Is as an Úcráin mé, tír ina bhfuil síocháin agus sonas mar aisling ag na daoine

I gcolún raidió a rinneadh don chlár ‘Tús Áite’ ar RnaG déanann séiplíneach an phobail Úcránaigh in Éirinn cur síos ar ‘thragóid’ a thíre

Is as an Úcráin mé, tír ina bhfuil síocháin agus sonas mar aisling ag na daoine

Is mise an tAthair Vasyl Kornitsky. Is mé séiplíneach an chomhphobail Úcránach in Éirinn. Tháinig mé anseo naoi mbliana ó shin agus d’aimsigh mé mo bhaile nua in Éirinn.

Tháinig mé go dtí an tír álainn seo ó thír ina bhfuil grá ag ár muintir do Dhia agus don tsaoirse. Is as tír mé ina bhfuil aisling don tsíocháin, aontacht agus sonas ag na daoine. Tógadh mé i ré An Aontais Shóivéadaigh, áit a ndearnadh géarleanúint ar ár nEaglais, a d’fhan faoi cheilt ar feadh seachtó bliain.

Is cuimhin liom scéalta a chloisint ó mo sheantuismitheoirí nuair a bhí mé i mo pháiste, faoi na milliúin daoine a fuair bás den ocras le linn gorta mór na 1930idí, gorta a tharla d’aon ghnó.

Inniu, sa 21ú haois, is scéal tragóide é scéal mo thír-se fós. Scéal náisiúin atá ag iarraidh bheith saor é.

Bím ag taibhreamh faoin am go mbeidh an Úcráin ina scéal nuachta ina n-insítear faoi mar atáimid, muintir na hÚcráine, ag maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shuaimhneas.

Ach mo léan, inniu táim ag labhairt ar son na máithreacha nach bhfuil in ann codladh na hoíche a fháil, ar son na ndaoine atá á marú, ar son na ndaoine óga a fhéachann i dtreo an Iarthair agus atá ag iarraidh sochaí a thógáil ina gcothaítear iad, ina bhfuil meas orthu agus ina gcoinnítear beo saoirse agus dínit an duine.

Ón mbliain 2014, tá 5,000 de mo chomhthírigh tar éis bás a fháil in oirthear na hÚcráine ag cosaint a flaithis.

Tá muidne, atá inár gcónaí in Éirinn, thar a bheith buartha faoinár muintir atá san Úcráin. Tá mo chlannsa ar fad ina gcónaí ansin. Briseann sé mo chroí a chloisint nach bhfágfaidh mo thuismitheoirí an baile má bhíonn cogadh dearg ann.

Tá sé deacair gan mothú éidreorach, gan ghuth agus gá againn le cosaint.

Sna hamanna crua seo, táímidne, na hÚcránaigh, a bhfuil cónaí orthu san Úcráin féin agus thar lear, an-bhuíoch go deo de na daoine gan áireamh a thacaíonn linn.

Téann an raidhse tacaíochta ó mhuintir na hÉireann go croí ionam féin. Ba mhaith liom go mbeadh a fhios agaibh go bhfuilimid an-bhuíoch as gach uile paidir don tsíocháin san Úcráin, as bhur dtacaíocht agus bhur ngrá.

Tá a fhios agam gur tíolacadh ó Dhia í an tsíocháin agus gur féidir an bhuairt a chlaochlú ina fuinneamh a ardaíonn meanma is a thugann taca. Tá mé ag guí agus tá dóchas agam go mbeidh an tsíocháin i réim san Úcráin agus go mairfidh muintir mo thíre faoi shíocháin.

Le bhur dtoil, guígí ar son na síochána agus ar son mhuintir na hÚcráine.

Fág freagra ar 'Is as an Úcráin mé, tír ina bhfuil síocháin agus sonas mar aisling ag na daoine'