‘I don’t think Irish will ever go away. We’re very proud of our own language’ – Déiseach ag iarraidh an Ghaeilge a scaipeadh ar an PGA Tour

Labhair an galfaire Éireannach, Séamus Power, faoin tsuim atá aige sa Ghaeilge agus é ag fáil réidh dá chéad séasúr ag imirt ar an PGA Tour

‘I don’t think Irish will ever go away. We’re very proud of our own language’ –  Déiseach ag iarraidh an Ghaeilge a scaipeadh ar an PGA Tour

Is beag galfaire ar an PGA Tour a mbeadh aon chur amach acu ar an nGaeilge ach má choinníonn Séamus Power a chárta ar feadh cúpla bliain eile, d’fhéadfadh athrú teacht air sin.

Agus é ag glacadh páirte sna Cluichí Oilimpeacha 2016 ar son na hÉireann, cheap Power, arb as Port Láirge ó dhúchas é, go raibh ainm níos Gaelaí ag teastáil dá ghiolla, Meiriceánach darb ainm John Rathouz. ‘Seán Teach Francach’ a bhaist Power ar a chara.

Ag labhairt dó in agallamh ar shuíomh an PGA le deireanaí, rinne Power cur síos ar an teanga agus na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a chreidiúint go bhfuil a leithéid de rud ann.

“I sometimes tell people and they think I’m kidding. They think it’s just a way of speaking English with a funny Irish accent.”

Deir Power nach mór na deiseanna a bhíonn aige a chuid Gaeilge a úsáid ó d’fhág sé an scoil. In Tennessee a d’fhreastail sé ar an ollscoil ar mhaithe le galf a imirt. Nuair a bhíonn sé sa bhaile éiríonn leis an Ghaeilge a chleachtadh ó am go chéile.

Cúpla bliain féin ó shin, is beag caint a bhíodh á dhéanamh ar Power in Éirinn agus níos mó ná deich mbliana caite aige ag imirt sna Stáit Aontaithe, ach tá dul chun cinn mór déanta aige le gairid.

Tá seal caite aige ag imirt ar an Web.com Tour, an comórtas dara leibhéal i Meiriceá, ach mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhain sé áit amach ar an PGA Tour don séasúr seo chugainn agus deis anois aige tuilleadh clú a thuilleamh.

Más thar sáile féin atá sé ina chónaí, deir Power go bhfuil an-mheas aige ar an nGaeilge agus cé go bhfuil an teanga go mór faoi bhrú, deir sé nach scaoilfear léi gan troid.

“I don’t think Irish will ever go away. We’re very proud of having our own language,” a deir sé.

“We don’t always use it. If someone tried to take it away, everyone would be up in arms about it.”

Fág freagra ar '‘I don’t think Irish will ever go away. We’re very proud of our own language’ – Déiseach ag iarraidh an Ghaeilge a scaipeadh ar an PGA Tour'

  • Roddy

    Is cinnte “someone tried to take it away” agus tá fós á sciobadh uainn mar theanga bheo nuair nach bhfuil Gaeilge riactanach don Státseirbhís agus bac á chur ar Gaelscoileanna nua a bhunú.

  • stilla

    Ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge bheo ag éalú uainn ach ní léir don aos óg an méid atá caillte ó bhí na caogaidí na haoise seo caite ann. Bhíos ag obair tráth in oifig mhór státseirbhíse. Scata mór cléireach i mbun scríbh sula raibh trácht ar ríomhaire. 1959. Bhí Gaeilge againn go léir. Bhí idir chainteoirí dúchais agus fhoghlaimeoirí ann. Cuid againn i bhfábhar í a labhairt, oiread is ab fhéidir linn, cuid eile go nimhneach ina haghaidh, ach bhí sí againn. Bhímis á labhairt gach lá, sinn ag ceartú foghraíocht a chéile, “an othar nó eochair atá uait?” nó ag léiriú an difir idir “kneel” agus “ní fhuil / níl”. Bhinnse ag foghlaim uathu: “Hey! Didja never hear of the Uimhir Dhé?” Chaitheamar dhá shamhradh sa Ghaeltacht i bhfochair a chéile le Gaeleagras na Seirbhíse Poiblí. Mhothaigh muid go raibh an Stát báúil leis an Athbheochan. Is é an trua gur imigh sin is gur tháinig seo.