Ingne ildaite Tropical Popical sa Ghailearaí Náisiúnta

Taispeántas ealaíne bunaithe ar dhathú ingne le feiceáil saor in aisce i mBaile Átha Cliath

Ingne ildaite Tropical Popical sa Ghailearaí Náisiúnta

Is féidir a rá go cinnte anois gur ealaín aitheanta atá sa dathú ingne agus ceangal déanta ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath leis an salón ingne Tropical Popical sa chathair chéanna.

Tá taispeántas ar siúl faoi láthair i stiúideo na mílaoise sa Ghailearaí Náisiúnta agus é dírithe go hiomlán ar an ealaín a bhaineann le dathú ingne. Taispeántas ‘meán measctha’ atá ann a bhaineann le hingne ildaite ar thaobh-bhalla amháin de chuid an stiúideo sin. Is ón saothar ealaíne sa Ghailearaí féin a tháinig an inspioráid do dhathú na n-ingne sin. 

Imeartas focal atá sa teideal atá ar an taispeántas – Renailssance – meascán idir na focail ‘Renaissance’ agus ‘nails’. An saineolaí stíle Aisling Farinella agus an grianghrafadóir faisin Eilish McCormick a chuir an taispeántas seo le chéile don salón ingne agus don ghailearaí.

Nuair a smaoiníonn tú air, is dócha nach bhfuil aon chanbhás ealaíne eile níos lú ná an ionga ar do mhéar agus is dúshlán ar leith é dathú ealaíonta a dhéanamh uirthi.

Tá an dathú sin á dhéanamh anois le seacht mbliana ag Tropical Popical ar Shráid Liam Theas i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar an salón trí bliana ó shin nuair a thagair an t-aisteoir Saoirse Ronan don mheas a bhí aici air cúpla uair in agallamh ar an gclár teilifíse Meiriceánach mór le rá le Ellen DeGeneres. 

Beirt deirfiúracha as Tamhlacht i mBaile Átha Cliath, Michelle agus Andrea Horan, a bhunaigh an salón ingne cáiliúil. Ag plé le caidreamh poiblí a bhí Andrea roimhe sin agus ba ghruagaire í Michelle. Inspioráid éigin a fuair siad le linn saoire i Meiriceá agus i Meicsiceo a spreag na mná le dul i mbun gnó le chéile nuair a d’aithin siad go raibh bearna sa mhargadh do shalón ingne a bheadh nua-aimseartha agus ‘funcaí’. Tá foireann ar a dtugtar ‘teicneoirí ingne’ ag obair leo anois agus éileamh ag réalta agus gnáthmhná na hardchathrach ar a saothar. 

Ceangal a bunaíodh dhá bliain ó shin idir Tropical Popical agus rannóg oideachais an Ghailearaí Náisiúnta an bhunchloch atá ag an taispeántas nua. An uair sin bhí taispeántas sa Ghailearaí de phictiúir le Vermeer agus ealaíontóirí eile de chuid na hÍsiltíre ón 17ú haois.  Bhunaigh an salún ingne seó dár teideal ‘Dutch Golden Details’ i gcomhar leis an ngailearaí ag an am agus is ón gcaidreamh sin a tháinig taispeántas nua an tsamhraidh seo.

Deir Andrea Horan go bhfuil ealaín álainn dá gcuid féin á gcruthú ag Tropical Popical agus go bhfágann daoine an salón agus sárshaothair ealaíne á gcaitheamh acu ar a gcuid ingne.

Mairfidh an taispeántas sa Ghailearaí Náisiúnta go dtí 12 Meán Fómhair. Tá sé saor in aisce agus seans maith go spreagfaidh sé daoine freisin le tamall a chaitheamh ag breathnú ar na seoda de phictiúir atá sa mbailiúchán náisiúnta. Agus mar spreagadh breise, tá caifé deas ar an láthair freisin.

Fág freagra ar 'Ingne ildaite Tropical Popical sa Ghailearaí Náisiúnta'