IMEACHTAÍ – Scannáin

Caitheann Tuairisc.ie súil ar a bhfuil ar siúl ar an scáilean mór as seo go ceann seachtaine

An scannán The Informant
An scannán The Informant

‘The Informant’, 16 Deireadh Fómhair ag a 8.15i.n i Seanscoil Sailearna. Scannán scéinséara ón Fhrainc atá á thaispeáint anocht. Is Francach é Marc Duval atá ag obair faoi cheilt i nGiobráltar in oifig chustaim a thíre. Éiríonn leis caidreamh a dhéanamh leis an mangaire drugaí Claudio Lanfredi, a bhíonn ag plé le cairtéil na Colóime. Cé go bhfuil an scéal suite sa Mheánmhuir, áit a mbíonn an ghrian ag soilse i gcónaí, tá sé dorcha ó thús deireadh.