Gradaim pheile bronnta ar cheathrar Gaeltachta as a gcuid gaiscí i gCraobh na hÉireann

Roghnaíodh Dónal Ó Fátharta ón Spidéal mar ‘Bhainisteoir na Bliana’ i ndiaidh dó Craobh faoi 20 na hÉireann a bhuachan le Gaillimh

Gradaim pheile bronnta ar cheathrar Gaeltachta as a gcuid gaiscí i gCraobh na hÉireann

Tugadh aitheantas speisialta do thriúr peileadóirí agus bainisteoir as Gaeltacht na Gaillimhe, Chiarraí agus Dhún na nGall inné.

Fógraíodh go raibh gradaim buaite ag Paul Kelly ó Mhaigh Cuilinn i nGaeltacht Chonamara, ag Ruaidhrí Ó Beaglaoich as an gCarraig i bParóiste na Cille i gCorca Dhuibhne agus ag Aaron Doherty ó chumann Naomh Columba i dTír Chonaill as na taispeántais a thug siad i gCraobh Faoi 20 Peile na hÉireann anuraidh.

Roghnaíodh Dónal Ó Fátharta ón Spidéal mar ‘Bhainisteoir na Bliana’. Bhí fear an Spidéil i gceannas ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh faoi 20 na hÉireann mí na Nollag.

Bhí Kelly ina leatosaí ar an bhfoireann sin a bhuaigh ar Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais. Bhí sé ar dhuine de sheisear ar fhoireann na Gaillimhe a ainmníodh i gcomhair na ngradam inniu, i dteannta Conor Flaherty, Jack Glynn, Conor Rafterty, Matthew Tierney agus Tomo Culhane.

Is é Jack Glynn, captaen na Gaillimhe, a roghnaíodh mar ‘Imreoir na Bliana’ tar éis dó sárthaispeántas a thabhairt sa chluiche ceannais.

Bhuaigh Gaillimh ar Chiarraí i gcluiche leathcheannais na hÉireann agus bhain triúr ar fhoireann na Ríochta gradaim amach – Seán O’Brien, Dan McCarthy agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich.

Fuair fear na Gaeltachta ardmholadh as a thaispeántas i gcluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí nuair a d’aimsigh sé cúig chúilín. Scóráil sé cúl in aghaidh na Gaillimhe chomh maith ach chuir seaimpíní Chonnacht de dhroim seoil iad sa bhabhta leathcheannais.

Bhí Aaron Doherty ar an bhfoireann as Dún na nGall a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Uladh in 2020. D’aimsigh an tosach óg, a bhfuil cáil bainte amach aige mar imreoir sacair freisin, trí chúilín i gcluiche ceannais an chúige ach theip ar na Conallaigh Tír Eoghain a shárú.

Bhí Dónal Ó Fátharta ina chéad bhliain mar bhainisteoir ar fhoireann Faoi 20 na Gaillimhe. Bhí sé i gceannas ar fhoirne mionúir an chontae a chaill cluiche ceannais na hÉireann in 2018 agus 2019 ach bhí cúis cheiliúrtha aige agus ag cuid mhaith de na himreoirí sin nuair a bhuaigh siad caobh na hÉireann faoi dheireadh in 2020.

Chuir paindéim an Covid-19 isteach go mór ar an gcomórtas faoi 20 anuraidh. Bhí cluichí ceannais na gcúigí imeartha nuair a cuireadh stop leis an gcomórtas mí an Mhárta ach bhí fanacht seacht mí ann sular imríodh na cluichí leathcheannais. Imríodh cluiche ceannais na hÉireann faoi dheireadh seachtain roimh an Nollaig.

Ceathrar ó fhoireann Bhaile Átha Cliath a fuair gradaim inniu chomh maith le ceathrar as Tír Eoghain, imreoir amháin as Corcaigh agus imreoir amháin as Laois.

Gradaim EirGrid Faoi 20
Conor Flaherty (Gaillimh)
Jack Glynn (Gaillimh)
Conor Raftery (Gaillimh)
Paul Kelly (Gaillimh)
Matthew Tierney (Gaillimh)
Tomo Culhane (Gaillimh)
Lee Gannon (Baile Átha Cliath)
Mark Lavin (Baile Átha Cliath)
Lorcan O’Dell (Baile Átha Cliath)
Ciaran Archer (Baile Átha Cliath)
Darragh Canavan (Tír Eoghain)
Cormac Munroe (Tír Eoghain)
Ethan Jordan (Tír Eoghain)
Tiernan Quinn (Tír Eoghain)
Sean O’Brien (Ciarraí)
Dan McCarthy (Ciarraí)
Ruaidhrí Ó Beaglaoich (Ciarraí)
Blake Murphy (Corcaigh)
Aaron Doherty (Dún na nGall)
Ronan Coffey (Laois)

Fág freagra ar 'Gradaim pheile bronnta ar cheathrar Gaeltachta as a gcuid gaiscí i gCraobh na hÉireann'