Iarracht eile ar uafás san fholús polaitiúil contúirteach

Glactar leis go bhféachfaidh easaontóirí le theacht i dtír ar an bpairilis sa pholaitíocht, an imní faoin mBreatimeacht agus an t-achrann faoi sheancheisteanna

Iarracht eile ar uafás san fholús polaitiúil contúirteach

Iarracht eile chun póilíní a mharú. Ba mhinic Droichead na nGad i gContae Fhear Manach sa nuacht le linn na dTrioblóidí. Ag deireadh na seachtaine rinne easaontóirí poblachtacha iarracht uafás nua a chur le hannála an bhóthair cois na teorann le contae an Chabháin.

Ba mhór an faoiseamh é nár mharaigh an buama aon duine agus nár gortaíodh éinne ach b’údar imní é go raibh na heasaontóirí ag treisiú ar a bhfeachtas foréigin. Níorbh iontas ar bith é gur éiligh Leas-Phríomh-Chonstábla an PSNI “gníomh seachas cáineadh” chun a dhul i ngleic leis an gcontúirt. Mar thaca lena éileamh rinne sé tráchtaireacht a bhfeadfaí an lipéad ‘polaitiúil’ a chur air. Mhaígh roinnt nach raibh aon cheart ag Stephen Martin a ladar a chur sa pholaitíocht, gur cheart dó cloí le póilíneacht ach mheas a thuilleadh gur léiriú é ar an nguagacht agus an chontúirt reatha.

Ba mhinic cheana a dúirt ceannairí an PSNI nár leor póilíneacht amháin chun cruacheisteanna a fhuascailt, go háirithe na fadhbanna a bhain le hoidhreacht na dTrioblóidí ach bhí ráiteas Stephen Martin neamhchoitianta. Éileamh neamhbhalbh ar na polaiteoirí ab ea é, cruthúnas go raibh imní mhór ar an PSNI.

Tar éis dhá bhliain go leith gan rialtas, teannas an tsamhraidh seo agus cúig iarracht chun póilíní a mharú i mbliana, marú an iriseora óig, Lyra McKee i gceann de na hionsaithe sin, ba léir go ndearna an Leas-Phríomh-Chonstábla a idirghabháil in aon turas. Tig linn glacadh leis gurbh é sin breithiúnas údaraithe an PSNI.

“Tá gá sa tsochaí le ceannaireacht ó pholaiteoirí; ní leor cáineadh; ní mór dóibh comhoibriú go dearfach le chéile,” a dúirt Stephen Martin.

“Déanann póilíní a gcion ach ní leor iadsan amháin a bheith ag rá le lucht an fhoréigin ‘ní ionadaithe sibhse ar an gcineál sochaí a theastaíonn uainn’; ní ar mo shonsa”.

“Tá cuid againn buartha – agus tá sé ráite liom ag roinnt mhaith daoine go bhfuil an dul chun cinn a rinneadh á ligean le sruth agus deighilt á géarú,” ar sé.

Má bhí súil ag an Leas-Phríomh-Chonstábla Martin go mbrisfeadh dea-thoil amach idir polaiteoirí chaithfeadh sé go raibh díomá air faoin agallamh teilifíse a rinne Arlene Foster, ceannaire an DUP agus Feisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin, Michelle Gildernew le chéile ag láthair an ionsaithe ag Droichead na nGad. Cháin an bheirt acu an t-ionsaí ach chomh luath is a rinneadh tagairt don teorainn – bog nó crua – bhí an teannas eatarthu follasach; an caidreamh nimhiúil. Ní chothódh sé dóchas ar bith go mbeadh an dá pháirtí in ann comhréiteach a dhéanamh chun tabhairt faoi roinnt na cumhachta le chéile ar mhaithe leis an gcoitiantacht.

Deirtear gurb é an tIRA Leanúnach a bhí freagrach as an ionsaí i gContae Fhear Manach. Bhí an buama cosúil leis an mbobghaiste a d’fhág an grúpa sin i Craigavon an mhí seo caite. Ba mhar a chéile an cur chuige freisin; luíochán a bhí beartaithe. Bréagfholáireamh chun na póilíní a mhealladh isteach sa cheantar agus ionsaí pléisce chun oifigigh a mharú ar an láthair. Fearacht a n-ionsaí an mhí seo caite a chuir gnáthdhaoine i mbaol a mbáis chuir an gaireas ag Droichead na nGad trácht ar an mbóthar mór i gcontúirt. Is cuma leo sin a bhí freagrach.

Údar buartha é an tIRA Leanúnach a bheith chomh gníomhach sin arís. Ba chosúil go dtí anuraidh go raibh a bport seinnte ach deir saineolaithe slándála go bhfuil atheagar déanta acu agus daoine óga á n-earcú. Tá siadsan agus an tIRA Nua a mharaigh Lyra McKee ag iarraidh cur leis an nguagacht.

Glactar leis go bhféachfaidh siad le theacht i dtír ar an bpairilis sa pholaitíocht, an imní faoin mBreatimeacht gan socrú agus achrann faoi sheancheisteanna a bhfuil faillí déanta iontu.

Bíodh idirghabháil Stephen Martin críonna nó ná bíodh – is dócha go neosfaidh an aimsir –bhí an ceart aige an fheadóg a shéideadh.

Fág freagra ar 'Iarracht eile ar uafás san fholús polaitiúil contúirteach'