Is cuma cén toradh foghlaimeofar ceacht ó na toghcháin áitiúla

Níl amhras ar bith ach go mbeidh sé níos soiléire tráthnóna Dé Domhnaigh nó maidin Dé Luain cathain a bheidh an chéad olltoghchán eile ann

Is cuma cén toradh foghlaimeofar ceacht ó na toghcháin áitiúla

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Cén tairbhe a bhainfidh na polaiteoirí éagsúla agus na páirtithe as torthaí na dtoghchán áitiúil?

Bíonn muidne mar thráchtairí ag breathnú ar na torthaí ar fad féachaint cén leide a thabharfaidh siad dúinn faoi thacaíocht na bpáirtithe agus, níos práinní ná ní ar bith eile, faoi thoradh agus dáta an olltoghcháin.

Cé gur minic a deirtear gur beag tábhacht a bhaineann leis na toghcháin áitiúla – níl aon chumhacht dáiríre ag na húdaráis áitiúla sa tír seo agus is beag airgead a bhíonn i gceist leo. Tá rud amháin tábhachtach fúthu – seo an chéad deis dáiríre ag lucht anailíse tuairim a fháil faoi thacaíocht an phobail do na páirtithe. Níl amhras ar bith ach go mbeidh sé níos soiléire tráthnóna Dé Domhnaigh nó maidin Dé Luain cathain a bheidh an chéad olltoghchán eile ann.

Is gnáth le páirtithe an rialtais ropadh a fháil ón bpobal sna toghcháin áitiúla. Níl aon amhras ach go mbeidh drochlá ag Fine Gael cé go léiríonn na toghcháin Eorpacha go bhfuil a dtacaíocht seasmhach go maith go náisiúnta. Chaill siad céad suíochán cúig bliana ó shin. Bhí 468 iarrthóir acu an babhta sin agus fuair siad 235 suíochán. Mórán na figiúirí céanna atá acu an babhta seo – 405 iarrthóir agus iad ag súil go dtoghfar thart ar dhá chéad go leith acu sin.

Tabharfaidh na páirtithe ar fad aird ar leith ar iarrthóirí nua óga atá acu lena mianach don chéad olltoghchán eile a mheas. Is beag nár scriosadh Fianna Fáil sa toghchán in 2011 agus trí bliana ina dhiaidh thosaigh siad ar an aiséirí sa bhfeachtas áitiúil. D’éirigh leo 265 comhairleoir a thoghadh. Is iad an páirtí is mó sna húdaráis áitiúla. An aidhm atá acu leis an bhfeachtas seo ná greim a fháil ar an smacht i gcuid de chathracha na tíre agus tuilleadh tacaíochta a mhealladh chucu i mBaile Átha Cliath, go háirithe.

Bhain siad leas as na toghcháin sin in 2014 le hiarrthóirí nua uaillmhianacha a chur chun cinn. Toghadh leithéidí Lisa Chambers i Maigh Eo, Anne Rabbitte i nGaillimh Thoir agus Mary Butler i bPort Láirge den chéad uair sna toghcháin sin.

Tá cúpla áit, go háirithe i mBaile Átha Cliath, go mbeidh siad ag faire cé chomh maith agus a éireoidh leo Dé hAoine le súil agus suíochán a ghnóthachtáil ar ais san olltoghchán. Luaitear Cuan Átha Cliath Thuaidh, Dún Laoghaire agus Baile Átha Cliath Láir go háirithe.

Seo an chéad toghchán áitiúil ag Sinn Féin ó ceapadh Mary Lou McDonald ina huachtarán orthu. D’éirigh thar barr le Sinn Féin cúig bliana ó shin – is beag a cheapann go n-éireoidh leo cur leis sin an babhta seo. Tá 149 comhairleoir acu agus beidh súil acu an méid sin a choinneáil. Ach an oiread le páirtithe eile tá siad ag faire ar an méid tacaíochta a gheobhaidh siad i ndáilcheantair áirithe  – Corcaigh Láir Thuaidh agus Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh – ar mhaithe le hiarracht a thabhairt faoi shuíochán Dála an chéad uair eile.

Deis a bheidh sna toghcháin amárach a mheas an bhfuil aon téarnamh a i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre. Tá 36 comhairleoir dá gcuid ag seasamh an athuair sna toghcháin seo. Rinneadh scrios ar an bpáirtí san olltoghchán in 2016 agus roimhe sin i gCorcaigh sna toghcháin áitiúla in 2014. Beidh siad ag súil le suíocháin bhreise sa gcathair ó na toghcháin seo. Tá siad ag díriú ar Phort Láirge mar áit go bhféadfaidís dul chun cinn a dhéanamh freisin. Suíocháin san olltoghchán an sprioc ag deireadh an lae ach beidh leide le fáil ó chomhaireamh an deireadh seachtaine seo.

Tugann sracfhéachaint ar na torthaí áitiúla ó 2014 léargas ar chomh mór agus a bhí an vóta neamhspleách an t-am sin. Tá cuid de na neamhspleáigh chéanna sa Dáil anois agus ag bord an rialtais.

Cuirfidh aon laghdú suntasach ar sciar na neamhspleách den vóta imní orthu sin ar fad.

Is féidir a rá gurb iad seo na toghcháin is mó a théann i gcion ar an bpobal. Tá rud éigin pearsanta ag baint le toghcháin áitiúla nach mbaineann le haon bhallóid eile.

Beidh a fhios againn chomh maith ina ndiaidh céard iad tuairimí an phobail i leith na bpáirtithe éagsúla.

Bíodh an Breatimeacht ann nó ná bíodh, faoi Dé Luain seo chugainn beidh dáta de shaghas éigin ina gceann ag Fine Gael agus Fianna Fáil maidir le cathain ab fhearr filleadh ar na doirse d’olltoghchán.

Fág freagra ar 'Is cuma cén toradh foghlaimeofar ceacht ó na toghcháin áitiúla'