Go n-éirí leo! Zorte ona! – Tús curtha le Korrika 2015 i dTír na mBascach

Gach bliain téann na céadta míle ag rith ar son na Bascaise. Ollghluaiseacht phoiblí ar son na Bascaise atá i gceist le Korrika a deir ár gcolúnaí atá ag cur faoi i dTír na mBascach

korrika-11

Agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge tagtha chun críche, is cuí gur cuireadh tús inné le Korrika 2015, mórimeacht i dTír na mBascach chun a dteanga féin a scaipeadh agus chun feasacht a spreagadh ina leith.

Séard is brí leis an bhfocal Bascaise korrika ná ‘rith’ nó ‘rás’ agus is é sin go díreach atá i gceist le Korrika. Rás coise, a eagraítear ar bhonn débhliantúil in Euskal Herria, agus a imíonn ar chamchuairt ar fud an cheantair Bhascaigh. Bíonn cúrsa éagsúil ag gach Korrika ach i gcónaí déantar iarracht go rachadh an rás chuig lear mór de chúigí stairiúla Thír na mBascach. I mbliana, cuirfear tús leis an rás in Urepele na Fraince, ceantar atá lonnaithe in Ipparalde (an t-ainm a thugtar ar na cúigí Bascaise – Lapurdi, Nafarroa Beherea agus Zuberoa – in iardheisceart na Fraince). Críochnóidh rás na bliana seo i gcathair Bilbao ar an 29 Márta i ndiaidh aon lá dhéag taistil, de lá agus oíche, trí Thír na mBascach. Tá cúrsa na bliana seo os cionn 2,000km ar fad.

Is é seo an naoú Korrika déag ó cuireadh tús leis an rás sa bhliain 1980 agus meastar go bhfuil na céadta míle duine tar éis páirt a ghlacadh sna rásaí go dtí seo. Dar le lucht eagraithe an reatha, tagann borradh faoi líon na reathaithe bliain i ndiaidh bliana.

Is í an eagraíocht AEK (Alfabetatze Euskalduntze Koordinakundea) atá i gceannas ar imeachtaí Korrika. Tá AEK tiomanta do chúis na Bascaise agus is iad na príomhaidhmeanna atá acu ná ‘athghabháil na Bascaise’ agus ‘reeuskaldunización (ath-Bhascú) Thír na mBascach’ tríd an teanga a mhúineadh sna hionaid foghlama agus scoileanna oíche atá lonnaithe acu ar fud na tíre. Is í ceann d’aidhmeanna Korrika ná airgead a bhailiú don eagraíocht seo chun a cuid oibre a mhaoiniú. Bailítear an t-airgead seo trí ciliméadair an chúrsa ‘a dhíol’ le daoine nó le grúpaí éagsúla. Le linn an chiliméadair atá ceannaithe ag duine, is iadsan a bheas ar cheann an rása ag crochadh an bhata agus bratach Thír na mBascach a iompraítear ó áit go háit le linn an reatha. Coinnítear teachtaireacht rúnda laistigh den bhata a léitear ag ceann scríbe an chúrsa.

Chomh maith leis sin, bíonn mana faoi leith ag gach Korrika chun téama an rása sin a léiriú. I mbliana is é Euskahaldun! an mana a roghnaíodh. Focal nuachumtha go speisialta d’imeachtaí na bliana seo atá ann agus is meascán de dhá fhocal é; euskaldun, a chiallaíonn cainteoir Bascaise, agus ahal, a chiallaíonn cumas nó cumhacht. Séard atá lucht eagraithe Korrika a chur in iúl le mana na bliana seo ná go bhfuil sé ar chumas gach duine an Bhascais a fhoghlaim agus a úsáid agus go bhfuil cumhacht na teanga i seilbh na ndaoine. Is féidir an mana seo a fheiceáil ar fud na cathrach anseo in Bilbao faoi láthair, ar phóstaeir, sna meáin chumarsáide agus ar gheansaithe agus léinte mhuintir na háite.

Le linn an rása eagraítear imeachtaí cultúrtha agus ceolchoirmeacha agus ag deireadh an chúrsa bíonn ceiliúradh mór ann nuair a léitear os ard an teachtaireacht rúnda a iompraíodh sa bhata ar feadh an rása. Bíonn spraoi agus siamsa i gceist le himeachtaí an rása ar feadh an chúrsa agus tugtar deis don phobal an Bhascais a cheiliúradh. De réir lucht eagraithe Korrika, is léiriú soiléir é an rás agus na himeachtaí cultúrtha a ghabhann leis ar thacaíocht an phobail do chúis na Bascaise agus an toil atá acu í a láidriú agus a chur chun cinn i dTír na mBascach. Is deacair é seo a shéanadh. Idir na reathaithe féin, na coistí eagraithe agus pleanála, lucht tacaíochta an rása ar thaobh an bhóthair agus iad siúd a ghlacann páirt sna himeachtaí cultúrtha, is cinnte gur ollghluaiseacht phoiblí ar son na Bascaise atá i gceist le Korrika.

Spreag rath Korrika rásaí eile den chineál seo ar son mionteangacha eile sa Chatalóin, sa Ghailís, sa Bhriotáin agus sa Bhreatain Bheag. Dar ndóigh, bhí rás ar son na Gaeilge chomh maith, Rith, a eagraíodh le linn Sheachtain na Gaeilge 2014.

Meastar go nglacfaidh na céadta míle duine páirt i Korrika arís i mbliana agus is cosúil go bhfuil an rás agus na haidhmeanna atá aige ag dul i neart i gcónaí. Go n-éirí leo! Zorte ona!

Fág freagra ar 'Go n-éirí leo! Zorte ona! – Tús curtha le Korrika 2015 i dTír na mBascach'