‘Iontach a bheith ag breathnú ar ócáid stairiúil’ – muintir Keane sásta gur pléadh a gcás in Westminster

Deir muintir Keane atá ag troid chun cead a fháil Gaeilge a chur ar leac chuimhneacháin a máthar i Sasana go bhfuil an ceart ag gach uile Éireannach go léireofaí meas ar a theanga

‘Iontach a bheith ag breathnú ar ócáid stairiúil’ – muintir Keane sásta gur pléadh a gcás in Westminster

Tá ráite ag clann Margaret Keane go bhfuil siad “thar a bheith buíoch” gur pléadh a gcás faoin nGaeilge i Westminster tráthnóna.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane sna cúirteanna eaglasta i Sasana faoi chinneadh a rinneadh nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

D’ardaigh an Feisire Parlaiminte Conor McGinn cás mhuintir Keane i dTeach na dTeachtaí inniu.

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt iníon Margaret Keane, Bernadette, go raibh sé iontach an cás a fheiceáil á phlé i Westminster.

“Tá an teaghlach go léir fíorbhuíoch go deo as an tacaíocht iontach a fuaireamar ó phobal na nGael i ngach uile cheard. Bhí sé iontach a bheith ag breathnú ar ócáid stairiúil sa Pharlaimint inniu agus an cás á ardú ag an bhFeisire Conor McGinn. Ba mhór againn an t-achomharc agus próiseas na cúirte eaglasta a bheith á phlé ansin.

Dúirt Bernadette gur thuig an teaghlach nach le leac a máthar amháin a bhain an scéal.

“Tá a fhios againn go maith nach é scéal ár dteaghlaigh amháin atá i gceist anseo ach cearta gach uile Éireannach go léireofaí meas ar a dteanga agus a bhféiniúlacht agus go bhfaighidís cothrom na Féinne. Gabhaimid buíochas le gach duine a sheas gualainn ar ghualainn linn chun dúshlán na claontachta a thabhairt.”

Bhásaigh Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann, in Coventry in 2018 ach dhiúltaigh breitheamh i gcúirt eaglasta Shasana d’achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Keane.

Dúirt an Breitheamh Stephen Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, áfach, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane chuig an gcúirt deoise is sinsearaí i Sasana agus níor cuireadh leac chuimhneacháin ar uaigh Margaret Keane fós, os cionn dhá bhliain ó bhásaigh sí.

Tá os cionn £2,000 caite ag clann Keane ar an gcás go dtí seo agus bheadh costais bhreise i gceist leis an achomharc ach thug Conor McGinn le fios go raibh dea-scéal faighte aige maidir leis sin agus é ráite ag Eaglais Shasana go n-íocfaidh siad as na costais a bhaineann leis an achomharc.

Fág freagra ar '‘Iontach a bheith ag breathnú ar ócáid stairiúil’ – muintir Keane sásta gur pléadh a gcás in Westminster'