Imní mhór ar Ray Mac Mánais agus a bhean Jenny faoina n-iníon Aoife atá sáinnithe in aerfort Kabul na hAfganastáine

‘Go dtí go mbeidh Aoife taobh amuigh d’aerspás na hAfganastáine, ní bheith muid ar ár suaimhneas’ a dúirt a hathair inniu

Imní mhór ar Ray Mac Mánais agus a bhean Jenny faoina n-iníon Aoife atá sáinnithe in aerfort Kabul na hAfganastáine

Aoife McManus lena tuismitheoirí Ray agus Jenny Mac Mánais in 2015

Deir tuismitheoirí Aoife McManus go bhfuil “imní mhór” orthu faoina n-iníon atá sáinnithe ag aerfort Kabul agus í ag feitheamh ar eitleán le bealach éalaithe a thabhairt di as an Afganastáin.

Dúirt an scríbhneoir aitheanta agus oideachasóir Ray Mac Mánais, iarUachtarán an Oireachtais, le Tuairisc.ie nach mbeidh suaimhneas ar bith aige féin ná a bhean chéile Jenny go dtí go mbeidh Aoife taobh amuigh d’aerspás na hAfganastáine.

Dúirt sé go bhfuil siad i dteagmháil “i rith an ama” le hAoife ar Whatsapp agus ar ghlaonna agus í ag feitheamh i gcónaí san aerfort ar eitleán ’na bhaile go hÉirinn.

“Bíonn muid i gcomhrá léi trí nó ceithre huaire sa lá agus i dteagmháil léi i rith an ama ar Whatsapp. Tá sí ag feitheamh ar an eitleán le cúpla lá anuas agus ní ann don eitleán go fóill, bhí muid ag caint léi bomaite ó shin,” a dúirt sé.

“Tá Aoife ag rá linn go bhfuil sí in áit atá sábháilte go leor ach níl áit ar bith san Afganastáin sábháilte. Tá a fhios agam nach bhfuil sí ag iarraidh go mbeadh imní orainn ach tá imní orainn agus tá imní ar an teaghlach ar fad agus ar na gaolta agus na cairde ar fad.”

Dúirt máthair Aoife, Jenny, gurb í “an éiginnteacht” a bhaineann le hAoife a thabhairt ’na bhaile is mó atá ag cothú imní dóibh.

“Caitheadh i dtraipisí gach uile phlean a bhí aici ó d’fhág sí an áit a raibh sí ag fanacht ann le cúpla bliain. Is í an éiginnteacht an rud is mó atá ag cur isteach orainn. Níl a fhios againn ó uair a chloig amháin go huair a chloig eile cén áit a mbeidh sí, cén cruth a bheith ar chúrsaí.”

Dúirt Ray Mac Mánais go bhfuil iarracht á déanamh ag Aoife an chuid is measa den scéal a cheilt orthu ionas nach mbíonn imní rómhór orthu.

“Fuair muid amach trí thimpiste faoi eachtra a tharla cúpla lá ó shin. Nuair a bhí muid ag caint le hAoife faoi sin dúirt muid léi cad chuige nár dhúirt tú linn faoin eachtra thar a bheith contúirteach seo agus dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh go mbeadh muid imníoch. Cá bhfios cad é atá ag dul ar aghaidh faoi láthair nach bhfuil sí sásta inse dúinn faoi?

“Ní haon iontas ar bith é nach bhfuil mé féin ná Jenny ábalta codladh na hoíche a fháil agus ní bhfaighidh go dtí go mbeidh sí ar ais in Éirinn i ndáiríre.”

Dúirt Ray Mac Mánais gur “tógáil croí ollmhór” atá ann a bheith éisteacht le hAoife ag caint faoina cuid oibre ar na meáin.  Tá agallaimh déanta aicí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar Nuacht TG4 agus ar sheirbhísí eile.

“Cé go bhfuil muid buartha, tá sé galánta a bheith ag éisteacht léi ag caint faoin obair a bhíonn ar siúl aici agus ag caint faoi na rudaí atá ag titim amach. Tá daoine ag fáil tuiscint ar an obair thábhachtach seo atá ar siúl ag Aoife agus go leor Éireannach thar lear.”

Seo an tríú bliain d’Aoife a bheith ag múineadh san Afganastáin. Chaith sí ceithre bliana roimhe sin ag teagasc i Mosaimbíc agus dhá bhliain sa Ghána.

“Chuir sí í féin sa bhearna bhaoil ar son na ndaoine seo. Is iontach an rud é sin ach ní hiontach an rud dúinne é agus is iomaí oíche a chaill muid codladh ach ag an am céanna, is duine thar a bheith dílis agus cróga í. Tá sí tiomanta do dhaoine atá ar an imeall agus do dhaoine nach bhfuil fáil acu ar oideachas,” a dúirt a hathair.

Tá tús curtha in athuair le heitiltí míleata as aerfort Kabul, príomhchathair na hAfganastáine, áit ar bhailigh na sluaite inné agus iad ag iarraidh éalú ón tír ó fuair an Taliban smacht arís ansin tar éis na cogaíochta a mhair scór bliain. Cuireadh na heitiltí ar fionraí inné nuair a maraíodh ar a laghad cúigear de na sluaite a rinne iarracht bealach éalaithe a aimsiú agus de bharr an oiread sin daoine a bheith cruinnithe ar na rúidbhealaí.

Tá dóchas ann go n-éireoidh leis na Meiriceánaigh agus a gcomhghuaillithe an smacht atá acu ar an aerfort a choinneáil lena chinntiú go mbeidh deis éalaithe ag oiread agus is féidir den phobal idirnáisiúnta ar mian leo an tír a fhágáil. Tá Aoife McManus ar dhuine den 15 saoránach Éireannach a bhí ag obair le grúpaí carthanachta agus fóirithinte sa tír agus atá ag fanacht le himeacht aisti.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios inné go raibh iarrachtaí ar bun ag a Roinn socruithe a dhéanamh le tíortha eile de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le haslonnú na nÉireannach atá ansin.

Beidh an tAire Coveney páirteach i gcruinniú lena chomhghleacaithe Eorpacha níos deireanaí inniu le cás na hAfganastáine a phlé.

Fág freagra ar 'Imní mhór ar Ray Mac Mánais agus a bhean Jenny faoina n-iníon Aoife atá sáinnithe in aerfort Kabul na hAfganastáine'