Iarrthóirí ag seasamh ar an leithreas le glaoch ar RnaG agus scéalta aniar eile…

CÚLÉISTEACHT TOGHCHÁIN: Bhí seachtar iarrthóirí i nGaillimh Thiar ar Iris Aniar ar RnaG ar maidin inné, ach ar fhoghlaim ár gcolúnaí tada?

Iarrthóirí ag seasamh ar an leithreas le glaoch ar RnaG agus scéalta aniar eile…

000bb25e-1024Bhí seachtar iarrthóirí i nGaillimh Thiar ar Iris Aniar ar maidin inné agus cosamar uair an chloig acu leis an bpobal a mhealladh lá an toghcháin. I láthair bhí FF (2) FG (1) DS (1) agus beirt neamhspleách. Bhí leathchéad ceist faighte ag Eibhlín Ní Chonghaile ón bpobal agus scaoil ráig acu chucu anois is arís ach caitheadh tamall maith anonn is anall le cúrsaí ospidéal seachas ar chúram pobail. Creideann Catherine Connolly gur ospidéal nua i bPáirc Mheirlinne an leigheas ach síleann Ó Cuív nach bhféadfadh muintir Chonamara a ghabháil soir ansin cheal bóthar ceart. Na bardaí agus na poist atá folamh i NUIG, céard fúthu? Tá saineolas iontach rúin éigin ag Niall Ó Tuathail ar an NHS i Sasana agus na blianta caite ag Connolly ar an bhfóram sláinte ach muid fós gan leigheas. 

Tá bóthar nua na Gaillimhe maraithe ag an Eoraip, ráiteas nár bréagnaíodh  agus níor tugadh aon fhaoiseamh do na daoine sin ar choisc na ceannabháin bhána cead pleanála orthu.

Drochsheirbhís leathanbhanda agus teileafóin ag cur as go mór do dhaoine agus bíonn ar an Tuathalach bocht seasamh ar an leithreas le glaoch ar RnaG.

Na scéimeanna fostaíochta in áit postanna buana údar cantail eile sa bpobal agus mhol an Daonlathach Sóisialta go laghdófaí cáin an chairr 30% faoin tuath mar chúiteamh ar dhrochbhail na mbóithre tuaithe. Arramara, fostaíocht áitiúil, muilte gaoithe agus réiteach ar an imirce ar an liodán chomh maith.

Tá Oileáin Árann slán mar tá an seachtar seo uilig gualainn ar ghualainn leo maidir le soláthar seirbhísí dóibh. Cuireadh ceist faoin nginmhilleadh ach níor airigh mé ach Ó Cuív á freagairt. Níl aon leasú uaidh.  Tithe sóisialta i gConamara, liúntas cánach do dhaoine a chuireann gasúir chun na Gaeltachta agus pingineacha breise do mhná tí ón gClochartach.

Comhartha den athrú saoil a laghad cainte a rinneadh faoi chúrsaí iascaigh agus feirmeoireachta, an dá shlí bheatha ba lárnaí thart anseo tráth. Tharraing Ó Cuív anuas an t-athrú ar na scéimeanna Eorpacha agus pobail nach gcuidíonn le feilméaraí beaga ach scaoileadh an liathróid sin as an imirt.

Ar fhoghlaim mé tada? Tá Gaeilge bhreá ag an seachtar, bhí siad múinte béasach lena chéile, tá a fhios acu go bhfuil Gaeltacht ann, tá a gcroí san áit cheart, bhí an láithreoir stuama gairmiúil i mbun a gnó  ach ní fiú tuthóg dreancaide an tábhacht atá lena ndea-thoil i scéiméireacht chasta na polaitíochta agus níos mó vótaí i mbólaí eile. 

Ar RTÉ Raidió 1 ag an tráth céanna bhí Joan Burton ag Seán O’Rourke agus féiríní cúram clainne á bhfógairt aici, ach shílfeá gur mó an fonn a bhí uirthi comhairle a chur ar Shinn Féin ná díriú ar a gnaithí féin agus ba mhó an tsuim a bhí ag an Ruairceach sa gcaint a rinne Peter McVerry ar chlár Ray D’Arcy arú inné  ná i soiscéal Joan.

Mhol McVerry Alan Kelly go haer, an t-aon duine sa rialtas a thuig an easpa dídine agus a raibh fonn gnímh air ach croimeasc curtha air ag Joan, ag Michael Noonan agus ag na comhairlí contae.

Níor aontaigh an ceannaire leis an léamh sin; bhí cruinnithe aici féin le McVerry freisin.

An mbeidh Kelly sa gcéad rialtas eile aici? Cinnte – nach é an leascheannaire é ach ní fios fós cén aireacht a bheas ag aon duine. Céard faoin andúil sin sa gcumhacht atá ag Alan? ‘Sin é Alan agat,’ arsa Joan. ‘Is mise Joan’, agus ‘mo chuid tubaiste ar a chlab mór’ is dóigh a dúirt sí faoin hanáil.

Bhí Maureen O’Sullivan ar Nuacht a hAon RnaG ag caint faoin ngéarchéim sa phobal i lár na cathrach mar a bhfuil sí ina Teachta Dála. Mhol sí na gardaí pobail go mór ach aistríodh iad as an bpobal, dar léise. Tá fadhb na ndrugaí agus an aindlí a théann leo ag scrios an phobail seo le blianta ach san am céanna rinneadh gearradh 37% ar na tionscnaimh a bunaíodh leis an bpobal seo a chumasú – leanaí, déagóirí, teaghlaigh agus andúiligh. Is as an tsiléig agus an neamhaird sin a thagann ceannas na mbithiúnach ar an bpobal.

Moladh spéisiúil aici go n-infheisteofaí an t-airgead a bhaineann CAB de choirpigh sna pobail is measa atá buailte ag drugaí. Mheabhraigh sí dúinn nuair a luaitear an focal ‘gangland’ gur gnáthcheantar é a bhfuil gnáthdhaoine ag tógáil a gclainne agus ag sracadh leis an saol ann agus polaiteoirí ag gabháil thart ann ag iarraidh vótaí.

Ar Drivetime, sochraidí na marbh agus na fadhbanna slándála a d’fhéadfadh a bheith ann lena linn a bhí á bplé agus measadh go mbeifí ag brath ar na gardaí pobail céanna le plé le teaghlaigh na marbh ar bhealach tuisceanach stuama. Mo ghraidhin iad, na créatúir.

Chaill Micheál Martin an bloc nuair nár thaitin ceist nó  ‘agenda’ na dtuairisceoirí leis – ní chuirfidh seisean aon choróin ar Kenny agus ní léir go dtabharfaidh sé freagra díreach faoi rialtas mionlaigh le FG go dtí go mbeidh na vótaí comhairthe.

Beidh áthas ar an Súilleabhánach a chloisteáil gur shíl Áine Ní Chiaráin go raibh a suíochán slán ach is beag nár tachtadh mé ar bhraon tae nuair a luaigh an tráchtaire céanna Seán Haughey le Sinn Féin – sciorradh focal, tairngreacht nó scúp?

Ar ndóigh is mór an stádas agus an onóir a bhíonn i gcónaí ag duine a bhfuil faitíos roimhe, a bhfuil giollaí aige, a bhfuil pingineacha aige agus atá beag beann ar an dlí – bíodh sin ar shráideanna suaracha nó i bpasáistí na cumhachta agus an airgid.

Baile Átha Cliath Thiar Claí na Muice Duibhe ag Ceannaire an Lucht Oibre más fíor do Drivetime, áit a bhfuil an-mhisneach ag Fianna Fáil suíochán Bhrian Lenihan a fháil ar ais, sin mura dtéann iarrthóir FF agus iar-iarrthóir le FF faoin mbrat Neamhspleách, sa gcosán ar a chéile. Dóchas bunús na polaitíochta mana Bhurton, ach ná déanadh sí deimhin dá dóchas teachtaireacht an chláir.

Fág freagra ar 'Iarrthóirí ag seasamh ar an leithreas le glaoch ar RnaG agus scéalta aniar eile…'