Iompraíodh cónra Larry Dunne ‘thar an droichead’, sin mar ab fhearr leis féin é

Sa Rinn i mBaile Átha Cliath, tá nósanna sochraide acu a théann chomh fada siar nach eol d’éinne cén uair a thosaigh siad

Iompraíodh cónra Larry Dunne ‘thar an droichead’, sin mar ab fhearr leis féin é

Tá go leor foghlamtha againn faoi nósanna sochraide le roinnt míonna anuas. Feictear dom gur rud é nár thugamar mórán suntais dó roimhe sin.

Ceann de na rudaí atá tarlaithe, measaim, ná go bhfuil níos mó measa ag daoine anois ar an ‘teacht le chéile’ agus ar an tacaíocht phearsanta seachas ar dheasghnátha na heaglaise, pé ar bith eaglais atá i gceist.

Tá an rud ar fad níos feiceálaí ar bhealach. Má thagann daoine le chéile, ag seasamh beagán amach óna chéile, ag seasamh ar na bóithre ar an mbealach go dtí an reilig, nó taobh amuigh den séipéal, nach bhfuil rud éigin láidir sa siombalachas sin?

Feiceann muid na comharsana, feiceann muid na gaolta, bíonn seans ag daoine labhairt lena chéile, comhbhrón a dhéanamh – fiú amháin agus muid scoite amach óna chéile.

Sa Rinn i mBaile Átha Cliath, tá nósanna láidre sochraide acu a théann chomh fada sin siar sa stair nach eol d’éinne cén uair a thosaigh siad. An rud is tábhachtaí ag sochraid ar bith ar an mbaile sin, ná an ‘dul thar an droichead.’

Ceaptar go bhfuil rian den ‘dul thar Abhainn na hIordáine,’ ag baint leis an nós seo.

Tagann gach sochraid thar Droichead Abhainn na Dothra gar don bhaile féin. Tógann scata fear – agus ban freisin, an chónra amach as carr na sochraide agus iompraíonn siad é thar an droichead agus chomh fada leis an séipéal i lár an bhaile.

Obair chrua í seo agus obair sách deacair a eagrú. Sin é an fáth gur fhás an traidisiún go mbeadh cúpla duine ‘i gceannas’ ar an obair seo – ag eagrú an dream a d’iompródh an chónra; an t-athrú foirne tar éis scaithimh ag iompar agus ansin ag glaoch ar bhaill chlainne len í a iompar isteach sa séipéal.

Tá an traidisiún chomh láidir sin i measc an phobail gur iarr daoine ón Rinn a bhí ina gcónaí thar lear, go dtabharfaí a gcorp abhaile chun é a iompar thar an droichead den uair dheireanach.

Agus cé gur Caitlicigh den chuid is mó iad an dream a bhfuil baint acu leis an nós, deirtear gur iompraíodh roinnt Protastúnach thar an droichead sular tugadh an chuid eile den turas sa charr iad go dtí an séipéal Protastúnach.

Go deimhin, duine a luaitear go minic leis an traidisiún ná Noel Reed, fear a bhíodh á stiúradh ar feadh tréimhse sa 20ú haois. Saighdiúir a bhí ann a throid sa gCéad Chogadh Domhanda agus nuair a tháinig sé abhaile go Baile Átha Cliath thosaigh sé ag eagrú na sochraidí. Thug seisean an traidisiún dá mhac Stephen ‘Chunks’ Reed agus uaidh sin do dhaoine eile. Nuair a bhásaigh Reed, tugadh a chorp féin thar an droichead agus ansin ar aghaidh go dtí Séipéal áitiúil de chuid Eaglais na hÉireann, Séipéal Naomh Maitiú.

Le roinnt mhaith blianta anuas bhí an nós luaite le beirt fhear ach go háirithe, John ‘Boy’ Murphy agus Lar ‘Stingers‘ Dunne. Beirt fhear láidir a bhí iontu a bhí chomh tógtha sin leis an nós go nglacaidís am saor ón obair lena dhéanamh. Tá ‘Boy’ Murphy imithe ar shlí na fírinne ó 2019.

Leictreoir a bhí i Larry Dunne agus le linn a shaol oibre bhí sé i gceannas ar chúrsaí leictreachais in ardaitheoirí leictreacha na n-árasán i mBaile Munna. Dugaire ab ea ‘Boy’ Murphy ar nós go leor fear eile sa Rinn. Tagann na leasainmneacha ó phobal agus ó thraidisiúin na ndugairí.

Chomh maith leis an obair sin, bhí an-bhaint ag Lar le himeachtaí sacair i mBaile Átha Cliath. Bhí sé féin agus ‘Boy’ Murphy ar fhoireann St Patrick’s CYMS a bhuaigh an Chraobh FAI Shóisearach sa mbliain 1979.

Agus toisc go raibh súil ghéar peile aige, bhí sé ina fhear faire do Manchester United, ag obair leis an bhfear faire eile, Joe Corcoran. Deirtear gurb é Lar Dunne a chéad thug faoi deara an tallann a bhí ag an bpeileadóir John O’Shea i bPort Láirge, fear a d’imir do United agus d’fhoireann na hÉireann.

Buaileadh tinn é timpeall sé nó seacht seachtainí ó shin. Tugadh isteach ag an ospidéal é áit ar cuireadh cóir leighis air ach níor tháinig sé amach as arís. Ní raibh cead ag éinne dul ar cuairt aige. Tugadh cead dá bhean chéile cuairt ghearr a thabhairt air – le slán a fhágáil aige, is dóigh.

Fuair sé bás den Covid-19 cúpla lá ó shin.

Bhí a chomhimreoir ar an bhfoireann bhuacach sin i 1979, Seán Gregg ag an tsochraid. Bhí comrádaí eile dá chuid, ‘Bonker’ Murray, ann. Fuair Bonker a leasainm ón dornálaíocht.

‘Bhí mé an-bhródúil gur thug Lar ‘cara’ orm,’ dúirt sé liom ag an séipéal. ‘Fear uasal a bhí ann.’ Ba léir go raibh aithne ag chuile dhuine ar a chéile agus iad bailithe taobh amuigh ar an tsráid.

Chuir Manchester United iad féin a n-ómós in iúl do Larry Dunne leis an ngeansaí a chuireadar ar aghaidh le cur ar an gcónra. Uimhir a Seacht a bhí air – an uimhir a chaitheadh George Best, Eric Cantona, David Beckham agus Cristiano Ronaldo tráth.

Rinneadar sin chun a léiriú gur ‘legend’ a bhí i bhfear na Rinne, ar nós na bhfathach ar fad arbh leo an geansaí clúiteach sin san am a caitheadh.

Tháinig na sluaite amach le slán a fhágáil ag Lar. Ach bhíodar ann freisin lena meas ar an bhfear féin a thaispeáint. Chomh luath agus a tháinig carr na sochraide chomh fada le Bóthar na Rinne, tugadh an chónra amach as agus suas léi ar ghuaillí a chomrádaithe agus a chuid comharsan.

De réir na nósmhaireachta san áit athraíodh na daoine a bhí faoin gcónra ó am go ham agus an dream deireanach a d’iompair é ná a chlann féin.

Bhí buachaillí ó na clubanna sacair áitiúla ann; bhí baill na gclubanna rámhaíochta ann; bhí Méara na Rinne féin ag stiúradh na tráchta.

Agus bhí duine i measc an tslua ag stiúradh na ndaoine a thógfadh an cónra agus a d’iompródh ‘thar an droichead é’. Tá duine eile tagtha i gcomharbacht ar Lar agus maireann an traidisiún beo.

Fág freagra ar 'Iompraíodh cónra Larry Dunne ‘thar an droichead’, sin mar ab fhearr leis féin é'