Iarchoimisinéir teanga ainmnithe le bheith ina bhall de Bhord TG4

Tá an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin agus an scríbhneoir agus láithreoir teilifíse Muireann Ní Chíobháin ainmnithe ag Coiste Oireachtais le bheith ar Bhord TG4

Iarchoimisinéir teanga ainmnithe le bheith ina bhall de Bhord TG4

Muireann Ní Chíobháin agus Seán Ó Cuirreáin

Tá an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin ainmnithe le bheith ina bhall de Bhord TG4.

Fógraíodh i dTeach Laighean anocht go bhfuil Ó Cuirreáin ar dhuine de bheirt a bhfuil a n-ainmneacha le cur faoi bhráid an Rialtais do na folúntais atá ar bhord an stáisiúin teilifíse faoi láthair.

An t-údar agus láithreoir teilifíse as cathair Chorcaí Muireann Ní Chíobháin an duine eile a bhfuil a hainm á chur faoi bhráid an Rialtais.

Tá cathaoirleach agus baill nua eile le ceapadh ar Bhord TG4 go luath chomh maith.

Is iad Seán Ó Cuirreáin agus Muireann Ní Chíobháin an bheirt a roghnaigh Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta le bheith ar an mBord.

Cathaoirleach an choiste Aengus Ó Snodaigh a d’fhógair ag cruinniú i dTeach Laighean tráthnóna go raibh a n-ainmniúcháin le cur faoi bhráid an Rialtais ag an Aire Meán agus Gaeltachta, Catherine Martin.

Dúirt Ó Snodaigh gur 20 a bhí san iomaíocht d’ainmniúcháin an choiste agus gur labhair sé leo go léir sular roghnaíodh an bheirt.

Bhí Seán Ó Cuirreáin, arb as Gaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas dó ach a bhfuil cónaí air i gCois Fharraige le blianta fada, ina leascheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a ceapadh mar an chéad Choimisinéir Teanga riamh in Éirinn é in 2004.

D’éirigh an t-iar-iriseoir agus craoltóir as oifig an Choimisinéara in 2014 mar agóid i gcoinne fhaillí an Stáit i leith na Gaeilge.

Cheap Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn ar an gComhairle Stáit é in 2019.

As Gaeltacht Chorca Dhuibhne d’athair Mhuireann Uí Chíobháin agus chaith sí cuid mhaith dá hóige ansin. Tá sraitheanna teilifíse do dhaoine óga déanta aici do leithéidí TG4 agus RTÉ agus leabhair cumtha aici do pháistí, ina measc Scúnc agus Smúirín.

Fág freagra ar 'Iarchoimisinéir teanga ainmnithe le bheith ina bhall de Bhord TG4'