Gradam an Réalta Ghoirm bronnta ag an Aire Dara Murphy ar Ghaelscoil Uí Dhrisceoil

Bhí an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha i nGaelscoil Uí Dhrisceoil i nGleann Maghair i gCorcaigh inniu chun seoladh a dhéanamh ar chlár le haghaidh bunscoileanna a bhfuil sé mar aidhm aige cabhrú le daltaí scoile eolas níos fearr a chur ar chúrsaí na hEorpa

Blue Star Gaelscoil Uí Drisceoil Nov 15

Bhronn an tAire Gnóthaí Eorpacha, Dara Murphy, gradam an Réalta Ghoirm níos luaithe inniu ar Ghaelscoil Uí Dhrisceoil i nGleann Maghair i gCorcaigh.

Clár le haghaidh bunscoileanna is ea Clár an Réalta Ghoirm agus is é an aidhm atá leis ná cabhrú le daltaí scoile eolas níos fearr a chur ar chúrsaí na hEorpa agus ar an Aontas Eorpach.

Bhronn an tAire Murphy gradam an Réalta Ghoirm ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Gaelscoil Uí Dhrisceoil toisc gur ghlac siad páirt sa chlár anuraidh. Lena chois sin, tá deich mbliana ar an bhfód á gceiliúradh ag an nGaelscoil faoi láthair.

Ag caint dó ag an seoladh, dúirt an tAire Murphy gur mhór an onóir dó an duais a bhronnadh ar dhaltaí Ghaelscoil Uí Dhrisceoil:

“Tá ríméad orm an duais seo a bhronnadh ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí Ghaelscoil Uí Drisceoil i nGleann Maghair inniu chun comóradh deich mbliana na scoile a cheiliúradh. Bhí de phléisiúr agam cuairt a thabhairt ar an scoil anuraidh chun Clár an Réalta Ghoirm a leáinseáil, tráth a raibh na daltaí ar tí páirt a ghlacadh ann den chéad uair.

“Is iontach a bheith ar ais agus an obair ar fad atá déanta ag na daltaí idir an dá linn a fheiceáil. Is iontach, leis, iad a chloisteáil ag caint faoin Eoraip agus an Réalta Gorm a bhronnadh orthu. Comhghairdeachas leis na daltaí agus na múinteoirí as an ngaisce seo a dhéanamh sa deichiú bliain acu ar an bhfód,” a dúirt an tAire Murphy.

Fág freagra ar 'Gradam an Réalta Ghoirm bronnta ag an Aire Dara Murphy ar Ghaelscoil Uí Dhrisceoil'