Iarracht ar bun teacht ar réiteach ar an tsáinn mar gheall ar ranganna ceoil do pháistí i gConamara

Tá achainí déanta ag Roinn na Gaeltachta ar na teagascóirí ceoil a bhíodh ag obair don Ghaelacadamh teagmháil a dhéanamh leo

Iarracht ar bun teacht ar réiteach ar an tsáinn mar gheall ar ranganna ceoil do pháistí i gConamara

Tá Roinn na Gaeltachta ag impí ar na teagascóirí ceoil a bhíodh ag obair don Ghaelacadamh teagmháil a dhéanamh leo chun socrú a dhéanamh maidir le leanúint le ranganna ceoil do pháistí Chonamara go dtí an Nollaig.

Tá an Roinn ag iarraidh teacht ar réiteach faoi láthair ar an tsáinn maidir leis na ranganna ceoil do pháistí a bhíodh á gcur ar fáil ag an Gaelacadamh agus imní ann nach mbeidh fáil ar na ranganna sin go dtí tús na bliana seo chugainn.

Ní bheidh na ranganna ceoil, damhsa agus amhránaíochta a bhíodh á gcur ar fáil do pháistí Chonamara ag An Gaelacadamh, á gcur ar fáil an fómhar agus an geimhreadh seo ag Ealaín na Gaeltachta.

Ó tharla An Gaelacadamh a bheith scortha tá na cúraimí a bhíodh ar an eagraíocht sin a n-aistriú go dtí Ealaín na Gaeltachta, fochomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta.

I ráiteas a chuir Roinn na Gaeltachta amach ar maidin dúradh go dtuigtear go bhfuil “imní” ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar theagascóirí nach mbeidh na ranganna ar fáil do pháistí as seo go deireadh na bliana. 

“In iarracht dhul i ngleic leis sin, tá an Roinn ag iarraidh uair amháin eile ar na teagascóirí ar fad a bhí ag cur ranganna ar fáil tríd an nGaelacadamh in 2018 teagmháil a dhéanamh léi,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh deontas €325,000 ag tús na míosa d’Ealaín na Gaeltachta chun na healaíona dúchasacha a chur chun cinn i measc na n-óg ar fud na Gaeltachta le linn na scoilbhliana 2018/2019.

Méadú é seo ar an allúntas a cuireadh ar fáil don chlár seo anuraidh agus mar chuid den allúntas nua beidh an €130,000 a bhíodh á íoc roimhe seo leis An Gaelacadamh anois á thabhairt d’Ealaín na Gaeltachta leis na ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta ag tús na míosa nach mbeadh ar chumas na heagraíochta ranganna a chur ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí Eanáir 2019 “de bharr na socruithe maidir le hearcú teagascóirí agus cúrsaí riaracháin eile atá le cur i gcrích lena chinntiú go gcuirfear seirbhís chuimsitheach ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí agus do thuismitheoirí araon”.

Dúirt an tAire Stáit, áfach, go raibh sé féin agus a Roinn “ag breathnú go gníomhach ar bhealaí chun gur féidir an tseirbhís seo a choinneáil ag imeacht idir seo agus deireadh na bliana” agus go dtuigeann sé do na tuismitheoirí a bhfuil “imní” orthu maidir le “leanúnachas” na seirbhíse i gConamara”.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta an mhí seo caite go raibh “imní mhór” orthu nach mbeadh fáil i mbliana ar na ranganna sna healaíona dúchasacha Gaelacha do pháistí Chonamara agus Árann.

Fág freagra ar 'Iarracht ar bun teacht ar réiteach ar an tsáinn mar gheall ar ranganna ceoil do pháistí i gConamara'