
Tá a chuid imní léirithe ag Liam McArthur MSP (Feisire Parlaiminte Alban) faoina bhfuil beartaithe ag rialtas na hAlban don Ghaeloideachas sa tír sin.
Bhí Bille Oideachais na hAlban á phlé ag coiste oideachais na Parlaiminte Dé Máirt agus d’éirigh leis an Aire Oideachais Alasdair Allan leasú a thabhairt isteach a thabharfadh ‘teidlíocht’ d’Albanaigh oideachas a fháil trí mheán na Gáidhlig.
De réir an Bhille, caithfidh gach údarás oideachais soláthar Gaeloideachais a chur ar fáil don cheantar a bhfuil an t-údarás ag feidhmiú ann.
Dúirt McArthur go bhféadfadh sé go mbeadh ar Chomhairle Inse Orc tús áite a thabhairt do mhúinteoirí agus d’acmhainní Gáidhlig nuair a bheidh maoiniú á dháileadh chun Gaeloideachas a chur ar fáil in Inse Orc, na hoileáin Lochlannacha soir ó thuaidh ó mhórthír na hAlban.
“Níl dúchas ná oidhreacht Ghaelach in Inse Orc, agus tá brú ar na buiséid oideachais anseo cheana. Is deacair a thuiscint cén fáth a dtabharfaí tús áite dó seo thar éilimh eile ar an gComhairle do mhaoiniú. Is faoi thosaíochtaí an pholaitíocht agus cuirfidh an smaoineamh gur tosaíocht é múineadh na Gáidhlig in Inse Orc mearbhall ar go leor daoine,” a dúirt McArthur.
Dúirt nach luíonn an plean le hoidhreacht teanga, staire ná cultúir Inse Orc agus go léiríonn sé arís go bhfuil Airí na hAlban sásta neamhní a dhéanamh de chinntí áitiúla.
“Níl aon amhras ann ach go bhfuil fáilte roimh na hiarrachtaí an Gháidhlig a chur chun cinn agus gur gá a dhéanamh. Ach tá plean an Aire díréireach agus ní léirítear aon mheas ann ar éagsúlacht na hoidhreachta cultúrtha atá ag na pobail dhifriúla ar fud na hAlban,” a dúirt sé.
Dáithí Mac Cárthaigh
Dá dtabharfaí ‘Scottish’ ar Ghaeilge na hAlban sa Bhéarla réiteofaí go leor leor ceisteanna agus fadhbanna gan bhunús.
Fearn
Níl mé buileach cinnte cad tá i dtreis agat, a Dhaithí, muna bhfuil túar son grinn .
Sé “Scottish” an dara teanga dúchasach is mó labhairt in Albain sa lá atá inniu ann, nó “Scots” mar a deirtear lei ina teanga fhéin, Am Beurla Gallda( nó am Beurla Leathain) mar a deir a’ Ghaidhlig lei, nó Albainis mar a deir an Ghaeilge lei.
Tá a’ Ghaidhlig sa triú áit in Albain, mar theanga dúchasach.
https://www.dsl.ac.uk/
Dála an scéil, bhí a dteanga fhéin ag na hInse Orca fosta:
https://www.orkneyjar.com/orkney/norn.htm
Fearn
Cad eile a mbeifeá ag súil leis ó bhall de Daonlathaigh Liobrálacha na Breatainne Móire?
Eoghan ONeill
B’fhearr an síol a chur sa chré a bheadh báúil dó agus mura raibh an Gháilig ríomh á labhairt sna hOileáin sin ní dóigh go spreagfadh sé díogras i lucht a foghlama.