Infheistíocht á déanamh ag an gcomhlacht feamainne Arramara Teo i múnla nua

Tá Arramara Teo ag súil leas a bhaint as an bhfeamainn bhuí, agus cineálacha eile feamainne, sa gcaoi agus go mbeadh sí ar chaighdeán beatha don chine daonna

Infheistíocht á déanamh ag an gcomhlacht feamainne Arramara Teo i múnla nua

Beidh Arramara Teo, an comhlacht feamainne is mó sa tír, ag caitheamh roinnt céadta míle euro ar obair forbartha ar an mhonarcha atá acu i gCill Chiaráin i nGaeltacht Chonamara. Sí an chuspóir atá leis an bhforbairt seo go mbeifear in ann leas a bhaint as an bhfeamainn bhuí, agus cineálacha eile feamainne, sa gcaoi agus go mbeadh sí ar chaighdeán beatha don chine daonna. Ó thaobh cúrsaí gnó de, tá sé mar chuspóir ag Arramara Teo, agus a mháthairchomhlacht, Acadian Sea Plants i gCeanada, go mbeidh monarcha Chill Chiaráin ag obair níos éifeachtaí dá bharr seo.

Níl aon chinnteacht ann fós go mbeidh foireann bhreise ag teastáil ach beidh oiliúint ar dhaoine a bheidh fostaithe ansin ar bhealaí eile oibre.

Mhínigh Jim Keogh, Stiúrthóir in Arramara Teo., go dtabharfaidh an obair athchóirithe iomlán atá le déanamh ar thriomadóirí feamainne, agus ar na háiseanna oibre i gCill Chiaráin, deis dóibh réimsí nua táirgíochta a thriail.

“Mar shampla, tá aitheantas oifigiúil againn anois le haghaidh beatha ainmhithe a chur ar an margadh. Beidh aitheantas againn, théis na forbartha seo, le beatha a bheadh feiliúnach do dhaoine a chur ar na margaí freisin.”

Tuigtear nach mbeadh aon táirge nua ar leith i gceist ach go bhféadfaí púdar nó plúr, bunaithe ar phróiseáil na feamainne, a dhíol le comhlachtaí beatha a bhainfeadh leas as ar bhealaí éagsúla. Dhéanfaí an púdar, nó an plúr feamainne sin, a mheascadh le táirgí bia eile.

Dúirt Jim Keogh go dtarlaíonn sé anois agus arís in Arramara Teo – mar atá cúrsaí faoi láthair – nach féidir an obair a choinneáil ag imeacht faoi lán seoil go rialta. “D’fhéadfá a bheith ag cur thar maoil le feamainn scaití,” a deir Keogh “agus ansin d’fhéadfadh lag trá a bheith ann uaireanta eile. Tá sé mar aidhm againn go mbeadh muid ag obair go héifeachtach ar feadh na bliana ar fad de bharr na hinfheistíochta seo.”

Tosóidh an fhorbairt i gCill Chiaráin mí Feabhra seo chugainn agus beidh an mhonarcha dúnta ar feadh tuairim is mí nó go mbeadh an obair athchóirithe críochnaithe.

Sé bliana ó shin a cheannaigh Acadian Sea Plants as Albain Nua i gCeanada an comhlacht Arramara Teo. Ba ag Údarás na Gaeltachta a bhí úinéireacht ar Arramara le hocht mbliana roimhe sin. Tharla roinnt conspóide faoin díolachán mar nár tugadh na dintiúir uilig faoi chúrsaí airgid amach go poiblí. Ach, ar an talamh agus ar an trá, bhí fadhbanna praiticiúla tromchúiseacha le láimhsiú ag Acadian Sea Plants agus Arramara Teo.

Clásál rúndachta 10 mbliana sna téarmaí faoinar dhíol ÚnaG Arramara Teoranta

Rinne Arramara Teo – faoi scáth Acadian Sea Plants – iarratas ar cheadúnas bainte feamainne sa réimse cladaigh as tuaisceart Chontae an Chláir, aníos go Conamara agus amach go hiarthar Mhaigh Eo. Faoi théarmaí an Achta Cladaigh 1933 agus beartais eile dlí a bhain leis an Acht sin, a cuireadh an t-iarratas ar aghaidh. Rinne cúpla comhlacht eile iarratais freisin ar cheadúnais bainte feamainne in áiteacha éagsúla ar an gcósta thiar.

Tharraing seo caint agus conspóid agus ba é a dheireadh gur sheas an Stát leis an gcóras traidisiúnta faoina raibh cead ag tionóntaí i mbailte fearainn cois cósta a stráice féin feamainne a bheith acu san gcladach. D’fhág seo gur ar éigean go bhféadfaí ceadúnas a thabhairt do dhream ar bith.

Tá sé tagtha sa saol le blianta beaga anuas freisin go bhfuil ceithre chomhlacht uilig ag ceannacht feamainne ar chóstaí Chonamara agus Mhaigh Eo. Chuir sé seo dhá athrú suntasach ar thionscal na feamainne: tháinig os cionn cúig euro dhéag d’ardú ar an bpraghas atá á íoc le bainteoirí agus tá sé níos deacra ag comhlachtaí a theacht ar sholáthar seasta feamainne.

Dúirt lucht stiúrtha Acadian Sea Plants ó thús gur theastaigh córas a thabharfadh cinnteacht dóibh go mbeadh soláthar rialta feamainne acu. Dúirt Príomh-Stiúrthóir an chomhlachta, Jan Paul Deveau, go mba bhun-riachtanas é sin. Dúirt sé chomh maith nach mbeadh Acadian Sea Plants ag déanamh aon infheistíocht mhór bhreise in Arramara Teo mura mbeadh an chinnteacht sin ann.

I 1947 a bunaíodh Arramara Teo agus tá sé ar cheann de na tionscail is mó ariamh a thug deiseanna saothraithe airgid do mhuintir na Gaeltachta ar an gcósta thiar. Bíonn ag bordáil ar scór ag obair sa mhonarcha agus san oifig i gCill Chiaráin agus cúpla céad duine ag baint fheamainne ar na cladaí – an uimhir sin ag ardú agus ag ísliú ó am go chéile. Bhí, agus tá, daoine ann a bheadh ag plé leis an bhfeamainn ar feadh na bliana agus daoine eile a thabharfadh iarraidh faoin gcladach anois agus arís. Obair chrua í, fiú agus deiseanna níos fearr oibre ann anois. Ach tugann sí saothrú.

Bhíodh caint ann go mbeadh feabhas ar an tionscal, agus ar an saothrú a bheadh ar fáil dá barr, dá bhféadfaí táirgí breise a bhunú ar an bhfeamainn. Bhí dóchas láidir ann go mbeadh Acadian Sea Plants in ann a dhul an treo sin agus is comhartha í an infheistíocht seo go bhfuil dream Cheanada sásta iarraidh a thabhairt faoin bhforbairt seo.

Fág freagra ar 'Infheistíocht á déanamh ag an gcomhlacht feamainne Arramara Teo i múnla nua'

  • Donncha Eile

    Tá sé chomh maith ag cuid de fhoireann reatha Údarás na Gaeltachta a bheith ag obair do Arramara leis an méid brú a chuireann siad ar dhaoine dhóibh. Ach seo ceann eile de na rudaí a bhfuil muid ceaptha dearmad a dhéanamh orthu.