IMEACHTAÍ: Má bhí na Gaeil cuibhrithe le dhá Nollaig tá ceiliúradh na féile tosaithe i gceart i mbliana…

Idir éigsí, seoltaí leabhar, Santaí i gConamara agus Other Voices i gCorca Dhuibhne níl aon easpa imeachtaí ar phobal na Gaeilge an deireadh seachtaine seo

IMEACHTAÍ: Má bhí na Gaeil cuibhrithe le dhá Nollaig tá ceiliúradh na féile tosaithe i gceart i mbliana…

An deireadh seachtaine seo níl Gael sa tír nár mhaith leis a thriall a bheith ar Ghaeltacht Mhúscraí áit a mbeidh ceol is cibeal i gcuimhne ar an amhránaí cruthanta as an áit a bhásaigh i bhfad ró-óg i 1991, Diarmuid Ó Súilleabháin.

Tríocha bliain atá Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin ar an bhfód agus beidh sí i Múscraí arís an deireadh seachtaine seo. Saothar ealaíne ann féin atá i bpóstaer iontach na héigse.

Anocht a chuirfidh Seán Potts, craoltóir agus píobaire, tús oifigiúil leis an Éigse agus seolfar an dlúthdhiosca Diarmuidín a bhfuil 20 amhrán leis air. Sa Mhuileann a bheidh an ceol agus na hamhráin ina dhiaidh sin.

Ar an Satharn beidh ocht gceardlann ar siúl faoi stiúir scoth na bhfonnadóirí agus na gceoltóirí as chuile chearn den tír.

Más fonn siúlóide atá ort bí ag Barr an Choma ag 9.30 am.

Ní Éigse a bheadh inti gan Coirm Cheoil na hÉigse agus Baile Átha Cliathach ceolmhar de bhunadh na háite, Doireann Ní Ghlacáin ina Bean an Tí. Beidh ceoltóirí anoir, aniar is aduaidh, ansin i dteannta mhuintir na háite.

Más ag baile thú agus ceol uait, éist le hAifreann an hÉigse ar Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach mar a dtabharfaidh Cór Chúil Aodha agus Peadar Ó Riada go neamh an cheoil thú.

Níl ansin ach blaiseadh beag den fhéile is iontaí sa tír agus tá gach eolas le fáil anseo.

Caroline Keane & Tom Delaney

Ní bheidh Gaeil Chiarraí gan ócáid cheiliúrtha an deireadh seachtaine seo ach an oiread mar tá Cogar ar ais sa Daingean don cheathrú bliain mar chuid den fhéile aitheanta ‘Other Voices’.

Beidh ceol, taispeántais bheo agus ealaíona go leor ar siúl na trí lá seo faoi stiúir an ealaíontóra, Áine Ní Chíobháin.

I ngairdíní áille an Dísirt a bheidh Cogar ar siúl agus an tairseach dhiamhair idir na deasghnátha, an dianmhachnamh agus an chruthaitheacht á scrúdú. Gealltar aoibhneas, rince, ceol, canadh agus caint duit sa Díseart.  Beidh saothar ansin ó mhórealaíontóirí na tíre -Róisín Ní Chionnfhaolaidh, Aisling Wharton, Siobhán de Paor, Cáit Ní Riain, Donal McConnon, Julie Flavin, Rob Ireson, Morley Hill, Seán Ó Treasaigh, Jenny Prahin, Caroline Keane & Tom Delaney, Vúdú agus Segotia. Tá na hollmhaitheasaí seo go léir saor in aisce. Gach eolas anseo.

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Tá sé ina Nollaig sa bpríomhchathair chomh maith agus anocht ag a 6.00 tá féirín aoibhinn á sheoladh sa Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair ag a 6.00pm. Ar an scoláire géarchúiseach Máirín Nic Eoin a bronnadh an onóir Tonn Teaspaigh & Dánta Eile, an duaisleabhar iontach le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, a sheoladh.

Chomh maith leis an bhfilíocht spreagúil is dual don údar, beidh fíon agus sólaistí ar fáil agus ceol beo ansin ag an bpíobaire Eoin Dillon agus a chairde. Tá fáilte roimh chách ag an seoladh sa siopa leabhar. Éabhlóid a d’fhoilsigh an saothar filíochta seo agus tá gach eolas ar fáil ag eoghan@eabhloid.com

Ná bíodh aon éad ar aon Chonamarach atá sáinnithe sa mbaile mar tá comharthaí na Nollag ansin freisin. Thiar ar an gCeathrú Rua anocht ag a 6.00pm beidh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag seoladh an leabhair, Comhrá Cosáin: Agallaimh Bheirte agus Lúibíní Do Dhaoine Óga a scríobh an sár-lúibíneoir ildánach é féin, Fearghas Mac Lochlainn. An Crompán ionad na hócáide seo agus beidh margadh leabhar agus earraí Nollag ann chomh maith le sólaistí. Gach eolas ag sorcha@tuismitheoiri.ie

Fearghas Mac Lochlainn

Amárach, Dé Sathairn, an 3 Nollaig a bheidh cuairteoir tábhachtach chugainn, agus cé eile a thiocfadh anuas chugainn ón Mol Thuaidh ach Santaí na féile. Beidh fear na féasóige sa siopa breá leabhar atá ag Cló Iar-Chonnacht ag an gCeardlann sa Spidéal ó 12.30-3.00pm amárach. Gaeilgeoir breá é Santaí agus tá bís air labhairt le gasúir Chonamara faoi na leabhair is maith leo. Ansin chomh maith le fear an mhála mhóir, beidh Fearghas Mac Lochlainn agus é ag léamh sleachta as an tsraith Dónall Dána|/Horrid Henry. Beidh áthas ar ‘fans’ Dhónall Dána agus a dtuismitheoirí go bhfuil trí leabhar nua sa tsraith sin aistrithe ag Fearghas, Dónall Dána agus Dráma na Nollag, Dónall Dána agus Fear Sneachta an Uafáis, agus Ag Maisiú Pheigí Phusach.

Mura mbíonn aon bhrabach agatsa ar Shantaí ag an tráth seo de do shaol, ná dearmad margadh mór na Nollag ag Cló Iar-Chonnacht agus beidh lón léitheoireachta agat don tsaoire. Tá biaiste bhreá leabhar nua foilsithe acu le déanaí Oiread Áiméan le Joe Steve, Seán Ó Riordáin – Na Dialanna 1940, Murdar ar an Lochán Beag le Peadar G ó Máille trí cinn acusan. Buail isteach sa siopa nó téigh ar líne agus geallaim toirtín duit.

Gach eolas le fáil ag poibliocht@cic.ie>

Dhá rud a mbíodh an-tóir orthu an tráth seo bliana almanac sheanMhoore agus an féilire nó an ceaileandar mar a bhíodh ag cuid againn air.

Tá féilire aoibhinn feicthe agam ón ngrianghrafadóir Éamonn Coyle agus áiteanna agus éanlaith as na ceithre chúige mar théama aige. Nach tráthúil agus nach mithid agus gnáthóga á scrios go síoraí seasta. Tá dán álainn ‘Achainí na hAbhann’ le Máire Dinny Wren ar a chúl. Tá na grianghraif chomh maith sin go mbeifeá ag súil go gcloisfeá na héin ag giolcaireacht leat. Mar bharr ar na grianghraif iontacha tá seanfhocail ann agus féilte, saoirí is ócáidí stairiúla ar fud na cruinne scríofa isteach ar na dátaí cuí. An raibh a fhios agat gur ar an 22 Iúil 1691 a troideadh Cath Eachroma nó gur ar an 22 Meán Fómhair 1884 a chuaigh an H.M.S. Wasp go tóin poill amach ó Thoraigh?

Gach eolas anseo.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Má bhí na Gaeil cuibhrithe le dhá Nollaig tá ceiliúradh na féile tosaithe i gceart i mbliana…'