Iarracht eile á déanamh fuascailt a fháil ar chás mná Gaeltachta atá 36 bliain ar iarraidh

Creideann na Gardaí fós go bhfuil bearnaí le líonadh sna cuntais uilig ar eachtra thragóideach a tharla i gCarna i nGaeltacht Chonamara i 1985

Iarracht eile á déanamh fuascailt a fháil ar chás mná Gaeltachta atá 36 bliain ar iarraidh

Tharla cor aisteach agus cor brónach nach bhfuil míniú air fós i saol mhuintir Bhreathnaigh agus mhuintir Loideáin i gCarna i gConamara ar an 22 Meitheamh, 1985. Inniu, an 22 Meitheamh, thriail na Gardaí beart eile fós le súil agus go bhfaighfí fuascailt ar scéal Bharbara Walsh – Barbara Bhreathnach – a facthas go deireanach taca an ama seo 36 bliain ó shin. Bhí cóisir ina teach cónaithe i Roisín na Mainiach i gCarna an oíche sin. Bhí Barbara (Barbara Ní Loideáin roimh phósadh di) ina teach ag 4am an mhaidin sin ach níl aon tuairisc faighte ariamh ó shin faoi cá ndeachaigh sí, nó céard a tharla di ina dhiaidh sin. Bhí a fear céile agus seachtar clainne – duine acu ina naíonán san am – sa teach an oíche sin chomh maith le daoine a tháinig chuig an gcóisir. Ceithre bliana déag agus fiche a bhí Barbara san am.

Thosaigh imeachtaí sóisialta na hoíche tragóidí sin i dTeach Ósta Tí Mhóráin i gCarna agus tugadh cuireadh do roinnt daoine a bhí ansin soir chuig tigh an Bhreathnaigh. Tá macalla na hoíche sin ann fós.

Inniu i gCarna, d’fhógair an Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnchadha go raibh an córas Cosc Coireanna nó ‘Crimestoppers’ tugtha isteach sa bhfiosrúchán anois. Mar chuid den chóras seo, tugtar deis do dhaoine glaoch in aisce ar uimhir theileafóin – 1800 250 025 – agus aon eolas atá acu faoi aon eachtra ar leith a chur ar fáil gan ainm ná aon chomhartha aitheantais eile a thabhairt.

Ní gá dóibh, ach oiread, cuid ar bith den eolas sin a chur ar fáil do na Gardaí go hoifigiúil agus ní leagann an chaint le ‘Crimestoppers’ aon dualgas eile orthu faoin bhfiosrúchán.

“Tá muid ag súil,” a deir an Bleachtaire Sáirsint Mac Donnchadha, atá i gceannas ar an bhfiosrúchán, “go dtiocfaidh eolas chun cinn dá bharr seo a chuideoidh le réiteach a fháil ar an gcás.”

Creideann na Gardaí, agus daoine muinteartha Bharbara, go bhfuil eolas ag daoine áirithe fós a bheadh tábhachtach sa gcás seo.

Rinne Pádraig Ó Loideáin, deartháir le Barbara agus a gariníon, Aeidín Bhreathnach achainí ar dhaoine ag an bpreasocáid inniu cuidiú leis na Gardaí agus leis an teaghlach.

“Is iomaí uair caint cloiste agam faoi Mhamó ó bhí mé im mo pháiste,” a deir Aeidín, atá beagán blianta le cois an scóir. “Cuimhním faoin scéal uilig go minic. Fiafraím díom féin cén sórt duine a bhí inti; cén sórt saoil a bheadh againn léi; cá ndeachaigh sí. Is ionann do Mhamó agus an dara máthair.

“Dá bhfaighfí amach féin céard a tharla agus cá ndeachaigh sí, laghdódh sé an t-ualach orainn.”

Tá sé ina dhóchas as ‘Crimestoppers’ go bhfaighfear léargas ar cén áit a ndeachaigh Barbara nó cén áit a mbeadh a corp dá dtarlódh sé go bhfuil sí ar shlí na fírinne. Ach ní bheadh eolas a gheofaí ar an gcóras Crimestoppers as féin, sách láidir mar fhianaise chúirte. Ach dhearbhaigh an Bleachtaire Sáirsint Mac Donnchadha go leanfadh an fiosrúchán ar aghaidh pé ar bith toradh a bheadh ar an iarracht a seoladh i gCarna inniu.

Téann tús an scéil siar sé bliana déag agus fiche.

Is cosúil go raibh idir deichniúr nó dhá dhuine dhéag ag an gcóisir i dteach cónaithe Bharbara Walsh oíche an 21 Meitheamh agus maidin an 22 Meitheamh, 1985. Bhí beirt Ghardaí a bhí lonnaithe i gCarna san am ina measc.

Ach níl aon amhras caite ar na Gardaí sin. Níl aon fhírinne sa scéal go raibh sagart i láthair.

Rinneadh na scórtha agallamh le daoine i gceantar Charna le beagán blianta anuas le súil agus go dtiocfadh eolas níos iomláine chun cinn. Bhí daoine a bhí ag an gcóisir tigh Bhreathnaigh i Roisín na Mainiach ar an 21-22 Meitheamh 1985 ina measc siúd a ceistíodh. Ach creideann na Gardaí fós go bhfuil bearnaí le líonadh sa gcuntas uilig.

“Pobal dlúth Gaeltachta é Carna agus creidimid go bhfuil daoine sa bpobal seo a bhféadfadh eolas a bheith acu ar féidir leis cabhrú lenár n-imscrúdú. Táimid ag impí ar na daoine sa bpobal timpeall ar Roisín na Mainiach teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn aon phíosa eolais acu, is cuma cé chomh beag atá sé agus a cheadú don Gharda Síochána, a thábhachtaí atá sé chun an rúndiamhair seo a réiteach, a mheas.”

“Tuigimid go mairimid anois i ré an-éagsúil ón mbliain 1985 agus b’fhéidir go mbraitheann daoine níos compordaí eolas a roinnt linn anois i ndiaidh an oiread sin ama a bheith imithe thart.

“Ba mháthair agus bean chéile dhílis í Barbara Bhreathnach agus chuir a himeacht ar iarraidh imní agus buairt an-mhór ar a teaghlach óg atá ina ndaoine fásta agus ina dtuismitheoirí iad féin anois. Agus a breithlá 70 bliain d’aois ag druidim linn, iarraimid orthu siúd a bhfuil eolas acu, is cuma cé chomh neamhthábhachtach a cheapann siad atá sé, teagmháil a dhéanamh linn,” arsa an Bleachtaire Sáirsint Colm Mac Donnachadha.

D’eagraigh na Gardaí tóraíocht mhór gar do theach cónaithe Bharbara Bhreathnach i Roisín na Mainiach, agus in áiteacha eile i gceantar Charna arú anuraidh ach ní bhfuarthas aon toradh críochnúil ar chás Bharbara Bhreathnach.

Tá caint tarraingthe anuas anois agus aríst in imeacht na mblianta faoin gcaoi a ndearnadh láimhsiú ar an gcás an chéad aimsir. Dúirt na Gardaí go raibh sé beagnach seachtain sular tugadh scéala dóibh go raibh Barbara imithe. Ba é dearcadh chuid de na Gardaí san am nach bhféadfaí a rá go raibh duine ar iarraidh – go pointe áirithe ar a laghad. Bhí a chead ag duine imeacht gan scéal a thabhairt do dhuine ar bith, a dúradh. Níl an polasaí sin i bhfeidhm sna Gardaí anois; téann siad i mbun gnímh gan mórán achair má tá duine imithe gan tuairisc.

Ach tá baill teaghlaigh Bharbara Walsh bearránach i gcónaí faoin gcaoi a ndearna na Gardaí an eachtra a láimhsiú i 1985. Dúirt Pádraig Ó Loideáin agus garchlann Bharbara inné go bhfuil sé sin amhlaidh.

Bíonn an cás níos brónaí i gcónaí nuair a thagann cothrom an lae ar imigh Mamó, a deir a garchlann Aeidín agus Shaina Bhreathnach i gCarna inniu.

Dúirt iníon Barbara, Jacqueline Walsh, “Tá a fhios againn nár fhág ár máthair muid ar maidin an 22 Meitheamh 1985. Bhí sé ina ualach mór orainn mar theaghlach, ar feadh na mblianta seo ar fad, nárbh fhios dúinn céard a tharla di. Ní theastaíonn uainn ach fios a bheith againn cá bhfuil sí chun gur féidir linn í a thabhairt abhaile, agus í a adhlacadh.

“Impímid ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu – seo é an t-am teagmháil a dhéanamh linn. Teastaíonn uainn ár máthair a bheith againn arís, tá muid ag iarraidh fáil amach céard a tharla ar an 22 Meitheamh 1985, agus teastaíonn uainn go dtiocfaidh an t-eolas sin chun solais, is cuma céard a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin,” a dúirt sí.

Tá súil acu nach dtiocfaidh an 22 Meitheamh aríst gan soiléiriú a bheith acu ar an scéal seo.

Fág freagra ar 'Iarracht eile á déanamh fuascailt a fháil ar chás mná Gaeltachta atá 36 bliain ar iarraidh'