Imní ar iascairí go bhfuil díobháil á déanamh ag tástálacha comhlachtaí ola agus gáis d’ainmhithe na mara

Tuairiscíodh ar 7Lá go léiríonn an taighde eolaíochta is déanaí go bhfuil an teicneolaíocht sheismeach a bhíonn á húsáid ag comhlachtaí ola agus gáis ag cur as d’ainmhithe na mara

Imní ar iascairí go bhfuil díobháil á déanamh ag tástálacha comhlachtaí ola agus gáis d’ainmhithe na mara

Tá imní léirithe ag daoine i dtionscal na hiascaireachta agus ag grúpaí comhshaoil faoin dochar a d’fhéadfadh a bheith a dhéanamh d’ainmhithe na mara ag tástálacha atá á ndéanamh ag comhlachtaí ola agus gáis ar ghrinneall na farraige.

Ag labhairt dó ar an chlár 7Lá ar TG4 aréir, dúirt Lorcán Ó Cinnéide, Ard-Rúnaí Chumann na bPróiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc, go bhfuil ag méadú “go mór” ar an imní atá ar lucht iascaireachta faoi na tástálacha seismeacha atá a ndéanamh amach ó chósta na hÉireann. Dúirt Ó Cinnéide go bhfuil tuairim “fhorleathan” anois ann i measc iascairí go bhfuil díobháil á déanamh d’ainmhithe na mara de bharr shíorthorann na dtástálacha.

“Tá sé ráite go mion minic ag iascairí liomsa le blianta, go gceapadar tar éis do na báid a bheith i mbun na tástála seo i limistéir farraige, go mbeidís féin ag iascach iontu, go mbíonn laghdú an-mhór ar an iasc díreach ina ndiaidh agus go mbíonn an éifeacht ann ar feadh tamaill,” ar sé.

Tuairiscíodh ar 7Lá go léiríonn an taighde eolaíochta is déanaí go bhfuil an teicneolaíocht sheismeach a bhíonn á húsáid ag comhlachtaí ola agus gáis ag cur as d’ainmhithe na mara.

Agus an obair shuirbhéireachta seo ar siúl ag na comhlachtaí ola agus gáis, ligtear faoin uisce an trealamh a bhíonn á úsáid ag na báid agus scaoiltear le pléascanna aeir a théann go grinneall na farraige.

 

Faightear eolas ó na fuaimthonnta a chruthaítear le linn an phróisis seo faoi cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ola nó gáis faoin ghrinneall.

Ach tá imní mhór á léiriú anois faoin tionchar ar ainmhithe na mara a d’fhéadfadh a bheith ag na pléascthaí rialta seo a bhíonn le brath na céadta muirmhílte ar shiúl.

Ó 2013 i leith, tá ocht gceadúnas bronnta ar chomhlachtaí éagsúla chun trealamh seismeach a úsáid le dul i mbun taiscéalaíochta d’ola nó do gháis ar bhanc an Porcupine amach ó chósta iardheisceart na hÉireann.

Dúirt Michael Flannery, atá ag iascach sa Porcupine le 30 bliain anuas, go bhfuil “an-imní ar iascairí” mar nach bhfuil dóthain eolais ann faoin tionchar a bhíonn ag an tsuirbhéireacht seo ar na héisc agus deir sé nach mbíonn cloicheáin ar fáil nuair a bhíonn na báid i mbun tástálacha.

I dtíortha eile, san Iorua agus sna Stáit Aontaithe, mar shampla, tá feachtais ar bun ag iarraidh stop a chur leis an chineál seo suirbhéireachta ina mbaintear úsáid as trealamh seismeach.

Fág freagra ar 'Imní ar iascairí go bhfuil díobháil á déanamh ag tástálacha comhlachtaí ola agus gáis d’ainmhithe na mara'