‘If Irish Paper 1 was any easier, it would’ve been in English’ – fáilte curtha ag daltaí roimh Pháipéar a hAon na Gaeilge

Bhí daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal sásta go maith leis an bpáipéar a cuireadh os a gcomhair tráthnóna agus is beag clamhsán atá ar na meáin shóisialta faoi Pháipéar a hAon

‘If Irish Paper 1 was any easier, it would’ve been in English’ – fáilte curtha ag daltaí roimh Pháipéar a hAon na Gaeilge

Sásta go maith a bhí cuid mhaith de na daltaí a thug faoi Pháipéar a hAon inniu mar chuid de scrúdú Gaeilge na hArdteiste.

An chluastuiscint agus an cheapadóireacht a bhí mar chuid de scrúdú an lae inniu agus cé nach raibh aon radharc ar roinnt ábhar lena raibh daltaí ag súil, meastar go raibh rogha ann do nach mór gach duine mar sin féin.

Cinnte bhí na daltaí ar labhair Tuairisc leo ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara an-sásta leis an bpáipéar a leagadh os a gcomhar tráthnóna.

“Thaitin sé go mór liom,” a dúirt Kayleigh Ní Ruanaigh. “Cheap mé go raibh na topaicí sách feiliúnach don lá atá inniu ann – an costas maireachtála in Éirinn, drugaí sa saol agus daoine óga, chuile shórt mar sin.”

“Bhí na cainteoirí [sa gcluastuiscint] beagáinín sciobtha ach bhí an aiste togha,” a mheas Ailbhe Ní Neachtain. “Phioc mé an aiste ar chúrsaí drugaí, an fhadhb a bhaineann le cúrsaí drugaí, agus bhí sé éasca pointí a fháil don aiste.”

Ní hí Ailbhe amháin a raibh deacrachtaí aici leis an chluastuiscint, áfach, agus é le rá ag Marcus Ó Tuathail-Robinson go raibh dúshlán ag baint léi.

 

“Bhí an chluastuiscint sách deacair, caithfidh mé a rá, ach bhí an scéal a bhí orm a scríobh togha,” a dúirt Marcus.

“Tá mé ag labhairt Gaeilge ó rugadh mé agus, dá bharr, ní raibh orm tada a réiteach. Bhí mé in ann dul isteach sa scrúdú agus mo smaointe a chur trasna agus sílim go ndearna mé sách maith.”

Bhraith Patrick Ó Flannaire freisin an buntáiste atá ag daltaí na Gaeltachta agus iad ag tabhairt faoin pháipéar Gaeilge, go háirithe i gcomparáid leis an scrúdú Béarla a bhí acu an tseachtain seo caite.

“Mar gheall go bhfuil mé i mo chónaí sa nGaeltacht, ní cheapaim go raibh an Ghaeilge níos deacra ná an Béarla. Ceapaim go raibh an Béarla níos deacra ná an Ghaeilge,” a dúirt sé.

Ní hiad daltaí na Gaeltachta amháin a bhí sásta théis na scrúduithe de réir na dteachtaireachtaí atá foilsithe ar na meáin shóisialta.

“If Irish paper 1 was any easier it would’ve been in English,” a dúirt duine amháin ar Twitter.

Cé gur léiríodh díomá nach raibh an t-athrú aeráide nó cúrsaí timpeallachta i measc na n-ábhar don cheapadóireacht, is léir go raibh an-tóir ar an aiste faoi dhrugaí in Éirinn.

Ní raibh gach duine sásta agus iad ag siúl amach ón scrúdú, áfach.

Maidin amárach a thabharfaidh daltaí na hArdteiste faoi Pháipéar 2 na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘If Irish Paper 1 was any easier, it would’ve been in English’ – fáilte curtha ag daltaí roimh Pháipéar a hAon na Gaeilge'

  • Colm

    Páipéar leamh le beagán cruthaitheachta ann. Ábhair nach raibh topaiciúil don aos óg.

  • Bríd

    Ceapadóireacht chúng. Easpa tuisceana in athuair ar an óige & cad a rachadar thríd le 3 bliana. Scarúint ollmhór sa pháipéar le saol na scoláirí.

  • Ruth

    Ag úsáid tuairim ó chuntas bréagach sa cheanntheideal le O leantoirí agus nach bhfuil ag leanúint éinne. Ní hin tuairim gach múinteoir nó dalta, Táim díomach le do cheannlíne

  • Sorcha

    Alt nach léiríonn míshástacht mhúinteoirí agus scoláirí faoi pháipéar nach raibh aon spreagadh ann. Cén chúis úsáid na dtagairtí as Béarla óna meáin shóisialta san alt??