Idir chosmhuintir Ghaoth Dobhair agus Thomás Ó Criomhthain, tá beocht nua ag baint le Old Ireland in Colour

Tá os cionn 300 grianghraf roinnte go dtí seo ag Old Ireland in Colour agus tá breis is 12,000 duine á leanstan ar na hardáin éagsúla

Idir chosmhuintir Ghaoth Dobhair agus Thomás Ó Criomhthain, tá beocht nua ag baint le Old Ireland in Colour

Tomás Ó Criomhthain

Le cúpla mí anuas, tá na híomhánna le feiceáil ar ardáin éagsúla an idirlín    grianghrafanna ón am a caitheadh, radharcanna a thugann léargas ar shaol agus ar dhomhan atá imithe uainn le fada. Fear agus a chlann taobh amuigh dá dteach i Loch Con Aortha i gConamara; mná ag tabhairt adhmaid leo ó bheairic a dódh i gCorcaigh i 1921; gasúir i dteach na mbocht i mBéal Feirste am éigin sa 19ú haois.

Ba i lár mhí Lúnasa seo caite a chuir John Breslin, ollamh le hinnealtóireacht leictreach agus leictreonach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, na chéad ghrianghrafanna ar taispeáint ar Facebook is ar Twitter faoin teideal ‘The Breslin archive” agus é mar aidhm aige grianghrafanna a tógadh ag deireadh an 19ú haois agus go luath sa 20ú haois a chaomhnú i bhfoirm dhigiteach agus iad a roinnt leis an bpobal.

Ar na chéad phictiúir seo, bhí cinn dhubha agus bhána a tógadh den Chlochán i gConamara sa mbliain 1936. Tamall ina dhiaidh sin, taispeánadh grianghrafanna de cheantar an Chladaigh i nGaillimh i 1935. I bpictiúr amháin acu, tá buachaill óg seasta ar an tsráid, gan duine ná deoraí eile le feiceáil. I gceann eile, tá triúr cailíní, duine acu agus bábóg ina lámh, os comhair ceann de thithe ceann tuí an cheantair.  Ach tá tuar na tubaiste ag baint leis na radharcanna soineanta seo mar ba ghearr gur leagadh na tithe céanna is gur tháinig athrú ar shlí mhaireachtála na ndaoine. Is óna chartlann de bhreis agus 1,000 grianghraf dubh agus bán a thagann na radharcanna sin, radharcanna a bhailigh Breslin.

Bhain an tOllamh Breslin triail as dathanna a chur le roinnt grianghrafanna dá sheanmhuintir le Photoshop, próiseas fadálach go leor, go dtí go bhfuair sé amach faoin gcóras uathoibritheach ríomhaireachta ar a tugtar DeOldify, a forbraíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá le gairid. Leis an modh seo, is féidir dathú a dhéanamh ar go leor grianghrafanna in achar gairid. Ag deireadh Lúnasa, bhunaigh sé an leathanach Facebook Old Ireland in Colour le toradh a chuid oibre a thaispeáint.

Seo iad Peig Sayers agus Tomás Ó Criomhthain. Seo iad mórphearsana eile ó stair is ó litríocht  na hÉireann: Michael Davitt; Charles Stewart Parnell; Maud Gonne; Countess Markievicz; Roger Casement;  Ernest Shackleton; Tom Crean; James Joyce agus Oscar Wilde. Cé go mbeadh roinnt de na pictiúir seo feicthe cheana, tá beocht as an nua curtha leo de bharr an dathaithe.

Ach is iad na pictiúir den chosmhuintir agus na radharcanna ó shaol na ndaoine is mó a spreagann suim agus fiosracht. Cén t-údar gáire agus spraoi atá ag na mná le póilín an RIC i measc an tslua ag Margadh an Éisc ag an bPóirse Caoch i nGaillimh? An iad an tiarna talún agus a bhean an cúpla dea-ghléasta atá ina seasamh, a ndroim leis an gceamara, agus iad ag faire ar dhíshealbhú i gcontae an Chláir in Iúil na bliana 1888? Cé hé an fear óg dea-dhéanta gan ainm, ach amháin an teideal ‘unknown Irish labourer’, ón mbliain 1858? Cé hí an tseanbhean ag tobar beannaithe an Dúin i gCill  Mhic Réanáin, Contae Dhún na  nGall, sa bpictiúr a tógadh am éigin idir 1860 agus 1883?

Peig Sayers

Spreag an grianghraf de scaifte mór de mhuintir Ghaoth Dobhair go leor plé ar Twitter. Bhí daoine an-tógtha leis an bpictiúr de bhean agus cailín ar Inis Meáin a thóg Carl W von Sydow thart ar an mbliain 1924. Sna pictiúir is sine is minic an grianghrafadóir anaithnid agus is minic na daoine sna pictiúir gan ainm.

Ó fhoinsí saor in aisce ar nós Dúchas, Leabharlann na hÉireann, an Library of Congress i Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith le Wikimedia Commons, a fhaigheann Breslin an chuid is mó de na grianghrafanna agus tá foinsí nua ag teacht chun solais go rialta. Tá os cionn 300 grianghraf roinnte aige go dtí seo agus tá breis is 12,000 duine ag leanstan Old Ireland in Colour ar na hardáin éagsúla. Tá sé i gceist aige dathú a dhéanamh ar na mílte pictiúr eile amach anseo. Agus cheana féin tá dath curtha aige ar an scannán de Knocknagow a déanadh i 1918. Ní bhíonn na dathanna cruinn i gcónaí, go háirithe na dathanna ar éadach, agus táthar ag súil go dtiocfaidh feabhas air sin de réir a chéile.

Bhí díospóireacht anuraidh ann faoin dathú agus na hathruithe eile a rinne Peter Jackson ar phíosaí scannánaíochta a déanadh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda ina scannán They Shall Not Grow Old. Bhí roinnt den tuairim nár cheart drannadh le híomhánna ó na blianta siar. Ach níl aon cheist faoi ach go gcuireann Old Ireland in Colour daoine agus áiteacha inár láthair go hanamúil. Is fiú go mór é a bheith ann.

Fág freagra ar 'Idir chosmhuintir Ghaoth Dobhair agus Thomás Ó Criomhthain, tá beocht nua ag baint le Old Ireland in Colour'