‘He is one of our own’ – tá mianach Chonamara go smior i Harry Kane, captaen Shasana…

Cathánach Chonamara a chuaigh amú orainn – tá cuid mhór de ghinealas Harry Kane go domhain i dtalamh righin Chonamara

‘He is one of our own’ – tá mianach Chonamara go smior i Harry Kane, captaen Shasana…

Amhrán atá ag lucht leanta Tottenham Hotspur i Londain in ómós do dhuine de laochra an chumainn:

He is one of our own,
He is one of our own,
Harry Kane,
He is one of our own.

Nó meas tú arb ea? Bhuel sea anois ar aon chuma.

“I am proud to be English and I would do anything for my country…all we can do is fight on the pitch and give 120 per cent in every game and wear that badge with pride. I am sure the country will take to that.”

Is leis na focail sin a bheifeá ag súil ó chaptaen fhoireann sacair Shasana agus iad ag réiteach le haghaidh a gcéad chluiche i gcomórtas Chorn an Domhain sa Rúis. Beidh siad ag dul chun páirce in aghaidh na Túinéise sa gcomórtas tráthnóna Dé Luain seo chugainn. Harry Kane a bheidh chun tosaigh agus iad ag teacht amach ar an bpáirc.

Ach, bheadh roinnt mhaith fírinne ann dá n-abródh muintir Chonamara gur leo féin Harry Kane freisin.

Dá mbeadh an saol gafa ar bhealaí eile bheadh geansaí ar dhath uaine ar an bhfear óg 24 bliain d’aois ar pháirceanna peile na hEorpa agus an domhain. Bheadh sé ag imirt d’Éirinn, mar tá cuid mhór de ghinealas Harry Kane go domhain i dtalamh righin Chonamara. Chuaigh a athair mór, Michael John Kane ar imirce go Sasana sna 1950aidí as baile fearainn Dhamhrois gar do Leitir Fraic sa gcuid thiar thuaidh de Chonamara. Nuair a bhásaigh Michael John i 2013 tugadh ar ais go hÉirinn é lena chur ina cheantar dúchais. B’in é mian a chroí – a bheith curtha sa gceantar sléibhtiúil as ar tháinig sé.

Bhí déagóir ciúin séimh ar dhuine de na Cathánaigh a tháinig as Sasana ar an tsochraid – leaid darbh ainm, Harry Kane, garmhac le Michael John. Bhí aithne curtha ag a chol cúigearacha i gceantar Rinn Mhaoile air sna blianta roimhe sin nuair a thagadh a mhuintir anall ar cuairt. Tá cuimhne mhaith ag an gceoltóir, Liz Keane ar a col seisear. ‘Little Harry’ a thugaidís air, a deir sí.

Sin é anois duit, Harry Kane, atá anois fásta suas ina imreoir sacair den scoth agus an ‘bhróg órga’ buaite aige don té is mó a bhfuil cúil scóráilte i bPríomhroinn Shasana dhá shéasúr as a chéile.

Tá ceangal an-láidir i gcónaí idir muintir Kane i gceantar Rinn Mhaoile agus Leitir Fraic le teaghlach Harry i Londain. Tagann athair Harry, Patrick Keane, go Conamara minic go maith. Tuigtear gur tugadh roinnt daoine as Rinn Mhaoile go ceantar Londan cúpla bliain ó shin ag obair ar theach cónaithe Harry Kane. Tuigtear go ndearnadh é sin sa gcaoi agus nach dtarraingeofaí mórán airde ar ghnóthaí an pheileadóra go háitiúil.
Dúirt a athair, Patrick, liom anuraidh gur mhaith leis go bhféadfadh Harry a scíth a ligean i Leitir Fraic agus i Rinn Mhaoile anois agus arís ach nach bhfuil sé de thriail aige sin a dhéanamh anois. Ach bheadh súil aige go dtabharfadh sé cuairt anall amach anseo.

Tuige nár thriail údaráis sacair na hÉireann greim a fháil ar Harry Kane? (Cuir san áireamh freisin go mba as contae Luimnigh cuid eile dá mhuintir). Nuair a labhair mé lena athair – Patrick – cúpla bliain ó shin dúirt sé gur fhág lucht sacair na hÉireann rómhall é agus go raibh dream Shasana i bhfad níos sciobtha ag déanamh a gcuid socruithe. Caithfear cuimhneamh, ar ndóigh, go raibh Harry Kane ag imirt do chumann Tottenham Hotspur ó bhí sé dhá bhliain déag d’aois agus go raibh sé ar fhoirne óga Shasana in imeacht na mblianta.
Ceann de na scéalta ab iontaí atá ag dul thart fós ná nár thuig údaráis sacair na tíre seo go raibh ceangal idir Kane agus Éirinn. Más fíor, is cosúil nach ndearna siad aon cheangal idir an sloinne sin agus an tír seo. Ar ndóigh, scaití déantar an litriú Keane ar an sloinne agus scaití eile Kane. ’Sé an dara leagan atá acu i gcás Rinn Mhaoile ach, bhuel, is Cathánaigh uilig iad! Pé ar bith rud a bhí ar bun, is léir nach raibh údaráis sacair na hÉireann ar na maidí, ach, ar ndóigh, níl aon chinnteacht ann go dtiocfadh Harry Kane le hÉirinn i ndeireadh na dála agus is scéal thairis anois é.

Shocraigh Cumann Tottenham Hotspur conradh nua leis le gairid. Beagnach €250,000 sa tseachtain atá aige anois; tá ‘Little Harry’ saibhir agus é ar an stáitse peile is mó sa domhan as seo go ceann míosa. Pé ar bith teannadh a chuirfidh lucht leanta Tottenham Hotspur leis an amhrán ‘He is one of our own’ – ní athróidh sé an ginealas; tá mianach Chonamara go smior i bhfear na ‘bróige órga’ – an Cathánach a chuaigh amú orainn.

Fág freagra ar '‘He is one of our own’ – tá mianach Chonamara go smior i Harry Kane, captaen Shasana…'

  • An Teanga Bheo

    Nach ainm an mhinic é Kane is Catháin siar an bealach sin a Mháirtin, slán go raibh sibh ar fád.
    Slíocht maith iad uilig.

  • Brian-less

    Harry Kane – Hurricane Kane. Síol de na Cathánaigh a díbríodh as Doire i rith plandála an tuaiscirt?