GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Lucht féachana ag tnúth go mór le filleadh Ros na Rún ar TG4

Beidh séasúr a 24 den sobaldráma tuaithe ag tosú arís ar TG4 ar an Mháirt 3 Meán Fómhair

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Lucht féachana ag tnúth go mór le filleadh Ros na Rún ar TG4

Is é Ros na Rún an t-aon sobaldráma tuaithe teilifíse Éireannach, agus beidh sé ag filleadh ar TG4 ar an Mháirt 3 Meán Fómhair ag 8.30 pm, agus an lucht féachana ag tnúth go mór lena bhfuil i ndán do dheirfiúracha Uí Dhálaigh agus do Mhack. An mbeidh Katy in ann a chur ina luí ar a hathair, John Joe, nach bhfuil sí as a meabhair, agus gurb í a deirfiúr Dee atá á rialú go comhéigneach le díoltas a fháil? Idir an dá linn, tá atharthacht Jay idir dhá cheann na meá. Beidh an lucht féachana ag faire go géar ar an mbealach a ndéileálfaidh Mack le cúrsaí agus ar gach a ndéanfaidh sé an séasúr seo.  Tá muintir Dhálaigh á sracadh as a chéile agus John Joe ag éirí níos truacánta de bharr an drochbhail atá ar a chuid iníonacha.

Tugann Ros na Rún léiriú ar fhíricí an tsaoil faoin tuath in Éirinn, gan aon seachaint a dhéanamh riamh ar na dúshláin atá roimh an bpobal agus is amhlaidh an cás an séasúr seo chomh maith. Andúil eile inár sochaí is ea an brú airgid a bhaineann le siopadóireacht ar líne, agus beidh sé sin le feiceáil an séasúr seo le cuid de charachtair mhóra Ros na Rún. Beidh cuid de na carachtair ag iarradh a bheith ina dtuismitheoirí an séasúr seo; meas tú cé hiad? Beidh seancharachtair ag filleadh ar an mbaile beag agus fonn millteach díoltais orthu, rud a chuirfeas póca agus beatha Thaidhg i mbaol. Beidh roinnt carachtar nua le feiceáil den chéad uair ar an seó, rud a thabharfaidh deiseanna nua do chuid mhór de na carachtair atá ansin le tamall, Bobbi Lee ghrámhar ina measc.

Chomh maith le Andy a fheiceáil os comhair na cúirte feicfidh an lucht féachana Bernie agus John Joe ag sracadh lena gcoinsias chun an rud ceart a dhéanamh dá dteaghlaigh. Ní bheidh Frances saor ón gcrá croí an séasúr seo agus ní hé Tadhg amháin a bheidh á crá, ach beidh Malachi lách léi ar feadh tamaillín! Beidh an grá, an rómánsaíocht, an fhearg, na drochbhearta agus an díoltas i lár an tsaoil an séasúr seo ach beidh gáire, greann agus íoróin go leor fite fuaite sna scéalta.

Katy Daly le Dee
Katy Daly (Brídín Ní Mhaoldomhnaigh) le Dee (Máirín de Buitléir)

Tá seanbhithiúnach agus rógaire Ros na Rún, Tadhg Ó Direáin, i mbun a chuid feille agus a chuid cneámhaireachta mar is iondúil agus é ag tabhairt faoi Phádraig Tigh Gaudi. Léireoidh sé a chuid dílseachta arís eile do lucht féachana Ros na Rún; an mbogfaidh Tadhg ar mhaithe le Katy nó an mbreathnóidh sé amach dó féin? An mbainfidh Pádraig díoltas amach; tá an baile beag ar bís ag súil leis an iomaíocht fhíochmhar faoi shealúchas.

Beidh an grá agus an briseadh croí fós lárnach i Ros na Rún, mar a bhíonn sna sobaldrámaí maithe go léir. Beidh ceisteanna á gcur faoi chaidrimh, cúrsaí grá agus gach a bhfuil i ndán dóibh, go háirithe i gcás Ghráinne agus David a mbeidh dúshlán eile rompu an séasúr seo. Caithfidh Berni agus Brian aghaidh a thabhairt ar a ndeacrachtaí féin ach an éireoidh leis an mealladh? An mbeidh Brian in ann a rún a cheilt, nó an bhfuil sé i ngreim?

Beidh a dóthain fhéin den fhealladh roimh Chaitríona ghaisciúil agus í ag iarradh a bheith ina tionchaire mór le rá. Íocfaidh sí go daor as a glóir mar thionchaire, agus b’fhéidir gur gearr a mhairfeadh sé mar gheall ar impleachtaí airgeadais di féin agus do Vince. Cén chaoi a dtiocfaidh siad slán as an mbeart is deireanaí seo atá ag Caitríona ar mhaithe léi féin?

Do shéasúr 24, tá léiritheoir sraithe nua ag Ros na Rún, Marion Ní Loinsigh, agus í ag dul ar an stiúir don sobaldráma rathúil Gaeilge seo atá lonnaithe faoin tuath. “Is breá liom a bheith ar ais ar an seit i Ros na Rún tar éis a bheith ag plé le Léiriúcháin Theilifíse Éireannacha eile,” a deir Ní Loingsigh. “Is é Ros na Rún an Léiriúchán Neamhspleách Teilifíse is mó taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, tá foireann aisteoirí agus criú den scoth ann agus an teicneolaíocht is nua-aimseartha ar fad don léiriúchán teilifíse, mar aon le snáitheanna scéil atá fuinniúil agus macánta, mar sin tá ríméad orm an deis seo a bheith agam.” Deir Marion go mbeidh “a lán carachtar nua” ann an séasúr seo agus go mbeidh scéalta sa sobaldráma a bheidh “an-chorraitheach agus dúshlánach, rud a chuirfidh sceitimíní ar an lucht éisteachta dílis atá againn, sa bhaile agus thar lear araon”.

Craoltar Ros na Rún ar TG4 gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30 pm agus craoltar ollchlár gach Domhnach ag 7.30 pm.

Chun breis eolais a fháil, logáil isteach ar www.rosnarun.com nó lean Ros na Rún ar Facebook, Instagram agus Twitter. 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Lucht féachana ag tnúth go mór le filleadh Ros na Rún ar TG4'