IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

 

Éigse Micheal Hartnett
Éigse Michael Hartnett 2015

Cúige Chonnacht

CEARDLANN: ‘Sorcas na n-óg’, Dé Sathairn 18 Aibreán, 2in, Halla na Tulaí, An Tulach,

Conamara, Gaillimh. Beidh ceardlann i ‘Scileanna Sorcais’ a reáchtáil, mar chuid de chlár ‘Siamsán na nÓg’, atá á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Stephen McGinley ó Shorcas Pobail na Gaillimhe a bheidh ag cur na ceardlainne i láthair. Bhí Stephen i láthair ag roinnt imeachtaí siamsáin cheana agus bhain idir óg agus aosta ard taitneamh as a chuid chleasaíochta agus eile. Saorchead isteach do bhaill agus is féidir ballraíocht a ghlacadh ar an lá ar chostas €10 ar theaghlach in aghaidh na bliana. Ócáid í don teaghlach uilig agus ní mór do thuismitheoir nó duine fásta a bheith in éineacht leis na gasúir. Fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais: https://www.facebook.com/tuismitheoirina.gaeltachtaconamara

Speed Dating

OÍCHE GHAELACH: ‘Eochair agus Glas’, Dé hAoine 17 Aibreán, 8in, Busker Browne’s, An tSráid Trasna, Gaillimh.  Beidh oíche ghrá agus spraoi ar siúl thuas staighre tigh Busker Browne anocht, dírithe ar chainteoirí Gaeilge singile. Cluiche le ‘eochair’ agus ‘glas’ a chuireann fir agus mná ag caint le chéile atá i gceist. Beidh neart duaiseanna ar fáil agus cá bhfios nach mbeifear ag caitheamh ceaintíní ar a chéile is ag déanamh ‘an comhrá ciúin’. Costas: €12 Tuilleadh eolais: www.coisirmhor.com 

DRÁMAÍOCHT: ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin, Déardaoin 23 agus Dé hAoine 24 Aibreán, Scoil Bhríde, Bóthar Oakley, Raghnallach, Baile Átha Cliath. Ticéid: €10 (mic léinn agus pinsinéirí €8; lascainí do ghrúpaí le fáil ach glaoch ar Mhéabh Ní Loingsigh ar 087 2940476 nó aisteoiribulfin@gmail.com Léigh faoi na drámaí ar: Tuairisc:https://tuairisc.ie/cuirt-an-mhean-oiche-agus-cruachas-a-leiriu-ag-aisteoiri-bulfin/


Cúige Laighean

FÉILE: ‘Seán-Nós Cois Life’, 17-19 Aibreán, Ionaid éagsúla, Baile Átha Cliath. Deireadh seachtaine de cheardlanna, de cheolchoirmeacha agus de sheisiúin atá geallta sa phríomhchathair. I measc na mbuaicphointí i mbliana, beidh seisiún amhránaíochta ar siúl i gClub na Múinteoirí, Cearnóg Parnell, Dé hAoine, le Liam Mac Con Iomaire (Conamara & Baile Átha Cliath), Caoimhín Ó Fearghaíl (Na Déise), Seán Ó Fearghaíl (Na Déise), Seán Ó Gairbhí (Uíbh Ráthach) agus Brian Ó Domhnaill (Tír Chonaill). Mar is gnáth leis an fhéile, beidh béim mhór ar cheardlanna, agus i mbliana cuirfidh Mairéad Ní Oistín (Baile Átha Cliath agus Conamara) agus Seán Ó Gairbhí (Uíbh Ráthach) ranganna ar fáil do dhaoine ar mian leo cur lena stór amhrán. Is sna Píobairí Uilleann ar Shráid Henrietta a bheidh na ranganna sin. Ag ócáid speisialta i gClub na Múinteoirí an oíche chéanna, an 18 Aibreán, bronnfar Gradam Shean-Nós Cois Life ar Liam Mac Con Iomaire as ucht an méid atá déanta aige thar na blianta ar mhaithe leis an amhránaíocht ar an sean-nós a chur chun cinn. Beidh seisiún am lóin Dé Domhnaigh Tigh Hughes chun críoch a chur ar chlár 2015.  Tuilleadh eolais: www.seannos.ie

SEIMINEÁR:  ‘Úrscéalta Gaeilge an Fichiú Aois: Canóin liteartha?’, Déardaoin 23 agus Dé hAoine 24 Aibreán, 201 Ionad: Ollscoil Notre Dame, Teach Uí Chonaill, 58 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Is í aidhm an tseimineáir lae seo ceisteanna tábhachtacha bunúsacha maidir le stair liteartha na Gaeilge a chíoradh, agus plé agus díospóireacht faoi úrscéalta na Gaeilge a spreagadh. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu freastal air áit a chur in áirithe roimh ré trí scéal a chur chuig oconnellhouse@nd.edu nó glaoch ar:  + 353 1 611 0611

Dónal and John Mc Sherry

CEOLCHOIRM: ‘Siamsaíocht @ 6’ le Dónal O’Connor, John Mc Sherry agus Pádraigín Ní Uallacháin, Dé Máirt 21 Aibreán, 6.00in, O’Flaherty’s, Barra an Teampaill,  Baile Átha Cliath. Sraith ceolchoirmeacha atá á reáchtáil ag Gael Linn ó bhí 2008 ann atá anseo. Beidh ceoltóirí ‘At First Light’, an fidléir aitheanta Dónal O’Connor agus máistir na bpíb, John Mc Sherry le cluinstin Dé Máirt. Cuirfear go mór le ceol an tráthnóna le rogha amhrán ó cheantar Oirialla le Pádraigín Ní Uallacháin. Cead isteach: €15 Tuilleadh eolais: 087/2547574/niamh@gael-linn.ie


Cúige Uladh

DRÁMA: ‘Moll’, á léiriú ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair, Dé hAoine 17 Aibreán, 8.in, Ionad Chnoc Fola, agus Dé Sathairn 18, 8in, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Cuirfidh ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ trí mhír den dráma grinn ‘Moll’ i láthair an deireadh seachtaine seo. Dráma é ‘Moll’ a scríobh John B.Keane, suite i dteach an pharóiste i gCiarraí. Ar an ardán an deireadh seachtaine seo beidh go leor a bhfuil taithí na mblianta acu ar an stáitse: Sean Ó Maolagáin, Sean Ó Gallchóir, Bernie Ní Dhuibhir, Colm Mac Giolla Easpuig, Pól Mac Cumhaill, Suzanne Ní Gallachóir agus Eoghan Mac Giolla Bhrighde.Cathal Ó Gallchóir and Pól Mac Cumhaill atá ag stiúradh an dráma.Ticéid ar an doras: €8/€5 . Tuilleadh eolais: 0872404510.

CEOLCHOIRM: ‘Oíche Zambia’, Dé hAoine 17 Aibreán, 8-10in, Amharclann Shiobháin Nic Cionnaith, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Ceolchoirm speisialta ar son Tionscadal Zambia, a mbeidh Caoimhín Mac Giolla Catháin (Bréag) ag canadh cuid dá amhráin nuascríofa ann. Beidh meascán de cheoltóirí agus amhránaithe le cloisteáil ar an oíche. £5 an táille iontrála agus rachaidh an t-iomlán i dtreo an chumainn carthanachta. Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event/oiche-zambia/

CÉILÍ: ‘Céilí na Míosa’, Dé Domhnaigh 19 Aibreán, óna 8-11.30i.n, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Tá an céilí fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus casann an banna céilí ceol beo den scoth. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie

monopoly_600_784IMEACHT DO DHAOINE ÓGA: ‘Monopoly as Gaeilge’ á sheoladh, Dé Sathairn 18 Aibreán, 13:00 – 15:00, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Leagan Gaeilge den “cluiche réadmhaoine trádála gasta” atá anseo, a rinne Glór na nGael ag deireadh na míosa seo caite.

Táthar ag súil go dtiocfaidh ‘fiontraithe’ óga chun páirt a ghlacadh! Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event/glor-na-ngael-launch-monopoly-as-gaeilge/

SEOLADH ALBAIM agus OÍCHE AIRNEÁIN: ‘An Mhaighdean Mhara’ le Noeleen Ní Cholla a seoladh agus ‘Oíche Airneáil’, Dé Sathairn 18 Aibreán, 9in, Áras Mhic Reachtain, 283-289 Bóthar Aontroma, Béal Feirste. Seolfaidh an Dr. Art Hughes an chéad eisiúint leis an amhránaí óg Noleen Ní Cholla, as Gaoth Dobhair. Amhráin i nGaeilge, i nGàidhlig na hAlban agus i mBéarla atá le cloisteáil ar an albam seo, eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht. Leanfar le hoíche airneáin a mbeidh Noleen agus Máire Ní Choilm i mbun ceoil. Tuilleadh eolais: https://www.facebook.com/events/1417137278595442/


Cúige Mumhan

Éigse Micheal Hartnett

FÉILE LITRÍOCHTA: ‘Éigse Michael Hartnett 2015’, 16-19 Aibreán, An Caisleán Nua Luimneach. Baileoidh scríbhneoirí, ceoltóirí agus ealaíontóirí le chéile an deireadh seachtaine le haghaidh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an fhile Michael Hartnett, a rugadh ar an Chaisleán Nua Thiar i 1941.Tá clár leathan imeachtaí ar siúl, idir dhrámaí, léamh filíochta, cheolchoirmeacha agus eile. I measc na n-aíonna a bheas i láthair i mbliana, tá an t-údár mór le rá, Joseph O’Connor (Star of the Sea), Kevin Barrett (City Of Bohane), an fidléir Martin Hayes agus an file Doireann Ní Ghríofa. Tuilleadh eolais. https://www.eigsemichaelhartnett.ie/

CEOLCHOIRM: ‘Bríd Harper agus Danny O’Mahon, Dé hAoine 17 Aibreán, Ionad Cultúrtha, Baile Mhuirne, Corcaigh. Duine de na fidléirí is fearr sa tír, beidh ceol Bhríd Harper le cloisteáil i nGaeltacht Mhúscraí den chéad uair, agus í i dteannta an tsárbhoscadóra agus craoltóir, Danny O’Mahony. Tuilleadh eolais: https://www.ionadculturtha.ie/


Timpeall na Tíre

CAMCHUAIRT: ‘Caitlín agus Ciarán’, i mbun chamchuairt na tíre lena n-albam nua (faoin teideal céanna) as seo go deireadh mhí na Bealtaine. Is fada an bheirt cheoltóirí seo ag seinm le chéile. Fidléir cumasach as an cheantar é Ciarán a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ghrúpa ceoil Fidil. Ceoltóir mór le rá í Caitlín, as Co. na Mí, a chasann an consairtín agus is damhsóir aitheanta í chomh maith. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais: https://caitlin.ie/tour/

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'