Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta

Dúirt Jim Gavin go ndearna sé dianmhachnamh chomh maith ar an lorg a d’fhéadfadh an feachtas a fhágáil ar shláinte a mhuintire agus a chairde

Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta

 Tá iarrthóir Fhianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta Jim Gavin éirithe as an rás.

Dúirt Gavin gur thug an méid a bhí tarlaithe le cúpla lá anuas cúis mhachnaimh dó.

“Rinne mé botún nach raibh ag teacht leis an saghas duine mé ná leis na caighdeáin a leagaim síos dom féin. Tá céimeanna á dtabhairt agam anois chun déileáil leis an scéal.”

“Rinne mé dianmhachnamh chomh maith ar an lorg a d’fhéadfadh an feachtas a fhágáil ar shláinte mo mhuintire agus mo chairde.

“Tar éis dom na rudaí sin go léir a a mheá, tá cinneadh déanta agam tarraingt siar ón bhfeachtas uachtaránachta láithreach bonn agus filleadh ar bhaclainn mo chlainne.”

Cuirfidh cinneadh Gavin éirí as rás an árais trí chéile agus gan fágtha anois ach beirt iarrthóirí, Heather Humphreys atá ag seasamh d’Fhine Gael agus an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur thuig sé cinneadh Gavin agus gurb é an cinneadh ceart é.

“Tá glactha ag Jim leis go ndearna sé botún maidir le ceist a tháinig chun cinn le roinnt laethanta anuas.

“Dúirt sé féin gurb í oifig Uachtarán na hÉireann an ceann is airde sa tír agus gurb í buaic na seirbhíse poiblí í.

“Tá sé soiléir faoi nach bhfuil sé ag iarraidh conspóid a tharraingt ar an oifig sin. Cinneadh an-deacair ab ea é seo do Jim mar gheall ar a thiomanta is atá sé don tseirbhís phoiblí.”

Dúirt Gavin ar dhíospóireacht The Week in Politics RTÉ go raibh sé ag fiosrú tuairiscí nár íoc sé ar ais €3,300 a bhí ag dul d’iarthionónta dá chuid. In 2009 bhí aighneas idir Gavin agus an t-iarthionónta tráth go raibh deacrachtaí airgid ag Gavin agus a chlann féin.

 

Fág freagra ar 'Jim Gavin Fhianna Fáil éirithe as an toghchán uachtaránachta'

  • Pádraig

    Níos tábhachtaí ná an volte face agus an ghalamaisíocht seo; an bhfaighidh an tionónta a c(h)eart anois uaidh?