‘Baile beag é Leitir Calaidh ach tá na daoine láidir anseo’ – cruinniú poiblí le reáchtáil faoi chinneadh scoil Ghaeltachta a dhúnadh

Chuir bord bainistíochta Scoil Bhríde i gConamara in iúl do thuismitheoirí go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana toisc go raibh líon na ndaltaí le titim

Tá cruinniú poiblí á reáchtáil anocht maidir le cinneadh scoil Ghaeltachta a dhúnadh cheal uimhreacha.

Chuir bord bainistíochta Scoil Bhríde i Leitir Calaidh i gCeantar na nOileán i gConamara in iúl do thuismitheoirí na scoile an tseachtain seo caite go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo toisc go raibh líon na ndaltaí le titim.

Ochtar gasúr atá ag freastal ar an scoil Ghaeltachta i láthair na huaire agus beidh triúr acusan ag tosú ar an iarbhunscoil sa bhfómhar.

I ríomhphost a cuireadh chuig tuismitheoirí an tseachtain seo caite, dúradh go raibh an cinneadh glactha ag bord bainistíochta na scoile go ndúnfaí an scoil ag deireadh mhí an Mheithimh, 2022. 

Dúradh sa litir go raibh obair ar bun maidir le cónascadh a dhéanamh le scoil eile sa cheantar, scoil nár ainmníodh sa litir, agus go raibh plé á dhéanamh freisin le Deoise na Gaillimhe mar gheall ar an scéal.

Deir roinnt tuismitheoirí a bhfuil gasúir acu sa scoil gur tháinig an cinneadh aniar aduaidh orthu agus go bhfuiltear go láidir i gcoinne dhúnadh na scoile.

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt Mary B. Nic Dhonnacha, duine de na tuismitheoirí atá ag iarraidh an scoil a choinneáil oscailte, nach raibh an bord bainistíochta tar éis dul i mbun plé leo ar chor ar bith faoin gcinneadh.

“Ní raibh cruinniú ag an mbord bainistíochta le tuismitheoirí na scoile,” a dúirt sí.

Tá cruinniú poiblí le reáchtáil in Ionad Pobail Leitir Móir anocht ag 8pm chun an scéal a phlé.

“Teastaíonn freagraí uainn ón mBord Bainistíochta,” a dúirt Mary B. Nic Dhonnacha. “Cén uair a deineadh an cinneadh seo? Cén chaoi ar deineadh an cinneadh seo? Cé a bhí ann? Cén scoil a bhfuil an cónascadh seo á dhéanamh léi?

“Níl siad [an Bord Bainistíochta] sásta é sin a insint dúinn. Níl ciall ná réasún leis sin. Cén chiall atá le teacht amach is a rá go bhfuil an scoil seo le dúnadh agus go bhfuil muid le cónascadh a dhéanamh ach gan a rá cén scoil atá i gceist?”

Agus é ag labhairt ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine, dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta Scoil Bhríde, Micheál S. Mac Donnacha, nach bhféadfaí a rá cén scoil a rabhthas le cónascadh léi mar go raibh cainteanna ar bun le dhá scoil sa cheantar. 

Dúirt sé go rabhthas ag iarraidh chuile iarracht a dhéanamh an bheirt mhúinteoirí atá ag obair i Scoil Bhríde faoi láthair a choinneáil sa cheantar.

Maidir leis an gcinneadh an scoil a dhúnadh, dúirt sé go raibh plé “go neamhfhoirmiúil” déanta ag bainistíocht na scoile le tuismitheoirí roimhe seo.

Fiú má tá líon na ngasúr sa scoil le titim, tá Mary B. Nic Dhonnacha agus tuismitheoirí eile den tuairim nach call an scoil a dhúnadh agus gur féidir obair a dhéanamh chun borradh a chur faoi na huimhreacha a bhíonn ag freastal uirthi.

“Ceapann muid gur féidir agus go bhfuil sé indéanta an scoil sin a choinneáil oscailte agus an scoil a chur chun cinn,” a dúirt sí.

“Sa lá atá inniu ann, sé’n chaoi go bhfuil tú ag iarraidh rudaí a chur chun cinn agus nach bhfuil tú ag iarraidh rudaí a chur ar chúl. Croílár na háite seo is ea an scoil. Baile beag é baile Leitir Calaidh. Ach baile agus áit é freisin a bhfuil chuile dhuine ar son a chéile. Tá na daoine láidir anseo.

“Deineadh cúpla iarracht cheana an scoil seo a dhúnadh sna blianta atá caite. Bhí mé fhéin i mo ghasúr ann nuair a triaileadh í a dhúnadh agus siad an chéad dream a bhí amuigh ná an bord bainistíocht agus muintir na háite,” a dúirt Mary. 

“Scoil dheas í, scoil bhreá í. Tá sí ann ó 1893. Bheadh muid 130 bliain ar an bhfód an chéad bhliain eile. Ba cheart gur á cheiliúradh sin a bheadh muid.”

Fág freagra ar '‘Baile beag é Leitir Calaidh ach tá na daoine láidir anseo’ – cruinniú poiblí le reáchtáil faoi chinneadh scoil Ghaeltachta a dhúnadh'