Harry agus Meghan istigh ar na jabanna ar an mBlascaod Mór

ASNC: Tuigtear go bhfuil spéis á cur ag Meghan i dtraidisiún litríochta an oileáin

Harry agus Meghan istigh ar na jabanna ar an mBlascaod Mór

Tuigtear do Ar Son na Cúise go bhfuil Diúc agus Bandiúc Sussex Shasana, Harry agus Meghan, i measc an 24,000 duine a bhfuil a n-iarratais ar fhostaíocht ar an mBlascaod Mór á scagadh faoi láthair.

Tá beirt á lorg chun dul i bhfeighil an chaifé agus an lóistín ar an oileán cáiliúil.

Beirt gur cuma leo a bheith scartha amach ón ngnáthshaol agus ón bpobal atá ag teastáil agus meastar go seasfaidh taithí na lánúine óige sa chúram deireanach a bhí orthu leo.

Tuigtear go santaíonn Diúc agus Bandiúc Sussex Shasana saol an oileáin, go háirithe mar go bhfuil sos uathu ón bpaparazzi agus nach mbeadh ag cur isteach orthu ar an mBlascaod ach cleas na ‘notebooks’ ar beag a spéis i mBéarlóirí agus corrthurasóir cultúir a bhíonn ag iarraidh teacht ar a intinn féin agus a chló ceart.

Tuigtear chomh maith go bhfuil spéis á cur ag Meghan i dtraidisiún litríochta an oileáin agus fonn uirthi féin dul i mbun peannaireachta agus a cuid smaointe faoin saol a roinnt.

Machnamh Seanlady agus A Thigh Windsor ná Tit Orm na teidil oibre atá ar an saothar atá beartaithe aici agus de réir tuairisce ó Thigh Chéin ar an mBuailtín, tá a hainm cláraithe cheana fhéin aici do chúrsa Gaoluinne leis an gcomharchumann.

De réir tuairiscí eile tá cúpla lá caite cheana ag an lánúin agus a mac óg ar an oileán agus deirtear gur thaitin sé an-mhór leo.

“Ba mhinic gaigí ag imeacht le haer an tsaoil ar an oileán céanna ach ní haon dóithíní mo bheirt. Bhíos ar an oileán mé fhéin nuair a bhíodar ann agus cé a bhí i mo choinne agus ruaill á thabhairt agam ar an dtráigh ach an bandiúc féin agus dorn maith bairneach aici.

“Is iomdha rud a chífir ná facais má tá aon tsaol agat. Ní haon leithéisí mná í siúd,” a dúirt jaingléir amháin agus é faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas.

Dúirt an jaingléir gur bhuail sé chomh maith le Harry “agus é chomh sásta le diúc agus lán na naomhóige d’eascúin aige”.

“An lá arna mhárach, bhaineadar beirt an seó feamnaí. Bhaineadar súp as ach deirtear gur chruaidh cealgánta an saol a bhí acu roimhe seo,” arsa an jaingléir le Helen Ní Shé, Comhfhreagraí Ghnóthaí Theaghlach Ríoga Shasana nuacheaptha RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Comhfhreagraí Ghnóthaí Theaghlach Ríoga Shasana féin le Ar Son na Cúise go raibh “Rí agus Taoiseach tráth ar na Blascaodaí, agus gur dheas na huaisle a fheiscint arís ann”.

Chonacthas Seán Mac an tSíthigh tráthnóna ar Ché Dhún Chaoin agus é cromtha faoi ualach na gceamaraí agus na lionsaí fada a bhí á n-iompar aige.

Fág freagra ar 'Harry agus Meghan istigh ar na jabanna ar an mBlascaod Mór'

  • An Teanga Bheo

    Meastú bhfuil Gaeilge acu tae brand Sussex le díol ?

  • Pol o Grifin

    “Thall is abhus” ainm an tae so in onoir dibh so a bheith ag obair go dian amuigh de lo is d’oiche. Is tae e seo a bheadh an oiriunach do la sa portach no la faoin duath agus e mar pick me up don saol cruaidh ata roghnaithe ag an lanun rioga seo.

  • Dieu et mon droit

    “Ar son Pheige agus comhphobail na cosmhuintire”..

  • Gene Draper

    Ta an chart agat, go bhfuil said abalta cupan tae a ol nuair mbion said at an toilan.