Is cosúil go mbeidh ár bpolaiteoirí ar a laghad 40 lá agus 40 oíche sa bhfásach…

Meas tú nach ar an Teagasc Críostaí atá Fine Gael ag cuimhneamh lena seasamh ar chomhrialtas?

Is cosúil go mbeidh ár bpolaiteoirí ar a laghad 40 lá agus 40 oíche sa bhfásach…

Seachtain ó inniu Céadaoin an Luaithrigh, tús an Charghais. Lá a mbeidh Críostaithe ar fud na cruinne ag cur tús le seacht seachtaine machnaimh, troscaidh agus tréanais roimh an gCáisc.

Déantar íobairtí an Charghais I gcuimhne ar an tréimhse a chaith Íosa Críost sa bhfásach, dar leis an Tiomna Nua. Chaith sé 40 lá faoi chathú ag an diabhal de réir an Bhíobla agus tháinig sé slán.

Meas tú nach ar an Teagasc Críostaí atá Fine Gael ag cuimhneamh lena seasamh ar chomhrialtas? Gheall Sinn Féin agus Fianna Fáil athrú dúinn, a deir siad. Rinne Sinn Féin geallúintí nach féidir a chomhlíonadh. Dúirt Fianna Fáil go bhféadfadh siad malairt rialtais a chur ar fáil. Ghéill na vótóirí don chathú a cuireadh orthu agus anois is leis na dreamanna a fuair sciar níos mó den vóta gníomhú le rialtas a chur i dtoll a chéile.

Is léir ag éisteacht le hurlabhraithe Fhine Gael nach bhfuil siad róshásta lena laghad buíochais a fuair siad ag na bothanna vótála as a gcuid iarrachtaí le blianta beaga anuas.

Bhí siadsan stuama agus ní dhearna siad aon gheallúintí móra, dar leo féin.

Dá réir sin, is é an port atá acu gur leis an dream a gheall réiteach ar an uile dheacracht dul i mbun oibre leis na geallúintí sin a chomhlíonadh.

An locht ar an argóint sin? Níl na huimhreacha cóiriúil. Agus níl péire den trí mhórpháirtí sásta labhairt leis an tríú ceann.

Tá sé i gceist ag Mary Lou McDonald leanacht leis na hiarrachtaí rialtas de chuid na heite clé a chur le chéile. Ní féidir, dá mhéid iarrachtaí dá ndéanann tú, teacht ar ochtú vóta gan stró nuair nach bhfuil agat féin ach tríocha a seacht.

Meabhraíonn urlabhraithe ó Fhianna Fáil agus Fine Gael dúinn go bhfuil ochtó a seacht suíochán ann, gan iadsan a chur san áireamh. Ní aithníonn siad sa gcaint sin an réimse dearcaí agus tuairimí atá ina measc sin uile.

An tuairim a fhaighim ón gcaint sin go bhfuil siad ag réiteach an bhealaigh le dul isteach le chéile.

An rud a chaithfear a dhéanamh roimhe sin ná an bealach a réiteach dá gcuid ball agus do chosmhuintir an dá pháirtí.

Dá mhéid doichill dá bhfuil acu roimh Shinn Féin, tá an tseanghráin stairiúil ar a chéile fós an-láidir.

Ainneoin cúrsaí Breatimeachta, ní bhreathnaíonn sé aon phráinn a bheith ag na páirtithe leis an bpróiseas cainteanna seo a thabhairt chun críche. Chuile sheans gur ‘íobairt chun leasa na tíre’ a chuirfear i láthair an phobail faoi dheireadh.

Chaith Íosa Críost 40 lá agus 40 oíche sa bhfásach an chéad Charghas sin. Is cosúil go mbeidh polaiteoirí na hÉireann ar a laghad an t-achar sin, agus b’fhéidir a dhá oiread, sa bhfásach sula gcuirfear rialtas faoinár mbráid i mbliana.

Fág freagra ar 'Is cosúil go mbeidh ár bpolaiteoirí ar a laghad 40 lá agus 40 oíche sa bhfásach…'