Iris eolach don anam Irisleabhar Mhá Nuad a léiríonn nár thráigh an tobar fós

Seo chugainn ar Irisleabhar Mhá Nuad, glúin nua scríbhneoirí acadúla a chuireann ar a súile dá muintir ‘an fiúntas nach feas dóibh a bheith iontu...’

Iris eolach don anam Irisleabhar Mhá Nuad a léiríonn nár thráigh an tobar fós

Irisleabhar Mhá Nuad 2018

An Sagart, €10

Athrú ná athrú níor tháinig ar dhreach Irisleabhar Mhá Nuad ó bhí mise ar ollscoil tá 30 bliain ó shin. Builín focal atá ann agus cothú dá réir sin le fáil sna leathanaigh.

An t-am a raibh mise á léamh, ba i mbun taighde ar litríocht Dhún na nGall a bhí mé. Amharc nár thráigh an tobar sin taighde go fóill agus dhá phíosa bhreátha le Seán Mac Corraidh agus Eimear Ní Dhroighneáin ar ghnéithe den litríocht réigiúnach sin. Scríobhann Mac Corraidh ar chás Shéamuis Uí Ghrianna agus tá aiste ag Ní Dhroighneáin ar chás na mban óg, Róise Rua Mhic Grianna agus Máire Rua Uí Ghallachóir, a chaith seal ag obair in Albain. Tugann siad beirt léargas ar dóigh ar ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeltachta agus is fearr do chuid eolais i ndiaidh duit na haistí a léamh ná roimhe.

Tá aiste ag an scríbhneoir, Breandán Ó Doibhlin, ar dhán de chuid Sheáin Uí Ríordáin; aiste le hAmy Mitchell ar an chaidreamh idir Seán Ó Ríordáin agus ‘An File’ Mícheál Ó Gaoithín; alt le Seán Mac Risteaird ar shaothar Mhichíl Uí Chonghaile, dornán léirmheasanna ar leabhair chomhaimseartha, scríbhneoireacht nua chruthaitheach agus ábhar eile a bhaineann go sonrach le himeachtaí teanga i Má Nuad.

Cothú, mar a dúirt mé.

Eagrán speisialta den irisleabhar atá ann, eagrán a dhéanann ceiliúradh ar na mic léinn a bhunaigh cumann Gaeilge i Má Nuad 120 bliain ó shin. Doiligh a chreidbheáil. 120 bliain ó shin agus is ann don Ghaeilge sa choláiste agus in Éirinn go fóill, más ar éigean é, agus seo anois, i measc na seanghlúine agus na glúine meánaosta, glúin nua scríbhneoirí acadúla. Ní gan chúis a scríobhann eagarthóirí an irisleabhair: ‘In ainneoin thuartha ár síothlaithe agus mhórathruithe an tsaoil, táimid ann i gcónaí – tá an teanga ann, tá lucht labhartha ann, tá scríbhneoirí ann, tá léitheoirí agus criticeoirí ann, tá Cuallacht Cholmcille ann agus tá Irisleabhar Mhá Nuad ann, é mar mhana againn i gcónaí é a chur ar a súile dár muintir an fiúntas nach feas dóibh a bheith iontu…’

Tá cúpla líne eile ag na heagarthóirí – Tadhg Ó Dúshláine, Tracey Ní Mhaonaigh, Liam Mac Amhlaigh agus Ronan Doherty – a bhainfeadh preab as an léitheoir, b’fhéidir. Deir siad go bhfuil dul chun ‘éachtach’ déanta ag litríocht na Gaeilge ach nár cheart dúinn ‘a bheith róbhuartha’ faoi chúrsaí litríochta.

‘Tar éis an tsaoil ní raibh na Gaeil riamh rómhór i dtuilleamaí chultúr na leabhar. Ní raibh ann ach gléas teoranta taifeadta chun go mbeadh ár dtuairisc inár ndiaidh. Ní hé an leabhar bun agus barr an scéil; earra teoranta go maith é: Cré na Cille – balbh, bodhar gan an guth labhartha a shéideann anam ann.’

(Tá mé leis na focail sin a ghreamú den scáileán agus iad a léamh am ar bith a n-éiríonn an t-uabhar rómhór i gcroí iriseora.)

Is é an t-iontas é, mar sin féin, gurb ann don irisleabhar go fóill agus gurb ann do dhaoine atá in ann agus fonnmhar dul a scríobh ar an ghléas theoranta thaifeadta. Más scríbhneoir nó scoláire comhaimseartha thú, caithfidh sé gurb ábhar sóláis agus dóchais é go bhfuil lucht ollscoile ag plé le do shaothar. Tá saothar Mhichíl Uí Chonghile, Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Tracey Ní Mhaonaigh agus Sheosaimh Uí Mhurchú faoi chaibidil anseo ag daoine a bhfuil fios a ngnoithe liteartha acu.

Thairis sin, más scoláire thú agus fonn ort an fód a thiontú i gcuibhreann na litríochta, seo agat irisleabhar nach gcúlaíonn roimh an tochailt ach a chuireann fáilte roimpi. Ní masla ar bith é má deirim go gcleachtann, abair, Mac Corraidh agus Ní Dhroighneáin, cur chuige traidisiúnta ina gcuid aistí siúd, is é sin, insíonn siad scéal, bunaithe ar thaighde, ar fhoinsí scríofa agus ar agallaimh.

Níl a dhath ar bith contráilte leis sin – a mhalairt, déarfainn. Cuireann siad beirt i gcuimhne dúinn gur mhair ábhar daonna na n-aistí seo lá den tsaol. Daoine a bhí iontu, daoine a raibh na deacrachtaí céanna acu agus a bhíonn againn uile, is é sin, arán a chur ar thábla agus bheith beo sa tsaol chadránta seo. Ní beag an méid sin féin, cur i gcuimnhe don chéad ghlúin eile gur mhair na daoine seo le cuimhne na ndaoine. Ní den tseanstair iad ach d’Éirinn ár linne.

Tá an bhéim chéanna ar thaighde agus ar fhoinsí ag Mac Risteaird agus Mitchell ach ní hionann ar fad an modh oibre a chleachtann siad. Is minic an téarmaíocht nua-aimseartha chun cinn ina gcuid scríbhneoireachta. Scríobhann Mitchell ar an ‘fhearúlacht heigeamaineach’ agus deir Mac Risteaird gur iarracht atá ina aiste ‘cothrom na Féinne a thabhairt do shaothair chruthaitheacha éagsúla Uí Chongaile ag baint leas as uirlisí critice agus léitheoireachta a eascraíonn as teoiric na haiteachta, nó queer theory, scoil a tháinig chun cinn sna nóchaidí’.

Gach duine mar a oiltear. Faoin léitheoir a bheas sé le socrú cé acu cur chuige is fearr leis. Ach, ar a laghad ar bith, tá scríbhneoirí, léitheoirí agus criticeoirí ann.

Fág freagra ar 'Iris eolach don anam Irisleabhar Mhá Nuad a léiríonn nár thráigh an tobar fós'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Go maith, Ca bhfeadfaimís cóip a fhail?

  • Seáinín Mac Conraoi
  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    B’fhéidir go mbeadh sé in am alt i mBéarla a scríobh ar dhea-scéal Irisleabhar Mhá Nuad san ‘IT’ nó ceann eile des na nuachtáin móra?