Gradam Ghlór na nGael le bronnadh ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh

Bronnfaidh an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn Gradam Ghlór na nGael ar mhuintir Mhic Géidigh ag seamanas i dTeach Carton i Maigh Nuad níos deireanaí sa bhliain

Gradam Ghlór na nGael le bronnadh ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh

Tá gradam le bronnadh ag Glór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh, an craoltóir agus tráchtaire spóirt aitheanta a bhásaigh go tobann an samhradh seo caite, in ómós an fhir agus in ómós na hoibre a rinne sé ar choiste na heagraíochta i nGort an Choirce.

Fógraíodh ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbronnfadh an tUachtarán Mícheál D Ó hUigínn Gradam Ghlór na nGael ar mhuintir Mhic Géidigh ag searmanas bronnta Ghradaim Ghlór na nGael i dTeach Carton i Maigh Nuad ar an 22 Aibreán. Bronntar Gradam Ghlór na nGael ar dhaoine, ar ghrúpaí agus ar eagrais a bhfuil “éacht” déanta acu don phobal nó ar son na Gaeilge.

“Mar atá a fhios ag an bpobal, craoltóir cumasach, ildánach agus sárthráchtaire spóirt ab ea Séamus, agus fear é a bhí sáite i gcúrsaí pobail. Bhí sé thar a bheith gníomhach i gcoiste Ghlór na nGael Ghort an Choirce, agus is mór an onóir dúinne an gradam seo a bhronnadh ar chlann Shéamuis ina onóir,” a dúirt Nóra Welby, Oifigeach Forbartha agus Bainisteoir na gComórtas ag Glór na nGael.

Bhásaigh Mac Géidigh, a bhí ina Bhainisteoir Réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sa stiúideo sna Doirí Beaga i nGaeltacht Thír Chonaill, mí Iúil seo caite agus é 54 bliain d’aois. Ba as an Ailt, An Ardaí Bheag, Gort an Choirce i nDún na nGall dó agus bhí ardmheas air ar fud an chontae sin, ar fud na Gaeltachta agus ar fud na tíre mar fhear uasal, mar chraoltóir cumasach díograiseach ildánach agus mar shárthráchtaire spóirt.

Ghabh Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, buíochas le Glór na nGael, thar ceann an stáisiúin, as smaoineamh ar a comhghleacaí agus an gradam á bhronnadh i mbliana.

“Léiríonn sé an meas agus an méid ómóis a bhí agus atá agaibh don obair a rinne Séamus.  Bheadh sé iontach bródúil as an aitheantas seo ó cheann de mhóreagraíochtaí Gaeilge na tíre,

“Tá’s agam go bhfuil lúcháir ar theaghlach Shéamuis go bhfuiltear ag cuimhneamh air ar an bhealach seo,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Chuireáin gur chreid Séamus go láidir in obair Ghlór na nGael, agus an tábhacht a bhain léi.

Bronnfar gradaim eile Ghlór na nGael i dTeach Carton i Maigh Nuad an oíche chéanna. Fógraíodh duaischiste suas le €79,000 ar maidin agus roinnfear na duaiseanna sin ar choistí pobail Gaeilge ar fud na tíre, chomh maith le clubanna CLG.

Beidh Glór Cheatharlach, Cumann Forbartha Chois Fharraige, Glór na Móna, Béal Feirste, agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, san iomaíocht don duais €20,000.

Bronntar na duaiseanna mar aitheantas ar an obair dheonach atá ar siúl i measc an phobail ag na coistí agus eagraíochtaí éagsúla. Is é CLG Na Piarsaigh, i Ros Muc i gConamara a bhuaigh an phríomhdhuais sa chomórtas do chlubanna CLG.