Gradaim Chumarsáide 2016 bronnta ag Uachtarán na hÉireann

"Gníomh réabhlóideach" a thug an tUachtarán ar bhunú TG4 scór blianta ó shin agus é ag bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais don bhliain 2016

Gradaim16-0327
An tUachtarán ag bronnadh Gradam Craoltóir raidió na bliana ar Rónán Mac Aodh Bhuí, Raidió na Gaeltachta

 

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais don bhliain 2016 ar bhuaiteoirí éagsúla ag ócáid in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh.

Ar TG4, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód i mbliana, a bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais agus dúirt an tUachtarán Ó hUiginn gur “ghníomh réabhlóideach” a bhí ann nuair a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh Oíche Shamhna i 1996.

Bronnadh 11 gradam ar fad le linn na hoíche.

Ar Stiofán Ó Fearail (Seo Linn) a bronnadh an gradam ‘Réalta Óg na Bliana’. Bhí seisear san iomaíocht don ghradam seo agus ba ar vótaí an phobail a roghnaíodh an buaiteoir.

Seo a leanas na buaiteoirí eile i rannóga éagsúla an chomórtais:

Sraith teilifíse na bliana: EIPIC (Magamedia)

Scannán/clár teilifíse na bliana: Deoch an Dorais (Magamedia)

Craoltóir teilifíse na bliana: Síle Nic Chonaonaigh (Dúiche – TG4)

Aisteoir na bliana: Tara Breathnach (Máthair: Maidhm)

Sraith raidió na bliana: Bláthnaid Libh (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Craoltóir raidió na bliana: Rónán Mac Aodha Bhuí (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

Colúnaí/iriseoir na bliana: Alan Titley (Crobhingne, Irish Times)

Láithreán greásáin na bliana: tg4.ie

Réalta óg na bliana: Stiofán Ó Fearail (Seo Linn / Cleas Act TG4)

Gradam na nGearrscannán 2016: Snámh In Aghaidh Easa (Fíbín)

Agus é a tréaslú le buaiteoirí na ngradam dúirt an tUachtarán Ó hUiginn go raibh sé tábhachtach “éachtaí, sár-iarrachtaí agus ardchaighdeán saothair a aithint i ngach gné dár saol”. Ní hamháin go dtugann na gradaim “ardú meanman agus spreagadh do na buaiteoirí” ach ardaíonn sé an caighdeán i gcoitinne, a dúirt sé.

Dúirt an tUachtarán go raibh an cine daonna ag brath go hiomlán ar chumarsáid, ó bhéal, i scríbhinn nó i bhformáidí eile ar an mbealach céanna is a bhraitear ar ocsaigin, uisce agus beatha chun maireachtáil. Dúirt sé go raibh “ról criticiúil” ag cúrsaí cumarsáide i gcás teangacha freisin, go háirithe iad siúd atá faoi bhrú ag teangacha domhanda.

Ag tagairt do Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais a bronnadh ar TG4 i mbliana, dúirt an tUachtarán Ó hUiginn gur “ghníomh réabhlóideach” a bhí ann nuair a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh Oíche Shamhna i 1996 agus go raibh sé ar cheann de na nithe ba tábhachtaí a tharla, “ní hamháin ó thaobh na Gaeilge di, ach ó thaobh na craoltóireachta freisin” le linn dó féin a bheith ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta.

Thagair an tUachtarán ina aitheasc freisin don dlúthcheangal idir an tOireachtas agus comóradh 1916 agus dúirt go raibh an Piarsach ina Rúnaí an Oireachtais agus gur bhuaigh Éamonn Ceannt bonn óir ag an bhféile. Mheabhraigh sé don slua in Óstán Bhóthar na Trá go raibh cúigear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta gníomhach le Conradh na Gaeilge – Pádraig Mac Piarais, Éamonn Ceannt, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad.

Fág freagra ar 'Gradaim Chumarsáide 2016 bronnta ag Uachtarán na hÉireann'

  • Colmán

    Dia ár sabháil, caithfidh sé go bhfuil na meáin chumarsáide iontach láidir i nGaillimh. 6 dhuais as 10 gcinn ag gabháil chuig Gaillimh!

  • Concubhar

    Is ait sin, cinnte!