Iarratas amháin ar thrí fholúntas do mhúinteoirí Gaeilge

Tá léargas eile tugtha ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge ag cás Mheánscoil Hansfield Educate Together i mBaile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath 15

Iarratas amháin ar thrí fholúntas do mhúinteoirí Gaeilge

Tá léargas eile tugtha ar ghéarchéim na múinteoirí Gaeilge agus gan ach iarratas amháin faighte ag iarbhunscoil i mBaile Átha Cliath ar thrí fholúntas do mhúinteoirí Gaeilge.

Scoil í Meánscoil Hansfield Educate Together i mBaile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath 15 atá ag fás agus beidh 190 dalta ag tosú ann i mbliana le hais an 38 dalta atá i rang na hArdteiste. 

Ag labhairt di le RTÉ dúirt príomhoide na scoile Bernie Judge go bhfuil gá le deichniúr múinteoirí nua a fhostú, triúr múinteoirí Gaeilge ina measc.

Ní bhfuarthas ach iarratas amháin ar dhá fholúntas do mhúinteoirí Teicneolaíochta agus iarratas amháin a fuarthas do phost do mhúinteoir riachtanas speisialta. 

De réir suirbhé a rinne Aontas Múinteoirí Éireann i measc príomhoidí agus leas-phríomhoidí  i 150 scoil, ba í an Ghaeilge an t-ábhar is mó a bhí thíos le fadhbanna maidir le múinteoirí nua a earcú agus múinteoirí a choinneáil.

Bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé rinne an TUI na deich n-ábhar is measa atá buailte ag fadhbanna earcaíochta a rangú agus bhí an Ghaeilge sa chéad áit agus í chun tosaigh ar an Mhatamaitic a bhí sa dara háit, an Fhraincis sa tríú háit, an eacnamaíocht bhaile sa cheathrú háit agus an Spáinnis atá ar an gcúigiú ábhar is mó atá buailte ag easpa múinteoirí.

Dúirt 75% de na príomhoidí go raibh folúntas acu nár chuir aon duine isteach air sa tréimhse bliana sular deineadh an suirbhé mí na Samhna agus mí na Nollag seo caite. Dúirt 54% go raibh folúntas nár líonadh acu. 

Fág freagra ar 'Iarratas amháin ar thrí fholúntas do mhúinteoirí Gaeilge'

  • Lillis Ó Laoire

    Coinníollacha agus téarmaí níos mealltaí in Dubai.

  • An t-ábhar scoile is dúshlánaí le múineadh

    Ní coinníollacha oibre ná páigh amháin is cúis leis an ganntan múinteoirí Gaeilge. Tá sciar mhaith des na daltaí meánscoile nach bhfuil suim dá laghad acu sa Ghaeilge. Tá an cúrsa Ghaeilge sna meánscoileanna comh leadránach sin gur beag duine óg a spreagann sé i dtreo na múinteoireachta.