‘I’ve got like fu*k all Irish’ – creathadh bainte as cách ag céad agallamh an aire Gaeltachta nua

ASNC: In agallamh eisiach bhris Jack Chambers gan scáth gan náire an nós ársa a bhíonn ag airí nua Gaeltachta an grá faoi cheilt atá acu don Ghaeilge a fhógairt os ard don saol mór den chéad uair

‘I’ve got like fu*k all Irish’ – creathadh bainte as cách ag céad agallamh an aire Gaeltachta nua

Bhain Aire Stáit nua na Gaeltachta Jackeen Chambers creathadh as cách aréir nuair a dúirt sé go raibh “like fu*k all Irish” aige agus “fu*k all interest” aige í a fhoghlaim.

In agallamh eisiach leis an mbeirt iriseoirí ar cuma leo faoi na cúrsaí seo, bhris Chambers gan scáth gan náire an nós ársa a bhíonn ag airí nua Gaeltachta an grá faoi cheilt atá acu don Ghaeilge a fhógairt os ard don saol mór den chéad uair.

“Like where the f*uck even is the Gaeltacht, like f*cking Wicklow, or somewhere? If I’d any f*cking interest in learning Irish, I’d have f*cking learnt it by now, wouldn’t I? Gawd!” arsa Chambers.

Nuair a chuir duine den bheirt iriseoirí ar cuma leo faoi na cúrsaí seo ceist ar Chambers faoina dhearcadh tarcaisneach i leith a phoist nua, tugadh freagra giorraisc air.

“F*ck you, you’re not the Taoiseach. You can’t make me do anything,” arsa Aire Stáit nua na Gaeltachta agus a chuid gruaige á slíocadh siar aige.

Nuair a cuireadh a thuilleadh brú ar an Aire Junior B nua míniú a thabhairt ar a chuid cainte, dúirt sé “What’s the Irish for ‘do I look like somebody who gives a f*ck’?”

Dúirt Conradh na Gaeilge gur léirigh an cheist sin go bhfuil “spéis mhór” ag an Aire Stáit nua sa teanga. Dúirt urlabhraí na heagraíochta go raibh siad ag súil go mór le bheith “ag comhoibriú leis”.

Chuir siad “fáilte mhór” roimh gach rud.

Fág freagra ar '‘I’ve got like fu*k all Irish’ – creathadh bainte as cách ag céad agallamh an aire Gaeltachta nua'

  • Poraic o'hEipicín

    Go bhfóire Dia ar an Ghaeilge.

  • Colin Ryan

    Ionracas – fiú más ar son grinn é.

  • Lorcán Bermingham

    An-ghreannmhar an méid a dúirt Conradh na Gaeilge faoi!!

  • file

    Freagra na ceiste = An bhfuil an chuma orm nach cuma sa tsioc liom?

    Agus, ar an ábhar sin, tharla gur úsáideadh an frása seo san alt dhá uair – “beirt iriseoirí ar cuma leo faoi na cúrsaí seo” – tá mé ag déanamh go gcuireann sin ciall in iúl atá a mhalairt ghlan den chiall a bhí na húdair ag iarraidh a chur in iúl.