cois trá faighte ar cíos ag cara de mo chuid agus thug sé cuireadh dom féin agus do roinnt cairde eile dá chuid seachtain a chaitheamh ann ina chuideachta. Agus mé ag brionglóidí faoin leaba luascáin a bheadh sa teach sin go cinnte, bhreathnaigh mé ar na leabhair ar mo chuid seilfeanna agus phioc amach úrscéal a theastaigh uaim a léamh le fada an lá toisc go raibh oiread léirmheasanna moltacha léite agam ina thaobh: The Fishermen le Chigozie Obioma, a foilsíodh in 2015 agus a bhí ar ghearrliostaí an Man Booker Prize agus an Guardian First Book Award.

Bhí leaba luascáin taobh amuigh den teach saoire, díreach mar a bhí mé ag súil leis, ach ní raibh ag éirí liom sult a bhaint as an léitheoireacht. Tá scéal láidir in The Fishermen – tairngreacht scáfar a chuireann deireadh leis an dlúthchairdeas idir ceathrar deartháireacha sa Nigéir. Ach cé gur thug feabhas an scéil féin orm coinneáil orm ag tiontú na leathanach go dtí an deireadh, b’iomaí uair a chuir lochtanna teicniúla éagsúla– a bhí follasach go leor dar liom  féin– fonn orm an leabhar a chaitheamh uaim le teann feirge.

Achoimre roimh ré ar eachtraí a insítear ina n-iomláine ina dhiaidh sin, athrá ar fhocail agus ar fhrásaí, i bhfad an iomarca aidiachtaí, cuid de na lochtanna a bhíonn ar mo chuid scríbhneoireachta féin go minic, agus b’fhéidir gurbh é sin an fáth gur chuir siad as dom chomh mór sin: bímse ar mo mhíle dícheall á mbaint amach. Bhí sé ar nós go raibh The Fishermen á léamh agam agus peann dearg i mo lámh, nuair nach raibh uaim ach leabhar a mheallfadh chomh mór sin mé go n-éireodh liom dearmad a dhéanamh ar chúrsaí scríbhneoireachta ar feadh seala.

B’fhéidir gur cheart d’ábhair scríbhneoirí ceist a chur orthu féin sula bhfoghlaimíonn siad cleasa na ceirde: ‘an bhfuil tú cinnte gurb é seo atá uait?’

Fág freagra ar 'Is deacair uaireanta ‘an peann dearg’ a chaitheamh uait agus pléisiúr a bhaint as an léamh'

  • Mick

    Cinnte- tá sé deacair an léirmheastóir inmheánach a chur ina thost – go háirithe má scríobhneoir thú! Alt iontach a bhfuil ábhar machnaimh air!