Iarratas ar bith faighte ag an Roinn Oideachais maidir le dúnadh scoil Ghaeltachta

Dhearbhaigh an Roinn Oideachais gurb é pátrún na scoile a dhéanann cinneadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh ach go gcaithfí é a aontú leis an Roinn

Tá ráite ag an Roinn Oideachais nach bhfuil aon taifead acu ar aon iarratas faoi scoil i nGaeltacht Chonamara a dhúnadh.

D’fhógair bord bainistíochta Scoil Bhríde i Leitir Calaidh i gCeantar na nOileán an mhí seo caite go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana cheal uimhreacha agus go raibh iarrachtaí ar bun cónascadh a dhéanamh le scoil eile sa cheantar.

Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie, áfach, nach ndearnadh aon teagmháil oifigiúil leo maidir leis an gcinneadh an scoil a dhúnadh ná faoi chónascadh a dhéanamh le scoil eile.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile coicís ó shin go raibh cinneadh glactha ag Bord Bainistíochta Scoil Bhríde an scoil a dhúnadh ag deireadh mhí an Mheithimh toisc go bhfuil líon na ndaltaí le titim.

Ochtar gasúr atá ag freastal ar an scoil Ghaeltachta i láthair na huaire agus beidh triúr acusan ag tosú ar an iarbhunscoil sa bhfómhar.

Dúradh go raibh bord bainistíochta na scoile i dteagmháil le Deoise na Gaillimhe, pátrún na scoile, mar gheall ar an scéal.

‘Baile beag é Leitir Calaidh ach tá na daoine láidir anseo’ – cruinniú poiblí le reáchtáil faoi chinneadh scoil Ghaeltachta a dhúnadh

Dhearbhaigh an Roinn Oideachais do Tuairisc.ie gurb é patrún na scoile a dhéanann cinneadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh ach go gcaithfí dul i gcomhairle le dreamanna eile agus a leithéid de chinneadh a aontú leis an Roinn féin.

Dúirt urlabhraí ón Roinn go gcaithfí dul i gcomhairle le tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus pobal na háite faoi aon mholadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh agus go gcaithfí cinneadh a ghlacadh ag an “leibhéal áitiúil”.

Dúradh go gcaithfí moladh an scoil a dhúnadh nó a chónascadh a aontú ansin leis an Roinn Oideachais.

Tá roinnt tuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar Scoil Bhríde ag cur i gcoinne an chinnidh í a dhúnadh.

Dúradh nach raibh cruinniú ar bith ag an mbord bainistíochta leis na tuismitheoirí maidir leis an gcinneadh agus go raibh ceisteanna le freagairt.

Dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, Mícheál S. Mac Donnacha, an tseachtain seo caite nach bhféadfaí a rá cén scoil a ndéanfaí cónascadh léi mar go raibh cainteanna ar bun le dhá scoil sa cheantar.

Fág freagra ar 'Iarratas ar bith faighte ag an Roinn Oideachais maidir le dúnadh scoil Ghaeltachta'

  • Seán

    Tá seo náireach. Tá ceisteanna le freagairt ag Cathaoirleach an Bhoird don phobal áitiúil.